An tAcht um an gCead Leasú ar an mBunreacht, 1939

ACHT UM AN gCEAD LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1939.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN mBUNREACHT. [2adh Meán Fhómhair, 1939.]

DE BHRÍ gur féidir, de bhuadh Airteagail 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht do leasú sa tslí foráltar leis an Airteagal san:

AGUS DE BHRÍ go bhforáltar le hAirteagal 51 den Bhunreacht do bhféadfaidh an tOireachtas, fé cheann trí bliana tar éis dáta an chéad Uachtarán do dhul i gcúram a oifige agus fé réir mar a foráltar ansan ina dhiaidh sin, leasú do dhéanamh ar aon cheann no cinn d'fhorálacha an Bhunreachta:

AGUS DE BHRÍ go ndeachaidh an chéad Uachtarán i gcúram a oifige an 25adh lá de Mheitheamh, 1938:

AGUS DE BHRÍ gur mar seo leanas atá fo-alt 3° d'alt 3 d'Airteagal 28 den Bhunreacht:—

“3°. Ní cead aon ní dá bhfuil insan Bhunreacht so d'agairt chun aon dligheadh dá n-achtuigheann an tOireachtas do chur ó bhail má luaidhtear ann gur dligheadh é chun slándáil an phobail do chur i n-áirithe agus chun an Stát do chaomhna i n-aimsir chogaidh no ceannairce fá arm, ná chun aon ghníomh dá ndéantar no a bheireann le tuigsint gur gníomh é a déantar do bhun aon dlighidh den tsórt sin do chur ar neamh-ní.”

AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartuithe an Bunreacht do leasú tré sna focail seo leanas do chur isteach ann i ndeireadh fo-ailt 3° d'alt 3 d'Airteagal 28 agus ina gcuid den fho-alt san, sé sin le rá:—

“Sa bhfo-alt so foluigheann ‘aimsir chogaidh’ tráth a bheidh coinbhliocht fá arm ar siúl ná beidh an Stát páirteach ann ach go mbeidh beartuighthe ag gach Tigh den Oireachtas ina thaobh le rún go bhfuil ann, de dheascaibh an choinbhliochta san fá arm, staid phráinne náisiúnta dhéanann deifir do bhonn beatha an Stáit.”:

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—