I.R. Uimh. 313/2022 - An tOrdú Um Acht Na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme), 2022


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 1 Iúil, 2022, á rá go ndearnadh an

Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 20 (3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Uimh. 49 de 2021) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020, ordaímse, CAITRÍONA NÍ MHÁIRTÍN, Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo mar a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme), 2022 a ghairm den Ordú seo.

2. Ceaptar an 20ú lá de Mheitheamh, 2022 mar an lá a thiocfaidh na forálacha seo a leanas d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Uimh. 49 de 2021) i ngníomh:

(a) alt 1;

(b) alt 2 (seachas míreanna (a) agus (b));

(c) alt 8;

(d) alt 20.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

20 Márta, 2022.

CATHERINE MARTIN,

Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.