S.I. No. 735/2005 - Rialacháin um Ainmneacha Gnó (Uimh. 2) 2005


I.R. Uimh. 735 de 2005

Rialacháin um Ainmneacha Gnó (Uimh. 2) 2005

Déanaimse, Michael Ahern, an tAire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 17 den Acht um Chlárú Ainmneacha Gnó 1963, (Uimh. 30 de 1963), (arna oiriúnú ag an Ordú Fiontar agus Fostaíochta (Athrú ar Ainm na Roinne agus ar Theideal an Aire), 1997 (I.R. Uimh. 305 de 1997) agus ag an Ordú Fiontar Trádála agus Fostaíochta (Tarmligean Fheidhmeanna an Aire) (Uimh. 2) Ordú 2004 (I.R. Uimh. 808 de 2004), leis seo na rialacháin seo a leanas:

1.           Féadfar na Rialacháin um Ainmneacha Gnó (Uimh. 2) 2005 a ghairm de na Rialacháin seo.

2.           Leasaítear Sceideal I leis na Rialacháin um Ainmneacha Gno (I.R. 291 de 2002 (arna leasú ag na Rialacháin um Ainmneacha Gnó 2005 (I.R. Uimh. 366 de 2005) tríd an méid seo a leanas -

 

Cóip neamhdheimhnithe d‘aon cháipéis nó aon chuid de cháipéis nó sliocht aisti, cibé an dtugtar i bhformáid páipéir nó leictreonach

€2.50 ar gach cóip nó sliocht neamhdheimhnithe

€2.50 ar gach cóip nó sliocht neamhdheimhnithe

a chur in ionad -

 

Cóip neamhdheimhnithe d‘aon cháipéis nó aon chuid de cháipéis nó sliocht aisti, cibé an dtugtar i bhformáid páipéir nó leictreonach

€3.50 ar gach cóip nó sliocht neamhdheimhnithe

€3.50 ar gach cóip nó sliocht neamhdheimhnithe

”.

 

Arna thabhairt faoi mo láimh,

23 Samhain 2005

__________________________

Michael Ahern

An tAire Stáit sa Roinn

Fiontar, Trádála agus Fostaíochta

Nóta Míniúcháin

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní airbheartaíonn sé gur míniú dlithiúil é)

Is é cuspóir na rialachán seo ná an táille, atá le cur ar fáil ag Cláraitheoir na nAinmneacha Gnó d‘aon duine le cóip nó sliocht d‘aon cháipéis Ainmneacha Gnó nó cuid d‘aon cháipéis den sórt sin a ndearnadh tuairisceán leis an gCláraitheoir uirthi, cibé an dtugtar chuig an duine sin i bhformáid páipéir nó leictreonach é, a laghdú.