I.R. Uimh. 90/2023 - An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme), 2023


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 7 Márta, 2023, á rá go

ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 20 (3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Uimh. 49 de 2021) , ordaímse, CAITRÍONA NÍ MHÁIRTÍN, Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo mar a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme), 2023 a ghairm den Ordú seo.

2. Ceaptar an 13ú lá de Mhárta 2023 mar an lá a thiocfaidh na forálacha seo a leanas d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Uimh. 49 de 2021) i ngníomh:

(a) alt 2 (a mhéid nach bhfuil sé i ngníomh cheana féin);

(b) alt 7;

(c) alt 9;

(d) alt 10;

(e) alt 11;

(f) alt 15;

(g) alt 18;

(h) alt 19.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

2 Márta, 2023.

CATHERINE MARTIN,

Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.