I.R. Uimh. 215/2023 - An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme) (Uimh. 2), 2023


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 5 Bealtaine, 2023, á rá go

ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 20(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Uimh. 49 de 2021) , ordaímse, CAITRÍONA NÍ MHÁIRTÍN, Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo mar a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme) (Uimh. 2), 2023 a ghairm den Ordú seo.

2. Ceaptar an 5ú lá de Bhealtaine 2023 mar an lá a thiocfaidh alt 3 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Uimh. 49 de 2021) i ngníomh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

4 Bealtaine, 2023.

CATHERINE MARTIN,

Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.