Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 18A go 18F a chur isteach

8. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 18:

“An Coiste Comhairleach a bhunú

18A. (1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a rith, chun bheith ina lá bunaithe (dá ngairtear an ‘lá bunaithe’ san Acht seo) chun críocha an Achta seo.

(2) An lá bunaithe, beidh coiste arna bhunú ar a dtabharfar an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge (dá ngairtear ‘an Coiste Comhairleach’ san Acht seo).

(3) Is é nó is í an tAire a sholáthróidh rúnaíocht agus feidhmeanna feidhmiúcháin an Choiste Chomhairligh agus áireofar leo, ar iarraidh a fháil ó chomhalta den Choiste Comhairleach nó de réir mar is cuí leis an Aire, saoráidí chun ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh ar imeachtaí de chuid an choiste.

(4) Déanfar ordú faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Comhaltas an Choiste Chomhairligh

18B. (1) Is iad a bheidh ar an gCoiste Comhairleach na comhaltaí seo a leanas—

(a) Cathaoirleach, agus

(b) líon gnáthchomhaltaí nach lú ná 5 ná nach mó ná 10,

agus is é nó is í an tAire a cheapfaidh gach duine acu.

(2) Déanfaidh an tAire aon chomhalta amháin den Choiste Comhairleach a shainainmniú mar Chathaoirleach, agus is duine atá inniúil i nGaeilge an duine arna shainainmniú nó arna sainainmniú amhlaidh.

(3)Áireofar ar ghnáthchomhaltaí an Choiste Chomhairligh—

(a) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire mar ionadaí don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta,

(b) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar ionadaí don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe,

(c) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí mar ionadaí don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,

(d) 6 chomhalta eile ar a mhéid a bheidh ainmnithe ag comhlachtaí poiblí mar ionadaithe do na comhlachtaí poiblí sin is cuí leis an Aire,

(e) aon chomhalta amháin a bheidh inniúil i nGaeilge agus a bheidh ainmnithe ag an Aire, tar éis próiseas arna bhunú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, mar ionadaí do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, agus

(f) aon chomhalta amháin a bheidh inniúil i nGaeilge agus a bheidh ainmnithe ag an Aire, tar éis próiseas arna bhunú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, mar ionadaí do limistéir den Stát nach Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

(4) Beidh comhalta den Choiste Comhairleach faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha, agus íocfar leis nó léi cibé liúntais i leith caiteachas, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

(5) Más rud é go bhfuil an Cathaoirleach neamhábalta ar chúis ar bith gníomhú mar Chathaoirleach, féadfaidh an tAire comhalta eile den Choiste Comhairleach a shainainmniú chun gníomhú mar Chathaoirleach.

(6) Sealbhóidh comhalta den Choiste Comhairleach oifig ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná 6 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, a chinnfidh an tAire.

(7) Faoi réir fho-alt (8), beidh comhalta den Choiste Comhairleach a rachaidh a théarma oifige nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire in-athcheaptha chun an Choiste Chomhairligh.

(8) Aon chomhalta den Choiste Comhairleach a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma oifige as a chéile, ní bheidh sé nó sí in-athcheaptha chun an Choiste Chomhairligh go dtí go mbeidh tréimhse 6 bliana caite tar éis dheireadh an dara téarma as a chéile.

(9) Féadfaidh comhalta den Choiste Comhairleach éirí as an gCoiste Comhairleach trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bheidh sonraithe sa litir, nó ar an dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.

(10) Féadfaidh an tAire, aon tráth, comhalta den Choiste Comhairleach a chur as comhaltas den Choiste Comhairleach más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tar éis éirí éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó gur dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as comhaltas chun go gcomhlíonfaidh an Coiste Comhairleach a fheidhmeanna go héifeachtach.

(11) Scoirfidh comhalta den Choiste Comhairleach de bheith, agus beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste Comhairleach más rud é, maidir leis an gcomhalta sin—

(a) ar é nó í a chiontú ar díotáil ag cúirt dlínse inniúla, go ngearrfar téarma príosúnachta air nó uirthi, nó

(b) go bhfuil sé nó sí, nó go measfar é nó í a bheith, faoi réir ordú dícháilíochta, de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 14 d’ Acht na gCuideachtaí, 2014 , cibé acu de bhua na Caibidle sin nó de bhua aon fhoráil eile den Acht sin.

(12) Is é nó is í an tAire a chinnfidh nósanna imeachta an Choiste Chomhairligh.

Feidhmeanna an Choiste Chomhairligh

18C. (1) Déanfaidh an Coiste Comhairleach—

(a) a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis an lae bunaithe, Plean Náisiúnta (dá ngairtear an ‘Plean Náisiúnta’ san Acht seo), maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge ar feadh tréimhse a bheidh sonraithe sa Phlean Náisiúnta (is tréimhse nach faide ná 6 bliana), a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú d’fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) seirbhísí a shainaithint is seirbhísí a sholáthraíonn comhlacht poiblí nó aicme comhlachtaí poiblí agus nach soláthraítear trí mheán na Gaeilge agus ar i ndáil leo atá an Coiste Comhairleach den tuairim gur chóir caighdeán teanga a fhorordú faoi alt 19A(2), agus

(ii) straitéisí a shonrú, ar feadh na tréimhse lena mbaineann an Plean Náisiúnta, is straitéisí a fhéadfaidh comhlachtaí poiblí a úsáid (lena n-áirítear an chaoi a mbainfear an úsáid is fearr as acmhainní atá ar fáil do na comhlachtaí) ionas go bhféadfar seirbhísí de chuid na gcomhlachtaí poiblí lena mbaineann nach soláthraítear trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh,

(b) comhairle a thabhairt do chomhlachtaí poiblí maidir leis an gcaoi a bhféadfar seirbhísí nach soláthraíonn na comhlachtaí trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh, lena n-áirítear an méid seo a leanas—

(i) comhairle maidir leis an líon foirne agus leis an ngrád foirne atá inniúil i nGaeilge a mbeadh gá ag an gcomhlacht leo chun na seirbhísí sin a sholáthar trí mheán na Gaeilge,

(ii) ag féachaint don chuspóir dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b), moltaí maidir leis an gcaoi a méadófar an líon foirne atá inniúil i nGaeilge, agus

(iii) comhairle maidir leis an leibhéal inniúlachta, ag féachaint don chóras caighdeán ar a dtugtar an Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha, is gá a bheith ag duine chun go soláthróidh sé nó sí na seirbhísí sin trí mheán na Gaeilge,

(c) cibé taighde a sheoladh, nó a choimisiúnú go seolfar cibé taighde, is cuí leis an gCoiste Comhairleach d’fhonn a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoi mhíreanna (a) agus (b), agus

(d) gach 5 bliana tar éis an lae bunaithe, suirbhé ar an leibhéal inniúlachta i nGaeilge atá ag foireann comhlachtaí poiblí a sheoladh agus a chur faoi bhráid an Aire, agus áireofar na nithe seo a leanas i suirbhé den sórt sin:

(i) an líon iomlán foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge;

(ii) an líon iomlán foirne de chuid comhlachtaí poiblí a bhfuil cúrsa oiliúna Gaeilge déanta acu;

(iii) an líon iomlán foirne de chuid comhlachtaí poiblí a labhraíonn an Ghaeilge san ionad oibre, cibé acu le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhall nó ar shlí eile, agus a mhinice a labhraíonn siad an Ghaeilge.

(2) Ullmhóidh an Coiste Comhairleach gach Plean Náisiúnta dá éis sin tráth nach luaithe ná 6 mhí, agus nach déanaí ná 3 mhí, roimh dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe sa Phlean Náisiúnta agus beidh feidhm ag alt 18D, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le gach Plean Náisiúnta dá éis sin amhail is dá mba thagairt do Phlean Náisiúnta dá éis sin aon tagairt don Phlean Náisiúnta san alt sin.

(3) Le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo, beidh aird ag an gCoiste Comhairleach ar na cuspóirí seo a leanas—

(a) na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag féachaint go háirithe do sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge, agus

(b) an líon foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge a mhéadú ionas go mbeidh, a luaithe is indéanta tar éis an lae bunaithe, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030, 20 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh.

(4) Beidh ag an gCoiste Comhairleach na cumhachtaí sin go léir is gá nó is fóirsteanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

Dualgas an Aire i leith Plean Náisiúnta arna ullmhú faoi alt 18C

18D. (1) Déanfaidh an tAire—

(a) laistigh de 3 mhí ón bPlean Náisiúnta a fháil faoi alt 18C(1)(a)—

(i) an Plean Náisiúnta a cheadú gan mhodhnú nó fara cibé modhnuithe is cuí leis nó léi,

(ii) an dáta ar ar chóir don Phlean Náisiúnta teacht i ngníomh a shonrú, agus

(iii) an Plean Náisiúnta a chur faoi bhráid an Rialtais,

agus

(b) a luaithe is féidir ina dhiaidh sin—

(i) a chur faoi deara cóipeanna den Phlean Náisiúnta a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(ii) cóip den Phlean Náisiúnta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

(2) Féadfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis nó léi, a iarraidh ar chomhlacht poiblí, a mbeidh seirbhísí sainaitheanta ina leith sa Phlean Náisiúnta mar sheirbhísí a sholáthraíonn an comhlacht lena mbaineann nach bhfuil á soláthar trí mheán na Gaeilge, tuarascáil a thabhairt don Aire i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta ag an gcomhlacht chun na seirbhísí a sholáthar amhlaidh agus chun an Plean a chur i ngníomh, agus is é nó is í an tAire a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar chur i ngníomh an Phlean ag na comhlachtaí poiblí sin go léir.

Comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta

18E. Déanfaidh an tAire, le hordú, laistigh de 3 mhí ón tráth a dhéanfar an Plean Náisiúnta a chur faoi bhráid an Rialtais faoi alt 18D(1)(a)(iii) agus aird aige nó aici ar an bPlean Náisiúnta—

(a) an dáta a shonrú faoina dtiocfaidh an Ghaeilge chun bheith ina teanga oibre in oifigí, i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, comhlachta phoiblí nó aicme comhlachtaí poiblí agus féadfar dátaí éagsúla a shonrú i leith Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta éagsúla, agus

(b) an dáta a shonrú faoina ndéanfar na seirbhísí go léir arna soláthar ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (lena n-áirítear seirbhísí den sórt sin arna soláthar ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí ó áit lasmuigh den Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta) a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus féadfar dátaí éagsúla a shonrú i leith Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta éagsúla.

Tuarascáil an Choiste Chomhairligh

18F. (1) Déanfaidh an Coiste Comhairleach, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain, tuarascáil ar dhul chun cinn a sholáthar don Aire agus don Choimisinéir maidir lena chuid oibre le linn na bliana roimhe sin nó, i gcás na chéad tuarascála ar dhul chun cinn uaidh, maidir lena chuid oibre ón lá bunaithe suas go dtí an 31 Nollaig an bhliain ina dhiaidh sin agus an lá sin san áireamh.

(2) D’ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an Coiste Comhairleach, ó am go ham, cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a mheasfaidh sé is cuí a thabhairt don Aire agus tabharfaidh sé don Aire aon fhaisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a iarrfaidh an tAire.

(3) Déanfaidh an Coimisinéir, laistigh de 6 mhí ón tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fháil, tráchtaireacht ar an tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(4) Déanfaidh an tAire, laistigh de 3 mhí ón tráchtaireacht dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a fháil, an tráchtaireacht agus an tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur faoi bhráid an Rialtais agus, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin—

(a) a chur faoi deara cóipeanna den tuarascáil agus den tráchtaireacht a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(b) cóipeanna den tuarascáil agus den tráchtaireacht a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.”.