Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Úsáid na dteangacha oifigiúla ag comhlachtaí poiblí.

11.—(1) D'fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát, féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn chuig ceann comhlachta phoiblí, a cheangal ar an gcomhlacht poiblí dréacht-scéim a ullmhú agus a thíolacadh dó nó di lena daingniú laistigh de cibé tréimhse ama (nach faide ná 6 mhí ó dháta eisithe an fhógra) a bheidh sonraithe san fhógra, ar dréacht-scéim í ina sonrófar—

(a) na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht poiblí a sholáthar—

(i) trí mheán na Gaeilge amháin,

(ii) trí mheán an Bhéarla amháin, agus

(iii) trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon,

agus

(b) na bearta a bheartaíonn an comhlacht a ghlacadh chun a chinntiú go ndéanfar aon seirbhísí nach soláthraíonn an comhlacht trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh.

(2) (a) Sonrófar i ndréacht-scéim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) na modhanna cumarsáide atá le soláthar sa Ghaeilge amháin, sa Bhéarla amháin agus sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon.

(b) San alt seo, ciallaíonn “modhanna cumarsáide” na modhanna cumarsáide idir an comhlacht lena mbaineann agus an pobal i gcoitinne nó grúpaí nó daoine ar leithligh den phobal i ndáil leis na seirbhísí lena mbaineann, i ndáil le soláthar na seirbhísí agus i ndáil le faisnéis a bhaineann leis na seirbhísí nó leis an soláthar sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a ordú do chomhlacht poiblí, i ndáil leis na seirbhísí sin dá chuid a sheachadtar trí mheán an Bhéarla amháin, plean a tharraingt suas chun na seirbhísí sin a sheachadadh trí mheán na Gaeilge chomh maith, mar aon le meastachán a thabhairt ar an tréimhse ama is gá chun an plean a chur i ngníomh.

(4) Beidh cóip de na treoirlínte reatha arna n-eisiúint ag an Aire faoi alt 12 ag gabháil le fógra faoi fho-alt (1).

(5) Féadfar fógraí éagsúla a thabhairt do cheann comhlachta phoiblí faoin alt seo i leith seirbhísí éagsúla.