I.R. Uimh. 496/2019 - An Tordú Um Acht Na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta A Ainmniú) (Uimh. 2), 2019


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 8 Deireadh Fómhair, 2019.

á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus an tOrdú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 2018 (I.R. Uimh. 449 de 2018), déanaimse, Seán Kyne, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 2), 2019 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012).

SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga Ceantar na nOileán, Co. na Gaillimhe

(1) Na limistéir toghroinne seo a leanas: Garmna agus Leitir Móir.

/images/ls

Arna thabhairt faoi mo láimh,

3 Deireadh Fómhair 2019.

SEÁN KYNE,

Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.