S.I. No. 498/2002 - Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tabhairt ar Ais Nithe Cultúrtha) (Leasú) 2002


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a bronnadh orm ag Alt 3 d'Acht na gComhphobal Eorpach 1972 (Uimh. 27 de 1972) agus chun feidhm a thabhairt do Threoir 2001/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2001, a leasaíonn Treoir na Comhairle 93/7/CEE maidir le tabhairt ar ais nithe cultúrtha a aistríodh go neamhdhleathach as críoch Bhallstáit, déanaimse, John O'Donoghue T.D., An tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta na rialacháin seo a leanas:-

1.         Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tabhairt Ar Ais Nithe Cultúrtha (Leasú) 2002 is teideal do na Rialacháin seo.

2.         Leasaítear Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tabhairt Ar Ais Nithe Cultúrtha) 1994 (I.R. Uimh 182 de 1994)

(a)        tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe sa “Treoir” i Rialachán 2(1):

“Ciallaíonn ‘Treoir’ Treoir na Comhairle 93/7/CE an 15 Márta 1993, maidir le tabhairt ar ais nithe cultúrtha a aistríodh go neamhdhleathach as críoch Ballstáit (mar a leasaítear í ag Treoir 96/100/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 agus ag Treoir 2001/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2001)”, agus

(b)        trí seo chur sa Sceideal -

(a) “Cibé a luach” in ionad “0 (Nialas)”

(b) “€15,000” in ionad “€11,125”

(c) “€50,000” in ionad “€37,083”, agus

(d) “€150,000” in ionad “€111,251”.

Tugtha faoi mo Shéala Oifigiúil,

an 1ú lá seo de Shamhain, 2002.

John O'Donoghue, T.D.,

An t Aire Ealaíon, Spóirt agus

Turasóireachta.

NÓTA M�NITHE

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo agus níl sé ceaptha a bheith ina shainmhíniú dlíthiúil).

Tugann na Rialacháin seo feidhm do Threoir na Comhairle 2001/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle dar dáta 5 Meitheamh 2001, ag leasú Treoir na Comhairle 93/7/CEE an 15 Márta 1993 maidir le tabhairt ar ais nithe cultúrtha a aistríodh go neamhdhleathach as críoch Ballstáit.

Leasaítear an Sceideal a ghabhann le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tabhairt Ar Ais Nithe Cultúrtha) 1994 (I.R. Uimh. 182, 1994) chun léiriú a thabhairt in Euro ar luachanna na dtairseach airgid a bhaineann le catagóirí ábhar a liostáiltear san Iarscríbhinn le Treoir 93/7/CEE.

In ionad an teidil “Luach: 0(Nialas)” faoi ceannteideal B den Iarscríbhinn le Treoir 93/7/CEE, a fheidhmíonn mar thairseach airgid do chatagóirí áirithe d'ábhair chultúrtha, cuirtear “Luach: Cibé a luach.”

ROINN EALA�ON, SPÓIRT AGUS TURASÓIREACHTA

I.R. Uimh. 498 de 2002

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tabhairt Ar Ais Nithe Cultúrtha) (Leasú) 2002

Faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972) tá Rialacháin mar atá thuas, dar dáta 1ú Samhain, 2002, déanta ag an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta. Tá cóipeanna de na Rialacháin ar fáil ó oifig Dhíolta Fhoilseachán an Rialtais, Teach Sun Alliance, Sráid Tí Laighean, Baile Ã?tha Cliath 2. Luach €0.76

Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta

Samhain 2002