I.R. Uimh. 518/2003 -An tOrdú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Tosach Feidhme) 2003


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 1(2) de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003), ordaímse éamon ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, leis seo mar a leanas:

1.     Féadfar an tOrdú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Tosach Feidhme) 2003, a ghairm don Ordú seo.

2.     Tiocfaidh Altanna 2, 3, 4 agus Cuid 5 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003) i ngníomh ar 30 Deireadh Fómhair 2003.

 

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,

30 Deireadh Fómhair 2003

/images/seal.jpg

ÉAMON Ó CUÍV

Aire Gnóthaí Pobail,

Tuaithe agus Gaeltachta

Nóta Míniúcháin

(Ní chuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)

Tugann an tOrdú seo tosach feidhme do Chuid 5 de Achta na dTeangacha Oifigiúla 2003 le héifeacht ó 30 Deireadh Fómhair 2003. Baineann Cuid 5 le logainmneacha. Tagann roinnt altanna eile, le feidhm teicniúil acu, i bhfeidhm le héifeacht ón dáta céanna chomh maith.

Explanatory Note

(This note is not part of the Instrument and does not purport to be a legal interpretation.)

This Order commences Part 5 of the Official Languages Act 2003 with effect from 30 October 2003. Part 5 relates to placenames. A number of other, technical, sections of the Act are also commenced with effect from the same date.