I.R. Uimh. 545/2017 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), 2017.


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 1ú lá de Nollaig, 2017 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) agus an tOrdú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2017 ( I.R. Uimh. 315 de 2017 ) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)), déanaimse, Joe McHugh, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), 2017 is teideal don Ordú seo.

2. Tá gach ceann de na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta chun críocha alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012).

AN SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga: Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall

(1) An chuid sin de thoghroinn cheantair Ghort an Choirce atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Ardaidh Bheag, An Ardaidh Mhór, Baile na Creige, Caoldroim Íochtarach, Caoldroim Uachtarach, Doire Chonaire, Fána Bhuí, Gort an Choirce, Inis Beag, Inis Bó Finne, Machaire Uí Rabhartaigh, Mín Lárach, Oileán Dúiche, Sliabh Mhachaire Uí Rabhartaigh, Sliabh na hArdadh Móire.

(2) An chuid sin de thoghroinn cheantair Dhún Lúiche atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Bhealtaine Íochtarach, An Bhealtaine Uachtarach, Sliabh na Bealtaine, Calhaem, An Caiseal, Caiseal na gCorr, Prochlais, An Sruthán Riach agus Tulacha Beigile Thiar.

(3) An chuid sin de thoghroinn cheantair na gCroisbhealaí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Béal an Átha, Baile na Bó, Baile Chonaill, Baile naCreige Thoir, Baile an Easa, Baile an Teampaill, Bun na dTrí Sruthán, An Cheathrú Cheanainn, Cill Ulta, Cluain Báire, DoireUí Fhríl, Droim na Tine, Droim na Tine Uachtarach, Duibhlinn nó Barr Bhaile Chonaill, An Dún Mór, An Fál Carrach, An Glaidhb, Maigh Ráithe, Mín Chúil an tSeascainn, Duibhleann Riach, Sliabh Bhaile na Bó, Sliabh Bhaile an Easa, Tulacha Beigile Thoir agus oileán amach ón gcósta.

(4) An chuid sin de thoghroinn cheantair Dhún Fionnachaidh atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Oirear Dhumhaí Beag agus Oirear Dhumhaí Mór.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh,

15 Samhain 2017.

JOE McHUGH,

Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.