Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 9A go 9E a chur isteach

5. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 9:

“Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le hainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge

9A. (1) D’fhonn a chinntiú go ndéanfaidh comhlacht poiblí ainm (lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm), seoladh nó teideal (lena n-áirítear an rogha gan teideal ar bith a úsáid) duine i nGaeilge, a thaifeadadh agus a úsáid i gceart, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, an comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le linn comhlacht poiblí a fhorordú faoi fho-alt (1), na seirbhísí a thairgeann nó a sholáthraíonn an comhlacht a shonrú, is seirbhísí ar ina leith a fhorordófar amhlaidh é.

(3) Cinnteoidh comhlacht poiblí a fhorordófar faoi fho-alt (1) go mbeidh na córais faisnéise agus chumarsáide, agus aon chórais eile (cibé acu córais leictreonacha nó eile), a úsáideann an comhlacht ina chumarsáidí leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, de réir mar is cuí, cumraithe ar mhodh—

(a) lena gceadófar, leis na córais sin, ainm (lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm), seoladh nó teideal (lena n-áirítear an rogha gan teideal ar bith a úsáid) duine i nGaeilge a thaifeadadh agus a úsáid i gceart i ndáil leis na seirbhísí arna dtairiscint nó arna soláthar ag an gcomhlacht ar ina leith a fhorordófar amhlaidh é, agus

(b) lena ndéanfar úsáid an tsínte fhada sa téacs Gaeilge a éascú.

(4) (a) Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 3 mhí ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint chun cuidiú le comhlachtaí poiblí a gcuid oibleagáidí faoin alt seo agus faoi ailt 9B, 9C agus 9D a chomhlíonadh.

(b) Beidh aird ag comhlacht poiblí ar na treoirlínte, más ann, a eiseofar faoi mhír (a) le linn dó a chuid oibleagáidí faoin alt seo agus faoi ailt 9B, 9C agus 9D a chomhlíonadh.

(c) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, treoirlínte a eiseofar faoi mhír (a) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

(d) Déanfaidh an tAire, i gceann cibé eatramh is cuí leis nó léi, treoirlínte a eiseofar faoi mhír (a) a athmheas agus beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo maidir le hullmhú, eisiúint agus foilsiú na dtreoirlínte athmheasta sin mar atá feidhm acu maidir leis na treoirlínte a eisíodh i gcéaduair.

Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le foirmeacha oifigiúla

9B. (1) D’fhonn ábhar agus leagan amach foirmeacha oifigiúla de chuid comhlacht poiblí a fhorordú, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, an comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le linn comhlacht poiblí a fhorordú faoi fho-alt (1), a fhorordú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh ábhar agus leagan amach foirmeacha oifigiúla an chomhlachta phoiblí agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le comhlachtaí poiblí éagsúla nó le foirmeacha oifigiúla éagsúla.

(3) Le linn ábhar agus leagan amach foirmeacha a fhorordú faoi fho-alt (2), beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas i gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs san fhoirm oifigiúil lena mbaineann:

(a) an t-ord ina mbeidh an téacs i ngach teanga san fhoirm oifigiúil;

(b) feiceálacht, infheictheacht, inléiteacht, méid, cló, cuma fhoriomlán agus stíl téacs teanga amháin san fhoirm oifigiúil i leith théacs na teanga eile;

(c) an gá atá ann go gcuirfear an teachtaireacht chéanna in iúl le gach ceann de na teangacha oifigiúla;

(d) an modh ar a mbeidh teideal le húsáid roimh ainm duine nó i ndiaidh ainm duine san fhoirm oifigiúil, go háirithe faoi threoir aitheantas a thabhairt do na foirmeacha éagsúla de na teidil sin i ngach teanga;

(e) an modh ar a bhféadfar focail ghiorraithe a úsáid i ngach teanga.

(4) Le linn ábhar agus leagan amach foirmeacha a fhorordú faoi fho-alt (2), beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas i gcás gur i nGaeilge amháin a bheidh téacs san fhoirm oifigiúil lena mbaineann:

(a) an modh ar a mbeidh teideal le húsáid roimh ainm duine nó i ndiaidh ainm duine san fhoirm oifigiúil, go háirithe faoi threoir aitheantas a thabhairt do na foirmeacha éagsúla de na teidil sin i ngach teanga;

(b) an modh ar a bhféadfar focail ghiorraithe a úsáid i ngach ceann de na teangacha.

Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le lógónna

9C. (1) Cinnteoidh comhlacht poiblí, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, i gcás go mbeidh a lógó á athnuachan nó á athrú aige, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs is cuid den lógó nua nó den lógó athraithe.

(2) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) beidh an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge roimh an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla,

(b) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus

(c) más rud é go mbeidh cuid den téacs a bheidh i nGaeilge giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.

(3) San alt seo agus in alt 9D, ciallaíonn ‘lógó’ an lógó a úsáideann comhlacht de ghnáth ar cheannteidil stáiseanóireachta, libhré nó comharthaíocht de chuid an chomhlachta agus lena ngabhann, i gcoitinne, ainm an chomhlachta, agus folaíonn sé lógó aon scéime, cláir, tionscnaimh beartais nó suímh gréasáin arna riaradh ag an gcomhlacht nó dá bhfuil an comhlacht freagrach.

(4) I bhfo-alt (1), folóidh ‘téacs’ aon ghiorrúchán nó acrainm ar ainm, i nGaeilge, an chomhlachta lena mbaineann.

Ainmneacha agus lógónna comhlachtaí reachtúla nuabhunaithe

9D. (1) Maidir le hainm comhlachta reachtúil a bhunófar, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, is i nGaeilge a bheidh sé.

(2) Maidir le téacs is cuid de lógó comhlachta reachtúil a bhunófar, ar agus ó thosach feidhme alt 4 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, is i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh sé.

(3) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—

(a) beidh an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge roimh an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla,

(b) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus

(c) más rud é go mbeidh cuid den téacs a bheidh i nGaeilge giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.

Seirbhísí pobal-inrochtana

9E. (1) Déanfaidh comhlacht poiblí gach beart cuí chun a chinntiú, i gcás go soláthraíonn duine seirbhís phobal-inrochtana thar ceann an chomhlachta phoiblí, go ndéanfaidh an duine sin, i leith sholáthar na seirbhíse sin, na nithe seo a leanas a chomhlíonadh—

(a) rialacháin faoi alt 9(1) a mbeidh feidhm acu maidir leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann,

(b) fo-ailt (2) agus (3) d’alt 9, agus

(c) cibé caighdeáin de na caighdeáin teanga iomchuí arna bhforordú ag an Aire faoi alt 19A(2), is caighdeáin a mbeidh feidhm acu maidir leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann.

(2) San alt seo, ciallaíonn ‘seirbhís phobal-inrochtana’ seirbhís arna tairiscint nó arna soláthar ag duine seachas comhlacht poiblí, is cuma i gcomhair luach saothair nó nach ea, don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal i gcoitinne thar ceann comhlacht poiblí.”.