An tAcht na dTithe (Gaeltacht) 1929

Deontaisí i gcóir tithe comhnaithe.

3.—(1) Má sé tuairim an Aire tigh comhnaithe sa Ghaeltacht do bheith neamh-oiriúnach ar fad chun cóiríocht cheart shláintiúil do thabhairt dá shealbhaire agus dá chúram san féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire fé, deontas (dá ngairmtear deontas tógála san Acht so) do dheona do shealbhaire an tighe chomhnaithe sin mar chabhair chun tigh nua comhnaithe do chur suas ar ionad an tighe chomhnaithe sin, no ar ionad eile, in áit an chéad tighe chomhnaithe sin a luaidhtear.

(2) Má sé tuairim an Aire tigh comhnaithe sa Ghaeltacht do bheith neamh-oiriúnach, ar an staid ar a bhfuil sé, chun cóiríocht cheart shláintiúil do thabhairt dá shealbhaire agus dá chúram san, agus san mar gheall ar a laighead, no toisc cóiríocht shláinte, aer, solus, no cóir eile do bheith in easnamh ann no ar aon réasún eile, agus gur deimhin leis an Aire go bhfuil an tigh comhnaithe ar a leithéid sin de staid gur fiú dul fé chostas a fheabhsuithe, féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire fé, deontas (dá ngairmtear deontas feabhsúcháin san Acht so) do dheona do shealbhaire an tighe chomhnaithe sin mar chabhair chun an tigh comhnaithe sin do chur i bhfeabhas no i méid.