I.R. Uimh. 20/1980 -Ordú Dá nGairtear. An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1980.
Ar iarratas ón Aire Poist agus Telegrafa agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:— 1. An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 1980, is teideal don Ordú seo. 2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais go léir de chuid an Aire Poist agus Telegrafa faoi na hAchtanna a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a tharmligean chuig an Aire Stáit ag an Roinn Poist agus Telegrafa, Marcus Mac Giollaléith. | ||
| ||
| ||
AN SCEIDEAL | ||
( a ) Na hAchtanna um Oifig an Phoist, 1908 go 1969. | ||
( b ) Na hAchtanna Raidio-Theileagrafaíochta. 1926 go 1972. | ||
( c ) Telegraph Act, 1885. | ||
( d ) Post Office (Parcels) Act, 1882. | ||
( e ) Na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958. | ||
( f ) Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958. | ||
( g ) Acht Choimisineiri na Stat-Sheirbhise, 1956. | ||
( h ) Acht na Státseirbhíse (Fostú Ban Pósta), 1973. | ||
( i ) An tAcht Airgeadais, 1942. | ||
( j ) Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1977. | ||
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 22ú lá seo | ||
de Eanáir 1980. | ||
CHARLES J. HAUGHEY, | ||
Taoiseach. |