I.R. Uimh. 219/1985 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1985.


De bhun na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949) agus leis an Ordú Staidrimh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 1983 (I.R. Uimh. 13 de 1983) ordaímse, SEÁN Ó BAIRÉAD, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis seo, mar a leanas:—

1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1985, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le gnóthais atá ag gabháil d'obair fhoirgníochta agus thógála lena n-áirítear mórbhealaí, séaracht, draenáil agus oibreacha eile den chineál céanna.

4. Baileofar sa bhliain 1985 staidreamh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo), maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.

5. Is iad na foirmeacha a thaispeántar i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo na foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú, agus tá sraith díobh sin, agus iad sínithe ag an Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh taiscthe i Roinn an Taoisigh.

6. Is é an duine ag a mbíonn an gnóthas ar siúl, agus ar a ndéanfar leor-éileamh faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

Is leis an mbliain 1984 a bhaineann ábhar na Coda seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).

EOLAS, TUAIRISCEÁIN AGUS SONRAÍ

(A) Doghnóthais a ndéantar leor-éileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid II den Sceideal seo ag Uimhir thagartha 1.

Uimh. 1 — Athruithe ar na Sócmhainní Caipitil.

A — Méaduithe ar na Sócmhainni Caipitil agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) Costas gléasra, innealra agus trealaimh (gan feithiclí a áireamh) a suiteáladh.

(b) Costas feithiclí a ceannaíodh.

(c) Costas foirgneamh nua.

(d) Costas foirgneamh atá ann.

(e) Costas talún.

(f) Gach sócmhainn chaipitil eile.

B — Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) Luach díolachán gléasra, innealra agus trealaimh.

(b) Luach díolachán feithiclí.

(c) Luach díolachán foirgneamh.

(d) Luach díolachán talún.

(e) Luach díolachán gach sócmhainn chaipitil eile.

Uimh. 2 — Stoic ar láimh agus Obair idir lámha.

Luach stoc agus obair idir lámha i dtús agus i ndeireadh na bliana, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) Stoic ábhar, comhpháirteanna, breosla.

(b) Obair idir lámha.

(c) Stoic d'earraí críochnaithe a rinne an gnóthas réidh lena ndíol.

(d) Stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

Uimh. 3 — Láimhdeachas.

Láimhdeachas iomlán an ghnóthais i gcaitheamh na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) Obair a rinneadh mar phríomh-chonraitheoir (lena n-áirítear obair a rinne fochonraitheoirí don ghnóthas) agus idirdhealú a dhéanamh idir obair fhoirgníochta agus obair thógála eile.

(b) Obair a rinneadh mar fhochonraitheoir.

(c) Earraí a rinneadh agus a díoladh i rith na bliana nó a cuireadh le stoc i ndeireadh na bliana.

(d) Díolachán earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

(e) Gach fáltas eile.

Uimh. 4 — Ceannach Ábhair Fhoirgníochta, Breosla, agus Leictreachas.

Sonraí a dtaobh costais na n-ábhar uile, breosla agus leictreachais a ceannaíodh.

Uimh. 5 — Íocaíochtaí le Fochonraitheoirí.

Íocaíochtaí ar obair a rinneadh i gcaitheamh na bliana don ghnóthas ag gnólachtaí eile ar chonarthaí a foligeadh chucu i ndáil leis an obair a n-éilítear sonraí ina taobh faoi Uimh. 3 thuas, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) Íocaíochtaí ar obair a rinne daoine a bhí ag obair de réir fhochonartha saothair amháin.

(b) Íocaíochtaí ar obair a rinne gach fochonraitheoir eile.

Uimh. 6 — Costas Earraí Eile agus Seirbhísí.

Costas earraí eile agus seirbhísí agus idirdhealú a dhéandmh eatarthu seo a leanas:—

(a) Seirbhísí tionsclaíocha a soláthraíodh don ghnólacht ag daoine eile (mar shampla, obair dheisiúcháin agus chothabhála, obair sheirbhíse agus shuiteála, taighde, etc.).

(b) Costas earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

(c) Gléasra, innealra, scafall agus trealamh eile a fhruiliú agus a léasú.

(d) Cíosanna a íocadh ar áitribh.

(e) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra, ar fheithiclí agus ar áitribh.

(f) Muirir bhainc (gan muirir úis a áireamh).

(g) Earraí agus seirbhísí eile.

Uimh. 7 — Cánacha Indíreacha.

(a) Is iníoctha

(i) CBL a muirearaíodh ar an láimhdeachas iomlán.

(ii) Dleacht máil a íocadh nó is iníoctha.

(iii) Gach cáin indíreach eile a íocadh nó is iníoctha.

(b) Is inasbhainte

(i) CBL is inasbhainte ar cheannach breoslaí, ábhar, etc.

(ii) CBL is inasbhainte ar cheannach Sócmhainní Caipitil.

Uimh. 8 — Fostaíocht agus Tuarastal/Pá a íocadh.

Daoine ar Fostú

An méid daoine a bhí ag obair iarbhír nó ar laethanta saoire le pá sa ghnóthas ar feadh na seachtaine pá nó le linn aon chuid den tseachtain phá dar chríoch an 22 Meán Fómhair, 1984 nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, agus idirdhealú a dhéandmh eatarthu seo a leanas:—

(a) Dílseánaigh.

(b) Fostaithe bainistíochta agus teicniúla (lena n-áiritear stiúrthóirí oibre).

(c) Foireann chléireachais agus foireann eile oifige:—

—Mná.

—Fir.

(d) Bunfhoireann mhaoirseachta (lena n-áirítear saoistí agus maoir).

(e) Oibrithe oilte.

(f) Printísigh.

(g) Oibrithe neamhoilte nó breacoilte:—

—ar rátaí pá aosach.

—ar rátaí pá ógánach.

(h) Daoine a bhí ag obair de réir fochonartha "saothar amháin".

Tuarastail/Pá a íocadh.

Méid iomlán na dtuarastal agus an phá a íocadh sa bhliain, agus idirdhealú a dhéandmh eatarthu seo a leanas:—

(a) le fostaithe bainistíochta agus cléireachais.

(b) le foireann mhaoirseachta agus oibrithe.

Uimh. 9 — Costais Saothair Eile.

Costais saothair eile agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(a) Ranníoc ASPC an fhostóra.

(b) Íocaíochtaí iomarcaíochta cnapshuime lúide aisíocaíochtaí a fuarthas.

(c) Íocaíochtaí lúide aisíocaíochtaí faoin Acht Oiliúna Tionscail (i.e. le hAnCO).

(d) Ranníoc an fhostóra le Cistí Aoisliúntais nó le Scéimeanna Pinsin eile.

(e) Préimheanna árachais dliteandais fhostóra, árachais dliteanais phoiblí agus árachais sláinte fhostóra.

(f) Costais saothair eile.

(B) Do ghnóthais a ndéantar leor-éileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistiochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid II den Sceideal seo ag uimhir thagartha 2.

Uimh. 1— An cineál oibre a rinneadh.

Ceanglaítear sonraí a thabhairt ar an gcineál oibre a rinneadh.

Uimh. 2 — Láimhdeachas

(a) Láimhdeachas iomlán sa bhliain agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(i) Tógáil nua, atógáil agus feabhsú teaghaisí.

(ii) Gach obair thógála nua eile (lena n-áirítear feabhsúcháin agus atógáil).

(iii) Obair dheisithe agus chothabhála.

(b) Láimhdeachas iomlán as obair a rinneadh mar fhochonraitheoir.

Uimh. 3 — Íocaíochtaí le fochonraitheoirí.

Íocaíochtaí a rinneadh le fochonraitheoirí agus idirdhealú a dhéandmh eatarthu seo a leanas:—

(i) Íocaíochtaí iomlána le fochonraitheoirí "saothar amháin".

(ii) Íocaíochtaí iomlána le gach fochonraitheoir eile.

Uimh. 4 — Costais iomlána na n-ábhar, an bhreosla agus an leictreachais a ceannaíodh.

Uimh. 5 — Pá agus tuarastail iomlána a íocadh.

Bá chóir ollphá agus olltuarastail a íoc (i.e. roimh asbhaintí cánach, ASPC, etc.) agus ba chóir íocaíochtaí ragoibre, bónais, coimisiúin etc. a áireamh. Níor chóir ranníocaí an fhostóra le hÁSPC, ciste aoisliúntais agus íocaíochtaí iomarcaíochta agus íocaíochtaí le dílseánaigh oibre a áireamh.

Uimh. 6 — Fostaíocht.

An méid daoine a bhí ag obair iarbhír nó ar saoire le pá nó ar saoire bhreoiteachta le pá sa ghnóthas ar feadh na seachtaine pá dar chríoch 22 Meán Fómhair, 1984, nó na gnáthsheachtaine pá is gaire dó sin agus idirdhealú a dhéandmh eatarthu seo a leanas:—

(i) Dílseánaigh/Úinéirí ag obair sa ghnó.

(ii) Fostaithe bainistíochta, teicniúla agus cléireachais.

(iii) Daoine a bhí ag obair de réir fochonartha "saothar amháin" (mar aon lena gcuiditheoirí).

(iv) Gach fostaí eile (i.e. saoistí, oibrithe, printísigh, etc.).

CUID II

Foirmeacha atá le húsáid ag bailiú an Staidrimh

Uimh. Thag.

Foirm Uimh.

Do ghnóthais a n-éilítear an t-eolas, na tuairisceáin, agus na sonraí a fhorordaítear sa chuid thíosluaite den Sceideal seo ina dtaobh:—

1.

C.B.C. 84 c

Cuid 1 (A)

2.

C.B.C. 84 b

Cuid 1 (B)

ARNA THABHAIRT faoi mo Láimh, an 24ú lá

seo de Mheitheamh, 1985.

SEÁN Ó BAIRÉAD,

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil don bhliain 1984, míniú a thabhairt ar scóp an Mhóráirimh agus a cheangal tuairisceáin a thabhairt don Phríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh na ngnóthas uile ar eisíodh na foirmeacha forordaithe ina leith.