I.R. Uimh. 312/2022 - An tOrdú Um Acht Na Dteangacha Oifigiúla, 2003 (An Lá Bunaithe), 2022
Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 1 Iúil, 2022, á rá go ndearnadh an | ||
Ionstraim Reachtúil seo. | ||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 18A(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Uimh. 32 de 2003) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus leis an Ordú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 (I.R. 547 de 2020), ordaímse, Seán Mac Ambróis, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo mar a leanas: | ||
1. Féadfar An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (An Lá Bunaithe), 2022 a ghairm den Ordú seo. | ||
2. Ceaptar an 20ú lá de Mheitheamh, 2022 mar an lá bunaithe chun críocha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Uimh. 32 de 2003) . | ||
ARNA THABHAIRT faoi mo láimh, | ||
20 Meitheamh, 2022. | ||
JACK CHAMBERS, | ||
Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.. |