Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Coimisinéir”, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunaítear le halt 20 nó sealbhóir na hoifige sin de thuras na huaire;

folaíonn “cúirt” binse arna bhunú faoi na hAchtanna um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise) 1921 go 2002;

ciallaíonn “dréacht-scéim” dréacht-scéim a bheidh le hullmhú ag comhlacht poiblí faoin Acht seo;

ciallaíonn “achtachán” reacht nó ionstraim arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais, agus aon tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn siad, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;

ciallaíonn “limistéar Gaeltachta” limistéar a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956 gur limistéar Gaeltachta é;

ciallaíonn “ceann” ceann comhlachta phoiblí;

ciallaíonn “ceann” comhlachta phoiblí”—

(a) i ndáil le Roinn Stáit, an tAire den Rialtas atá i bhfeighil na Roinne sin,

(b) i ndáil le hOifig an Ard-Aighne, an tArd-Aighne,

(c) i ndáil le hOifig Choimisinéirí na Státseirbhíse, Coimisinéirí na Státseirbhíse,

(d) i ndáil le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste,

(e) i ndáil le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí,

(f) i ndáil le hOifig Thithe an Oireachtais, Cathaoirleach Dháil Éireann,

(g) i ndáil le hOifig an Choimisinéara Faisnéise, an Coimisinéir Faisnéise,

(h) i ndáil le hOifig na gCoimisinéirí um Cheapacháin �itiúla, na Coimisinéirí um Cheapacháin �itiúla,

(i) i ndáil le hOifig an Ombudsman, an tOmbudsman,

(j) i ndáil le haon chomhlacht poiblí eile, an duine atá i seilbh, nó a chomhlíonann feidhmeanna, oifig phríomhoifigeach feidhmiúcháin (cibé ainm a thugtar uirthi) an chomhlachta;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Rialtais Ã?itiúil 2001;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta;

ciallaíonn “na teangacha oifigiúla” an Ghaeilge (ós í an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil í) agus an Béarla (ós teanga oifigiúil eile é) mar a shonraítear in Airteagal 8 den Bhunreacht;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an Aire le rialacháin faoi alt 4 ;

ciallaíonn “imeachtaí” imeachtaí sibhialta nó coiriúla os comhair aon chúirte;

déanfar “comhlacht poiblí” a fhorléiriú de réir an Chéad Sceidil;

folaíonn “taifead” aon mheabhrán, leabhar, plean, léarscáil, líníocht, léaráid, saothar pictiúrtha nó grafach nó doiciméad eile, aon ghrianghraf, scannán nó taifeadadh (cibé acu is taifeadadh fuaime nó taifeadadh íomhánna nó iad araon é), aon fhoirm ina gcoimeádtar sonraí (de réir bhrí an Achta um Chosaint Sonraí 1988), aon fhoirm eile (lena n-áirítear foirm mheaisín-inléite) nó rud eile ina ndéantar faisnéis a choimeád nó a stóráil de láimh, go meicniúil nó go leictreonach agus aon rud ar cuid nó cóip é, i bhfoirm ar bith, d'aon cheann díobh sin roimhe seo nó ar teaglaim é de dhá cheann nó níos mó díobh sin roimhe seo;

ciallaíonn “scéim” scéim arna daingniú ag an Aire faoi alt 14 ;

ciallaíonn “seirbhís” seirbhís arna tairiscint nó arna soláthar (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach) ag comhlacht poiblí don phobal i gcoitinne nó d'aicme den phobal i gcoitinne.

(2) (a) San Acht seo aon tagairt d'alt nó do sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(b) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.