An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Bailte SeirbhÍse Gaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 3) 2022


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 9 Nollaig, 2022, á rá go

ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 9(1) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus an tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 ( I.R. Uimh. 547 de 2020 ), déanaimse, JACK CHAMBERS, Aire Stáit ag an Roinn Tuarasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Bailte Seirbhíse Gaeltachta a Ainmniú), (Uimh. 3) 2022 a ghairm den Ordú seo.

2. Ainmnítear gach baile a shonraítear sa Sceideal mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta críocha alt 9(1) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) .

SCEIDEAL

Baile Seirbhíse Gaeltachta: Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

(1) An baile seo a leanas: Caisleán an Bharraigh

Baile Seirbhíse Gaeltachta: Dún Garbhán, Co. Phort Láirge

(1) An baile seo a leanas: Dún Garbhán

Arna thabhairt faoi mo láimh,,

7 Nollaig 2022

JACK CHAMBERS,

Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán