I.R. Uimh. 491/2001 -An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 2001


I bhfeidhmiú na geumhachtaí a thugtar dom le halt 25(1) den Acht Staidrimh, 1993 (Uimh. 21 de 1993), agus leis an Ordú Staidrimh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1997 (I.R. Uimh. 327 de 1997), ordaímse, Séamus ó Braonáin, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis seo mar a leanas:

1.       (1)     An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 2001, is teideal don Ordú seo.

(2)     San Ordú seo, mura luaitear a mhalairt, ciallaíonn “oíche an Daonáirimh” oíche Dé Domhnaigh, 28 Aibreán 2002.

2.       Forordaítear faisnéis, a sonraítear a cineál ginearálta i Sceideal l de na Rialacháin seo mar fhaisnéis nach mór a thabhairt chun críocha an Daonáirimh sa bhliain 2002.

3.       Faoi réir ag Airteagal 4, forordaítear na daoine nó na haicmí daoine a shonraítear i Sceideal 2 de na Rialacháin seo mar na daoine nó aicmí daoine sin a gceanglaítear orthu an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2 den Ordú seo a chur ar fáil, faisnéis a chuirfear ar fáil trí fhoirmeacha agus cheistiúcháin arna n-ullmhú ag Ard-Rúnaí na Príomh-Oifige Staidrimh de réir alt 23 den Acht Staidrimh, 1993 (Uimh. 21 de 1993) a chomhlánú.

4.       (1)     Ceanglaítear ar dhuine lena mbaineann paragraf 1 de Sceideal 2 an méid seo a leanas a chur ar fáil-

(a)      i dtaca le teaghlach príobháideach a bhfuil an duine sin i láthair ann oíche Dé Domhnaigh, 28 Aibreán 2002, faisnéis, a sonraítear a cineál ginearálta i bparagraf l de Sceideal 1;

(b)      i dtaca le pearsa aonair a chaitheann oíche Dé Domhnaigh, 28 Aibreán 2002, sa teaghlach sin nó a thagann chuig an teaghlach sin maidin Dé Luain, 29 Aibreán 2002, gan a bheith áirithe aon áit eile, faisnéis, a sonraítear a cineál ginearálta i bparagraf 2 de Sceideal 1;

(c)      i dtaca le pearsa aonair atá as láthair go sealadach ón teaghlach príobháideach iomchuí oíche Dé Domhnaigh, 28 Aibreán 2002, nuair atá daoine i láthair sa teaghlach an oíche sin, faisnéis, a sonraítear a cineál ginearálta i bparagraf 3 de Sceideal 1;

(2)     Ceanglaítear ar dhuine lena mbaineann paragraf 2 nó paragraf 3 de Sceideal 2 faisnéis a chur ar fáil, a sonraítear a cineál ginearálta i bparagraf 4 de Sceideal 1.

(3)     Ceanglaítear ar dhuine lena mbaineann paragraf 4 de Sceideal 2 faisnéis a chur ar fáil, a sonraítear a cineál ginearálta i bparagraf 2 de Sceideal 1.

5.       Ach amháin sa chás go soláthraítear dá mhalairt san Ordú seo, cuirfear ar fáil faisnéis nach mór a chur ar fáil de bhua an Ordaithe seo i dtaca le cúrsaí mar atá oíche Dé Domhnaigh, 28 Aibreán 2002.

6.       Cúlghairtear an tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 2000 (I.R. Uimh. 395 de 2000).

SCEIDEAL 1

Cineál Ginearálta na faisnéise atá le cur ar fáil chun críocha an Daonáirimh sa bhliain 2002

1.       I dtaca le hairíonna agus saoráidí tithíochta teaghlaigh phríobháidigh:

(i)       Cineál cóiríochta;

(ii)      Aois an fhoirgnimh;

(iii)     Cineál seilbhe;

(iv)     Cíos a íoctar;

(v)      Líon seomraí;

(vi)     Téamh Lárnach;

(vii)    Cineál soláthair uisce;

(viii)    Saoráidí séarachais;

(ix)     Líon gluaisteán agus veaineanna;

(x)      Ríomhaire pearsanta i seilbh;

(xi)     Rochtain ar an idirlíon.

2.       I dtaca le daoine i láthair i dteaghlach oíche an daonáirimh:

(i)       Daonra;

(ii)      Céadainm, sloinne agus gnéas;

(iii)     Gaol leis an duine a iontráiltear mar dhuine 1 ar an bhfoirm daonáirimh;

(iv)     Dáta breithe;

(v)      áit bhreithe;

(vi)     Náisiúntacht;

(vii)    Gnáthchónaí agus gnáthchónaí bliain roimh 28 Aibreán 2002;

(viii)    Tír inar cónaíodh go deireanach agus bliain inar thángthas chun cónaithe sa Stát;

(ix)     Stádas pósta;

(x)      Eolas ar an nGaeilge;

(xi)     Creideamh;

(xii)     Ballraíocht de Lucht Taistil na hÉireann;

(xiii)    Míchumas - riocht fadtéarmach agus riocht fisiceach, meabhrach nó mothúchánach;

(xiv)   Gnáthchóir thaistil chun oibre, chun scoile nó chun coláiste, am a fhágtar an baile, achar an turais agus am a thógtar;

(xv)    Aois ag ar scoireadh d'oideachas lánaimseartha agus an leibhéal is airde oideachais a críochnaíodh;

(xvi)   Cáilíochtaí tríú leibhéal;

(xvii)  Soláthar cúnaimh phearsanta rialta neamhíoctha;

(xviii)  Príomhstádas eacnamaíochta láithreach, stádas fostaíochta láithreach slí bheatha láithreach, fostóir láithreach agus gnó an fhostóra sin;

(xix)   I gcás duine dhífhostaithe, stádas fostaíochta roimhe, slí bheatha roimhe, fostóir roimhe agus gnó an fhostóra sin;

(xx)    I gcás duine scortha, stádas fostaíochta roimhe agus slí bheatha roimhe;

(xxi)   Má rinneadh aon obair le haghaidh íocaíochta nó brabúis sa tseachtain roimh oíche an daonáirimh, an líon uaireanta a oibríodh sa tseachtain sin;

(xxii)   Mura rinneadh obair le haghaidh íocaíochta nó brabúis sa tseachtain roimh oíche an daonáirimh cibé acu duine ag lorg obair íoctha go gníomhach, ar fáil le haghaidh oibre, nó ag feitheamh le dul i mbun poist a bhí faighte cheana.

3.       I dtaca le daoine atá as láthair go sealadach ó theaghlach príobháideach oíche an daonáirimh:

(i)       Céadainm, sloinne agus gnéas;

(ii)      Gaol leis an duine a iontráiltear mar dhuine 1 ar an bhfoirm daonáirimh;

(iii)     Dáta breithe;

(iv)     Stádas pósta;

(v)      Fad an neamhláithreachais ó theaghlach;

(vi)     Má tá sa Stát;

(vii)    Más mac léinn atá as baile ag freastal ar scoil nó coláiste.

4.       I dtaca le bunaíocht chomhchoitinn -

(a)      tuairisc ar chineál na bunaíochta iomchuí,

(b)      liosta d'ainmneacha na ndaoine a chaitheann oíche an 28 Aibreán 2002 sa bhunaíocht sin, agus

(c)      dearbhú i dtaca le gach duine liostaithe i dtaobh foirm pearsan aonair a bheith eisithe chuig duine dá leithéid agus bailithe uaidh/uaithi.

SCEIDEAL 2

Na daoine, nó aicmí daoine, a gceanglaítear orthu an fhaisnéis a shonraítear i Sceideal 1 a chur ar fáil.

1.       Ceann teaghlaigh phríobháidigh nó aon duine fásta i dteaghlach príobháideach.

2.       Bainisteoir bunaíochta comhchoitinne nó duine i gceannas ar bhunaíocht chomhchoitinn mar óstán, teach lóistín, teach aíochta, brú, institiúid oideachais, comhthionól eaglasta, teach altranais, ospidéal nó bunaíocht eile d'aon chineál.

3.       An máistir nó an duine eile atá i gceannas ar árthach (nach árthach ina bhfaightear leaghlach príobháideach) in aon chuan, calafort, bá, góilín, loch, abhainn, canáil nó aon áit eile in uiseí laistigh de dhlínse an Stáit.

4.       Pearsana aonair.

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh,

2nd   Nov.    2001.

/images/si-0491-008-001.jpg

Séamus Ó Braonáin,

Aire Stáit ag

Roinn an Taoisigh.