I.R. Uimh. 212/2004 -Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Léarscáileanna Forordaithe) 2004
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le hailt 4 agus 33(2)(b) d’ Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003) agus le toiliú an Aire Airgeadais, déanaimse, ÉAMON Ó CUÍV, T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, leis seo na Rialacháin seo a leanas: 1. (a) Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Léarscáileanna Forordaithe) 2004 is teideal do na Rialacháin seo. | ||||
(b) Tiocfaidh na Rialacháin seo i ngníomh ar an 1 Eanáir 2005. 2. Maidir le léarscáileanna | ||||
(a) arna n-ullmhú agus arna bhfoilsiú ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann nó le cead uaithi ar an 1 Eanáir 2005 nó dá éis, agus | ||||
(b) a bhfuil a gcuid scálaí de réir aon cheann de na scálaí ó 1:1 go 1:9,999 agus an dá scála sin san áireamh | ||||
forordaítear iad chun críocha alt 33(2)(b) d’ Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003). 3. Tá an téacs i mBéarla de na Rialacháin seo leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis na Rialacháin seo. | ||||
AN TÁBLA | ||||
I, ÉAMON Ó CUÍV, TD, Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs, in exercise of the powers conferred on me by sections 4 and 32 (2)(b) of the Official Languages Act 2003 (No. 32 of 2003) and with the consent of the Minister for Finance, make the following regulations: | ||||
1. (a) These Regulations may be cited as the Official Languages Act 2003 (Prescribed Maps) Regulations 2004. | ||||
(b) These Regulations come into operation on 1 January 2005. | ||||
2. Maps which | ||||
(a) are prepared and published by or with the permission of Ordnance Survey Ireland on or after 1 January 2005, and | ||||
(b) the scales of which are on any scales from and including 1:1 to and including 1:9,999 | ||||
are prescribed for the purposes of section 33 (2)(b) of the Official Languages Act 2003 (No. 32 of 2003). | ||||
3. The text in the English language of these Regulations is set out in the Table to these Regulations. | ||||
| ||||
Toilíonn an tAire Airgeadais leis na Rialacháin thuas. | ||||
| ||||
Nóta Míniúcháin | ||||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é | ||||
Forálaítear leis na Rialacháin seo go bhféadfar an leagan Gaeilge amháin de logainm Gaeltachta — arna dhearbhú in aon Ordú Logainmneacha faoi Chuid 5 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - a úsáid sna léarscáileanna a sonraítear sa Rialacháin (i.e. léarscáileanna mórscálacha deifnídeach arna n-ullmhú agus arna bhfoilsiú ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann nó le cead uaithi ar an 1 Eanáir 2005 nó dá éis). | ||||
Explanatory Note | ||||
(This note is not part of the Instrument and does not purport to be a legal interpretation.) | ||||
The Regulations provide that the Irish language version only of a Gaeltacht placename — as declared in any Placenames Order under part 5 of the Official Languages Act 2003 — may be used on the maps specified in the Regulations (i.e. large-scale definitive maps prepared and published by or with the permission of Ordnance Survey Ireland on or after 1 January 2005). |