I.R. Uimh. 601/2018 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 9), 2018.
Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 8ú lá de Eanáir, 2019 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo. | ||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus an tOrdú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 2018 ( I.R. Uimh. 449 de 2018 ), déanaimse, Seán Kyne, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas: | ||
1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 9) 2018 a ghairm den Ordú seo. | ||
2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012). | ||
Sceideal | ||
Limistéar Pleanála Teanga: Conamara Láir, Co. na Gaillimhe | ||
(1) Na limistéir toghroinne seo a leanas: Camas, Cill Chuimín (Uachtar Ard), An Turlach, Abhainn Ghabhla, An Cnoc Buí agus Scainimh. | ||
(2) An chuid sin de thoghroinn ceantair Mhaírois i gcontae na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Dún Riacháin, An Gharmain, Leitheanach Theas, Lios Uachtair agus An Tamhnach Mhór. | ||
(3) An chuid sin de thoghroinn ceantair Chloch na Rón i gcontae na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Inis Ní, Iorras Beag Thiar agus Iorras Beag Thoir. | ||
| ||
ARNA THABHAIRT faoi mo láimh, | ||
21 Nollaig 2018. | ||
SEÁN KYNE, | ||
Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. |