An tAcht um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2009

Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú.

1.— (1) Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29 den Bhunreacht:

(a) déanfar, i bhfo-alt 3° d'alt 4 den téacs Gaeilge—

(i) na focail “den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh i bPáras an 18adh lá d’Aibreán, 1951), de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (do bunuigheadh le Connradh do sínigheadh insan Róimh an 25adh lá de Mhárta, 1957) agus”, agus

(ii) an dara habairt,

a aisghairm,

(b) déanfar, i bhfo-alt 3° d'alt 4 den téacs Béarla—

(i) na focail “the European Coal and Steel Community (established by Treaty signed at Paris on the 18th day of April, 1951), the European Economic Community (established by Treaty signed at Rome on the 25th day of March, 1957) and”, agus

(ii) an dara habairt,

a aisghairm,

(c) déanfar fo-ailt 4°, 5°, 6°, 7°, 8°, 9°, 10° agus 11° d'alt 4 den téacs Gaeilge agus den téacs Béarla araon a aisghairm,

(d) déanfar na fo-ailt, a bhfuil na téacsanna díobh leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal, a chur isteach i ndiaidh fho-alt 3° d'alt 4 den téacs Gaeilge,

(e) déanfar na fo-ailt, a bhfuil na téacsanna díobh leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal, a chur isteach i ndiaidh fho-alt 3° d'alt 4 den téacs Béarla.

(2) Maidir leis an leasú ar alt 4 d'Airteagal 29 den Bhunreacht a dhéantar leis an Acht seo—

(a) faoi réir mhír (b), beidh éifeacht leis ar agus ó theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13ú lá de Nollaig 2007, agus

(b) a mhéid a chuirtear fo-alt 5° den alt sin isteach leis, beidh éifeacht leis ar agus ó dháta rite an Achta seo.

(3) Roimh theacht i bhfeidhm don chonradh dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (2), déanfar fo-alt 5° (a chuirtear isteach leis an Acht seo) d'alt 4 d'Airteagal 29 den Bhunreacht a uimhriú mar fho-alt 12°.