I.R. Uimh. 250/2022 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), 2022


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 27 Bealtaine, 2022, á rá go

ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus an tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 ( I.R. Uimh. 547 de 2020 ), déanaimse, Jack Chambers, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), 2022 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012).

SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga: Oirthear Chathair na Gaillimhe, Co. na Gaillimhe

(1) An chuid sin de thoghroinn ceantair Bhaile an Bhriotaigh i gceantar uirbeach na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Caisleán Gearr (cuid) agus An Pháirc Mhór.

(2) An chuid sin de thoghroinn ceantair an Chaisleáin Ghearr i gceantar uirbeach na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Chaisleáin Ghearr (cuid), Baile an Dúlaigh (cuid) agus Baile an Phoill (cuid).

(3) An chuid sin de thoghroinn ceantair Mhionlaigh i gceantar uirbeach na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Caisleán Gearr (cuid), Baile an Dúlaigh (cuid), Baile an Phoill (cuid), Cúil Each, Mionlach agus Tír Oileáin (cuid).

(4) An chuid sin de thoghroinn ceantair San Niocláis i gceantar uirbeach na Gaillimhe atá comhdhéanta den bhaile fearainn seo a leanas: Tír Oileáin (cuid).

Arna thabhairt faoi mo láimh,,

17 Bealtaine 2022

JACK CHAMBERS,

Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán