Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Cumhachtaí an Choimisinéara.

22.—(1)  (a) Chun críche a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo, féadfaidh an Coimisinéir a cheangal ar aon duine a bhfuil, i dtuairim an Choimisinéara, faisnéis aige nó aici, nó a bhfuil cumhacht nó rialú aige nó aici ar thaifead nó ar rud, a bhaineann leis na críocha réamhráite, aon fhaisnéis, taifead nó rud den sórt sin a thabhairt don Choimisinéir agus, más cuí, féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine freastal os a chomhair nó os a comhair chun na críche sin, agus comhlíonfaidh an duine an ceanglas.

(b) Níl feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir le faisnéis nó le cibé méid de thaifead a bhaineann le cinntí agus le himeachtaí de chuid an Rialtais nó de chuid aon choiste de chuid an Rialtais agus chun críocha na míre seo is deimhniú críochnaitheach deimhniú a thabharfaidh Ard-Rúnaí an Rialtais á dheimhniú go bhfuil aon fhaisnéis nó taifead nó cuid de thaifead bainteach amhlaidh.

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní chuirfidh aon achtachán nó riail dlí lena dtoirmisctear nó lena sriantar faisnéis a nochtadh nó a chur in iúl cosc ar dhuine aon fhaisnéis nó taifead den sórt sin, mar a dúradh, a thabhairt don Choimisinéir.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh duine a mbeidh ceanglas dírithe chuige nó chuici faoin alt seo i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh sé nó sí ina dteideal dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.

(4) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh nó a chuirfidh treampán nó bac ar an gCoimisinéir le linn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €2,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) I gcás cion faoi fho-alt (4) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur éascaíodh é a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den tsamhail sin de chuid an chomhlachta, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an t-oifigeach nó an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht sin, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(6) Féadfaidh an Coimisinéir imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(7) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis nó léi, íocaíochtaí mar a leanas a íoc le haon duine a dhéanfaidh, chun na gcríoch réamhráite, freastal os comhair an Choimisinéara nó faisnéis nó taifead nó rud eile a thabhairt dó nó di—

(a) suimeanna i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhaigh an duine go cuí, agus

(b) liúntais mar chúiteamh as a chuid nó a cuid ama a chailleadh,

ina mbeidh cibé méid a chinnfidh an tAire.

(8) Ní bheidh ráiteas nó admháil ó dhuine chun na gcríoch réamhráite inghlactha mar fhianaise i gcoinne an duine sin in aon imeachtaí coiriúla.

(9) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo aon cheart a thabhairt chun aon taifead nó rud atá faoi réir pribhléide dlíthiúla a thabhairt ar aird nó chun rochtain a fháil ar an gcéanna.