I.R. Uimh. 391/2008 - Na Rialacháin Um Acht Na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h ailt 4 (2) agus 9 (1) d’ Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003), déanaimse, Éamon Ó Cuív, Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, leis seo, na rialacháin seo a leanas:

1. Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008 is teideal do na Rialacháin seo.

Léiriú

2. (1) Sna Rialacháin seo—

ciallaíonn “Acht” Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003);

tá le “comhlacht forfheidhmithe” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 (Uimh. 1 de 1999);

ciallaíonn “teanga nach teanga oifigiúil” teanga seachas ceann de na teangacha oifigiúla;

(2) Sna Rialacháin seo—

(a) aon tagairt do Rialachán, is tagairt í do Rialachán de chuid na Rialachán seo mura rud é go léirítear gur tagairt do rialachán éigin eile atá beartaithe, agus

(b) aon tagairt do mhír nó d’fhomhír, is tagairt í don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura rud é go léirítear gur tagairt d’fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Fridhm

3. (1) Faoi réir mhíreanna (2) agus (3)(a), baineann na Rialacháin seo le gach comhlacht poiblí.

(2) Ní bhaineann na Rialacháin seo leis an gcomhlacht forfheidhmithe ar a dtugtar an Foras Teanga ach amháin a mhéid a chomhlíonann sé feidhmeanna i ndáil leis an nGaeilge.

(3) Ní bhaineann na Rialacháin seo leis an méid seo a leanas:

(a) comhlachtaí poiblí a mhéid a sheolann siad gníomhaíochtaí tráchtála lasmuigh den Stát,

(b) comharthaí tráchta—

(i) lena mbaineann Rialacháin faoi alt 95(2) d’Acht 1961, nó

(ii) lena mbaineann ordachán faoi alt 95(16) den Acht sin, agus

(c) comharthaí lena mbaineann na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Feidhm Ghinearálta) 2007 (I.R. Uimh. 299 de 2007).

(4) Sa Rialachán seo—

ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961 (Uimh. 24 de 1961);

tá le “comhartha tráchta” an bhrí chéanna atá leis in alt 95 (arna leasú le halt 37(a)(ii) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 (Uimh. 7 de 1994)) d’Acht 1961.

Fógairtí taifeadta béil

4. (1) Maidir le fógairtí taifeadta béil a bhaineann le chuid ceann amháin nó níos mó de na haicmí seo a leanas, ar fógairtí iad a dhéanann comhlacht poiblí nó a dhéantar thar ceann comhlachta phoiblí, is i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh siad:

(a) fógairtí a tharchuirtear le teileafón agus atá beartaithe lena gcloisteáil nuair atá oifigí an chomhlachta dúnta;

(b) fógairtí a tharchuirtear trí mheán córais callaireachta poiblí;

(c) fógairtí a chruthaítear agus a tharchuirtear trí mheán seirbhís ríomhairithe teachtaireachta nó seirbhís ríomhairithe freagartha teileafóin.

(2) Maidir leis an Rialachán seo—

(a) ní bhaineann sé leis an meid seo a leanas:

(i) fógairtí taifeadta béil nach bhfuil beartaithe lena gcloisteáil ach amháin ag daoine lasmuigh den Stát,

(ii) fógairtí taifeadta béil pearsanta arna dtaifeadadh ag baill foirne de chuid an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, nó

(b) ní thoirmisctear leo teanga nach teanga oifigiúil í a úsáid i bhfógairtí taifeadta béil atá beartaithe lena gcloisteáil ag daoine a measann an comhlacht poiblí lena mbaineann le réasún ina leith ar fad nó i leith cuid díobh nach dtuigeann siad Gaeilge nó Béarla.

(3) Tiocfaidh an Rialachán seo i ngníomh ar an 1 Iúil 2013.

Stáiseanóireacht

5. (1) Maidir le ceannteidil ar stáiseanóireacht a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na haicmí stáiseanóireachta seo a leanas a úsáideann comhlacht poiblí, is i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh siad:

(a) nóta-pháipéar;

(b) duillíní dea-mhéine;

(c) leatháin chlúdaigh facs;

(d) clúdaigh chomhad agus fillteán eile;

(e) lipéid;

(f) clúdaigh litreacha.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo—

(a) le linn na tréimhse dar tosach an dáta a shonraítear i mír (3)(b) agus dar críoch an 1 Márta 2011, maidir le stáiseanóireacht a bhí, díreach roimh an dáta céadluaite, ina sheilbh ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann, nó

(b) maidir le stáiseanóireacht a úsáideann comhlacht forfheidhmithe le haghaidh comhfhreagrais le daoine lasmuigh den Stát.

(3) Tiocfaidh an Rialachán seo i ngníomh—

(a) an 1 Márta 2013, i ndáil le stáiseanóireacht nach mór ríomhchlár a mhodhnú ina leith d’fhonn an Rialachán seo a chomhlíonadh, agus

(b) an 1 Márta 2009, i ndáil le stáiseanóireacht de gach aicme eile.

Comharthaí

6. (1) Faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, maidir le haon chomhartha a chuireann comhlacht poiblí in airde, nó a chuirtear in airde thar ceann aon chomhlachta phoiblí, in aon suíomh—

(a) sa Stát, nó

(b) ach amháin i gcás comhlachta forfheidhmithe, lasmuigh den Stát

is i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh sé.

(2) I gcás ina mbeartaíonn comhlacht poiblí comhartha a shuíomh i nGaeilge agus i mBéarla in aon suíomh agus go bhfuil sé den tuairim, de thoradh téacs sa dá theanga sin a bheith ann—

(a) go mbeadh sé rómhór,

(b) go mbeadh sé deacair é a léamh,

(c) gur dhócha go mbeadh sé ina chúis le bacainn, nó

(d) gur dhócha go mbeadh daoine, le linn é a léamh, ina mbaol dóibh féin nó do dhaoine eile (i gcás ina mbeartófaí comhartha a chur in airde ar thaobh bóthair nó gar do bhóthar),

féadfaidh an comhlacht, ina ionad sin, 2 chomhartha a shuíomh ag an suíomh sin, agus an fhaisnéis lena mbaineann a bheith i nGaeilge ar cheann amháin díobh agus an fhaisnéis lena mbaineann a bheith i mBéarla ar an gceann eile.

(3) Faoi réir na Rialachán seo, i gcás ina mbeartaíonn comhlacht poiblí líon nach lú ná 20 comhartha comhionann a chur in airde—

(a) beidh an téacs ar gach comhartha i nGaeilge,

(b) soláthrófar an fhaisnéis chéanna ar gach comhartha, i nGaeilge agus i mBéarla araon, nó

(c) déanfar 2 chomhartha a chur in airde agus soláthrófar an fhaisnéis chéanna orthu agus beidh an téacs i nGaeilge amháin ar an gcéad comhartha díobh sin a fheicfear agus beidh an téacs i mBéarla amháin ar an gceann eile.

(4) D’ainneoin ghinearáltacht an Rialacháin seo, féadfaidh comhlacht poiblí comharthaí a chur in airde ar comharthaí iad atá de réir Chóras Idirnáisiúnta na nAonad arna ghlacadh ag an Bureau Internationale des poids et mesures, arna bhunú leis an Metre Convention a síníodh i bPáras sa bhliain 1875.

(5) Tiocfaidh an Rialachán seo i ngníomh—

(a) an 1 Márta 2009, i ndáil le comharthaí a shuitear (cibé acu in ionad comharthaí níos sine nó nach ea) in aon suíomh ar an 1 Márta 2009 nó dá éis,

(b) an 1 Márta 2012, i ndáil le comharthaí a shuitear in aon suíomh roimh an 1 Márta 2009 ar comharthaí iad ar ina leith a bheadh an Rialachán seo á chomhlíonadh murach earráid sa téacs Gaeilge,

(c) an 1 Márta 2013, i ndáil le comharthaí, i mBéarla amháin, a shuitear in aon suíomh roimh an 1 Márta 2009,

(d) an 1 Eanáir 2026, i ndáil le comharthaí a shuitear in aon suíomh ar comharthaí iad ar ina leith nach bhfuil mír (b) nó (c) de Rialacháin 7(2) á comhlíonadh roimh an dáta sin,

(e) an 1 Márta 2013, i ndáil le comharthaí de gach aicme eile.

Stáiseanóireacht agus comharthaí

7. (1) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le stáiseanóireacht a úsáideann comhlacht poiblí ar stáiseanóireacht í ar a bhfuil ceannteideal i nGaeilge agus i mBéarla araon:

(a) beidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús,

(b) beidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla agus ar an taobh céanna den leathanach lena mbaineann,

(c) ní bheidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla,

(d) maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl, agus

(e) ní dhéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal sa téacs i mBéarla, ar aistriúchán air é, giorraithe freisin.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le comhartha i nGaeilge agus i mBéarla a chuireann comhlacht poiblí in aon suíomh:

(a) beidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús,

(b) beidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla,

(c) ní bheidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla,

(d) maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl, agus

(e) ní dhéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal sa téacs i mBéarla, ar aistriúchán air é, giorraithe freisin.

Orduithe logainmneacha

8. I gcás ordú logainmneacha faoi alt 32 den Acht a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, déanfaidh comhlacht poiblí an leagan Gaeilge den fhocal nó de na focail a shonraítear san ordú a úsáid—

(a) in aon fhógairt thaifeadta béil arna déanamh aige nó thar a cheann,

(b) in aon cheannteidil stáiseanóireachta ar stáiseanóireacht a úsáideann an comhlacht poiblí lena mbaineann, agus

(c) i gcomharthaí a chuireann sé in aon suíomh.

Díolúintí

9. (1) Ní fhorléireofar aon ní sna Rialacháin seo mar ní lena gceanglaítear ar chomhlacht poiblí—

(a) úsáid a bhaint as an leagan Béarla d’ainm Gaeilge comhlachta phoiblí, nó den teideal oifigiúil i nGaeilge, atá in úsáid go coitianta, nó

(b) aistriúchán a dhéanamh ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile i gcás na nithe seo a leanas—

(i) ainm duine,

(ii) lógó,

(iii) ainm branda, nó

(iv) ainm comhlachta (seachas comhlacht poiblí).

(2) Ní fhorléireofar aon ní sna Rialacháin seo mar ní lena gceanglaítear ar chomhlacht poiblí athrú a dhéanamh—

(a) ar chomhartha—

(i) ar díol spéise é ó thaobh na healaíne, na hailtireachta nó na staire de, nó

(ii) atá faoi réir ordaithe buanchoimeádta faoi alt 8 (arna leasú le hAcht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 1954 (Uimh. 37 de 1954)) d’Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 (Uimh. 2 de 1930),

(b) ar phlaic chuimhneacháin a suíodh nó a cuireadh in airde in aon suíomh ar an 1 Márta 2009 nó roimhe, nó

(c) Ar chomhartha a gcomhlíontar na Rialacháin seo ina leith seachas i leith an téacs i mBéarla a bheith ann roimh an téacs i nGaeilge.

(3) Ní fhorléireofar aon ní sna Rialacháin seo mar ní lena gceanglaítear ar chomhlacht poiblí aistriúchán a dhéanamh, ó theanga nach teanga oifigiúil go teanga oifigiúil, ar ainm duine nó ar logainm i gcás áite lasmuigh den Stát, nó ar aon doiciméad nó foilseachán.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

1 Deireadh Fómhair 2008

ÉAMON Ó CUÍV

Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN

(Ní cuid den ionstraim é an nóta seo agus ní airbheartaíonn sé gur léirmhiniú dlíthiúil é).

Baineann na rialacháin seo, atá á dhéanamh faoi ailt 4(2) agus 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le husáid na Gaeilge amháin nó na Gaeilge agus an Bhéarla le chéile i bhfógairtí taifeadta béil, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaí ag comhlachtaí poiblí. Tá diolúintí áirithe sonraithe sna rialacháin. Sonraítear sna Rialacháin chomh maith roinnt dátaí éagsúla ó 1 Márta 2009 go 1 Eanáir 2026 ar a dtiocfaidh na forálacha éagsúla a leagtar amach sna Rialacháin i bhfeidhm.