I.R. Uimh. 543/2017 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), 2017.


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 1ú lá de Nollaig, 2017 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) agus an tOrdú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2017 ( I.R. Uimh. 315 de 2017 ) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)), déanaimse, Joe McHugh, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), 2017 is teideal don Ordú seo.

2. Tá gach ceann de na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta chun críocha alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012).

An Sceideal

Limistéar Pleanála Teanga: Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall

(1) Na toghranna ceantair seo a leanas: Machaire Chlochair, Cró Bheithe.

(2) An chuid sin de thoghroinn cheantair Anagaire atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Anagaire, An Coillín Darach, Doire na Mainséar, Sliabh Dhroim na Ceárta, Loch an Iúir, Mín Doire na Slua, Mín na Leice agus Rann na Feirste.

(3) An chuid sin de thoghroinn cheantair Dhún Lúiche atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Alltán, Na Beanna Gorma, Dún Lúiche Íochtarach, Dún Lúiche Uachtarach, Muine Beag, Muine Mór, Sliabh na Cloigne Thuaidh, Mín na gCopóg, Sliabh Dhroim na Luifearnaí, Cró an Locháin agus Cró na gCaorach.

(4) An chuid sin de thoghroinn cheantair Mhín an Chladaigh atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Charraig, Bun na Leaca, Cnoc Fola, An Chorrmhín, An Ghlaisigh, Inis Meáin, Mín an Chladaigh agus Inis Oirthir (gan Toraigh san áireamh).

(5) An chuid sin de thoghroinn cheantair Ghort an Choirce atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Glaise Chú.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh,

15 Samhain 2017.

JOE McHUGH,

Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.