An tAcht um an Dara Leasú ar an mBunreacht, 1941

Na leasuithe sa Sceideal d'achtú.

1.—Na leasuithe uile agus fé seach, ar théacs Ghaedhilge an Bhunreachta agus ar théacs Bhéarla an Bhunreachta fé seach, a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tiocfaid láithreach chun bheith agus beid éifeachtúil ar an Acht so do rith agus, chuige sin, beidh gach Airteagal den Bhunreacht a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san leasuithe ansan—

(a) maidir le n-a théacs Gaedhilge, ar an modh adeirtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne an luaidhte, no gach cinn fé leith de sna luaidhte uile, deintear ar an Airteagal sa dara colún san, agus

(b) maidir le n-a théacs Béarla, ar an modh adeirtear sa cheathrú colún den Sceideal san os coinne an luaidhte, no gach cinn fé leith de sna luaidhte uile, deintear ar an Airteagal sa dara colún san.