I.R. Uimh. 681/2003 -Na RialacháinGairmoideachais (Deontais do Scéimeanna Bliantúla na gCoistí), 2002
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 53 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930 (Uimh. 29 de 1930), agus le ceadú an Aire Airgeadais, déanaimse, Nollaig ó Díomasaigh, Aire Oideachais agus Eolaíochta, leis seo, na Rialacháin seo a leanas: 1. Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeann Bliantúla Coistí), 2002, is teideal do na Rialacháin seo. 2. Sna Rialacháin seo: | |||||
ciallaíonn “an tAcht” an t Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , (Uimh. 29 de 1930); | |||||
ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais agus Eolaíochta; | |||||
ciallaíonn “coiste” coiste gairmoideachais; | |||||
ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile átha Cliath” an limistéar gairmoideachais arb é contae-bhuirg Bhaile átha Cliath é; | |||||
ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire” an limistéar gairmoideachais arbh é buirg Dhún Laoghaire suas go dtí 31 Nollaig, 1993. 3. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) , leis na Rialacháin seo. 4. Má bhíonn sa bhliain airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 2002, an ranníoc áitiúl bliantúil a íocfaidh údarás ráthúcháin le coiste níos mó d'aon suim (dá ngairtea r “ab barrachas ranníoca” sna Rialacháin seo) ná dliteanas bliantúil íosta an údaráis rátúch áin sin i leith an choiste sin, féadfaidh an tAire, sa bhliain airgeadais sin, deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Breise), a thabhairt don choiste sin, faoi alt 53 Acht, arb é a bheidh ann: | |||||
(a) suim is comhionann le ceithre oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste de limistéar gairmoideachais buirge (seachas limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile átha Cliath), nó | |||||
(b) suim is comhionann le dhá oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile átha Cliath nó do limistéar gairmoidechais Dhún Laoghaire, nó | |||||
(c) suim is comhionann leis an mbarrachas ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais contae. 5. I gcás na bliana airgeadais dar tosach an lú lá d“Eanáir, 2002, féadfaidh an tAire, i dteannta an Deontais Bhreise, na deontais seo a leanas a thabhairt faoi alt 53 den Acht” | |||||
(1) do Choiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí suim nach mó ná €33,770,672 | |||||
(2) do Choiste Gairmoideachais Chathair Bhaile átha Cliath suim nach mó ná €99,193,948 | |||||
(3) do Choiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh suim nach mó ná €14,122,258 | |||||
(4) do Choiste Gairmoideachais Chathair Phort Láirge suim nach mó ná €8,741,389 | |||||
(5) do Choiste Gairmoideachais Dhún Laoghaire suim nach mó ná €12,565,875 | |||||
(6) do Choiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe suim nach mó ná €12,655,324 | |||||
(7) do Choiste Gairmoideachais Chontae Cheatharlach suim nach mó ná €11,997,609 | |||||
(8) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chabháin suim nach mó ná €11,644,153 | |||||
(9) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chláir suim nach mó ná €21,262,810 | |||||
(10) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí suim nach mó ná €53,582,554 | |||||
(11) do Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall suim nach mó ná €30,754,053 | |||||
(12) do Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile átha Cliath suim nach mó ná €66,373,732 | |||||
(13) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe suim nach mó ná €19,904.372 | |||||
(14) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chiarraí suim nach mó ná €24,194,231 | |||||
(15) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara suim nach mó ná €21,648,698 | |||||
(16) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Chainnigh suim nach mó ná €12,938,118 | |||||
(17) do Choiste Gairmoideachais Chontae Laoise suim nach mó ná €10,698,534 | |||||
(18) do Choiste Gairmoideachais Chontae Liatroma suim nach mó ná €6,456,369 | |||||
(19) do Choiste Gairmoideachais Chontae Luimnigh suim nach mó ná €23,795,102 | |||||
(20) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Longfoirt suim nach mó ná €8,151,738 | |||||
(21) do Choiste Gairmoideachais Chontae Lú suim nach mó ná €20,328,437 | |||||
(22) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhaigh Eo suim nach mó ná €18,014,153 | |||||
(23) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Mí suim nach mó ná €16,238,398 | |||||
(24) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhuineacháin suim nach mó ná €11,988,535 | |||||
(25) do Choiste Gairmoideachais Chontae Uíbh Fhailí suim nach mó ná €13,619,547 | |||||
(26) do Choiste Gairmoideachais Chontae Ros Comáin suim nach mó na €10,773,619 | |||||
(27) do Choiste Gairmoideachais Chontae Shligigh suim nach mó ná €8,144,870 | |||||
(28) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid árann (An Trian Thuaidh suim nach mó ná €13,488,550 | |||||
(29) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid árann (An Trian Theas) suim nach mó ná €12,452,636 | |||||
(30) do Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge suim nach mó ná €15,122,982 | |||||
(31) do Choiste Gairmoideachais Chontae na hIarmhí suim nach mó ná €13,163,510 | |||||
(32) do Choiste Gairmoideachais Chontae Loch Gorman suim nach mó ná €21,059,550 | |||||
(33) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Mhantáin suim nach mó ná €29,697,105 | |||||
dá ngairfear agus ar a dtabharfar i ngach cás Deontas Speisialta. 6. Chun críche aon ríomh a bheidh á dhéanamh de réir na Rialachán seo: | |||||
(a) ní thabharfar aird a fhorálacha reachtúla speisialta i dtaobh measúnú éagsúil a dhéanamh ar shaghsanna áirithe maoine nó ar chodanna ar leith de limistéar údaráis rátúcháin; | |||||
(b) ní gá aird a thabhairt ar aon chodán de euro is comhionann le caoga ceint nua nó is lú ná su agus féadfar gach codán eile den sórt sin a áireamh mar euro; agus | |||||
(c) tá leis an abairt “an dliteanas bliantúil íosta” an bhrí a shanntar di le halt 43(2 den Acht arna leasú le halt 2 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú, 1950 (Uimh. 33 de 1950). | |||||
| |||||
Ceadaíonn an tAire Airgeadais leis seo na Rialacháin sin roimhe seo. | |||||
| |||||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN | |||||
(Ní cuid den ionstraim an nóta seo, ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil airthi é). | |||||
Rialaíonn na rialacháin seo ioc deontas breise agus deontas forlíontach agus deontas speisialta le Coistí Gairmoideachais sa bhliain airgeadais dar tosach an 1 Eanáir, 2002. |