An tAcht um an Dara Leasú ar an mBunreacht, 1941

Luadh.

2.—(1) An Dara Leasú ar an mBunreacht do bhéarfar ar na leasuithe uile le chéile a deintear ar an mBunreacht leis an Acht so agus is cead, chun gach críche, an ainm sin do ghairm de sna leasuithe sin le chéile, agus is cead, chun crícheanna aitheantais, tagairt d'aon leasú áirithe aca tríd an uimhir do luadh atá sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an luaidhte deintear ar an leasú san sna colúin eile den Sceideal san.

(2) Féadfar an tAcht um an Dara Leasú ar an mBunreacht, 1941. do ghairm den Acht so.