An tAcht um an Séú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2002

Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29 den Bhunreacht:

(a) cuirfear na fo-ailt a bhfuil na téacsanna díobh leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh fho-alt 6° d'alt 4 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear na fo-ailt a bhfuil na téacsanna díobh leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh fho-alt 6° d'alt 4 den téacs Sacs-Bhéarla,

(c) déanfar fo-ailt 7° agus 8° d'alt 4 den dá théacs a uimhriú mar fho-ailt 10° agus 11°.