I.R. Uimh. 298/1981 -An tOrdú umReamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1981.


Ar iarratas ón Aire Cosanta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1981, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo cumhactaí agus dualgais uile an Aire Cosanta faoin Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939 (Uimh. 21 de 1939), agus faoin Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1946 (Uimh. 28 de 1946), a tharmligean chuig Gearóid Ó Stráinse, Aire Stáit ag an Roinn Cosanta.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 19ú lá seo de Lúnasa, 1981.

GEARÓID MAC GEARAILT,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den lonstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirti é.)

Déantar leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Cosanta maidir le hábhair a bhaineann le Cosaint Shibhialta a tharmligean chun an Aire Stáit ag an Roinn Cosanta.