I.R. Uimh. 279/2001 -Na RialacháinGhairmoideachais (Deontais i Leith Scéimeanna Bliantúla Coistí) 2000.
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 53 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930), agus le ceadú an Aire Airgeadais, déanaimse, Micheál Ó hUadhaigh, Aire Oideachais agus Eolaíochta, leis seo, na Rialacháin seo a leanas:- | |||||
1. Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeann Bliantúla Coistí), 2000, is teideal do na Rialacháin seo. | |||||
2. Sna Rialacháin seo: | |||||
ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Oideachais Ghairme Beatha 1930, (Uimh. 29 de 1930); | |||||
ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais agus Eolaíochta; | |||||
ciallaíonn “coiste” coiste gairmoideachais; | |||||
ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath” an limistéar gairmoideachais arb é contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath é; | |||||
ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire” an limistéar gairmoideachais arbh é buirg Dhún Laoghaire suas go dtí 31 Nollaig, 1993. | |||||
3. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) leis na Rialacháin seo. | |||||
4. Má bhíonn sa bhliain airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 2000, an ranníoc áitiúl bliantúil a íocfaidh údarás ráthúcháin le coiste níos mó d'aon suim (dá ngairtear “ab barrachas ranníoca” sna Rialacháin seo) ná dliteanas bliantúil íosta an údaráis rátúcháin sin i leith an choiste sin, féadfaidh an tAire, sa bhliain airgeadais sin, deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Breise), a thabhairt don choiste sin, faoi alt 53 Acht arb é a bheidh ann:- | |||||
(a) suim is comhionann le ceithre oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste de limistéar gairmoideachais buirge (seachas limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath), nó | |||||
(b) suim is comhionann le dhá oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath nó do limistéar gairmoidechais Dhún Laoghaire, nó | |||||
(c) suim is comhionann leis an mbarrachas ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais contae. | |||||
5. I gcás na bliana airgeadais dar tosach an lú lá d“Eanáir 2000, féadfaidh an tAire, i dteannta an Deontais Bhreise na deontais seo a leanas a thabhairt faoi alt 53 den Acht”- | |||||
(1) do Choiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí suim nach mó ná £22,599,985.86 | |||||
(2) do Choiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath suim nach mó ná £56,140,513.51 | |||||
(3) do Choiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh suim nach mó ná £8,616,286.07 | |||||
(4) do Choiste Gairmoideachais Chathair Phort Láirge suim nach mó ná £5,559,637.00 | |||||
(5) do Choiste Gairmoideachais Dhún Laoghaire suim nach mó ná £7,019,723.80 | |||||
(6) do Choiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe suim nach mó ná £7,767,319.27 | |||||
(7) do Choiste Gairmoideachais Chontae Cheatharlach suim nach mó ná £8,640,987.73 | |||||
(8) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chabháin suim nach mó ná £6,919,871.63 | |||||
(9) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chláir suim nach mó ná £10,388,370.89 | |||||
(10) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí suim nach mó ná £30,376,378.92 | |||||
(11) do Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall suim nach mó ná £16,991,478.86 | |||||
(12) do Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath suim nach mó ná £40,582,206.44 | |||||
(13) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe suim nach mó ná £11,138,781.84 | |||||
(14) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chiarraí suim nach mó ná £14,214,667.56 | |||||
(15) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara suim nach mó ná £13,188,644.96 | |||||
(16) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Chainnigh suim nach mó ná £8,895,561.10 | |||||
(17) do Choiste Gairmoideachais Chontae Laoise suim nach mó ná £6,986,980.52 | |||||
(18) do Choiste Gairmoideachais Chontae Liatroma suim nach mó ná £3,957,064.50 | |||||
(19) do Choiste Gairmoideachais Chontae Luimnigh suim nach mó ná £14,907,593.36 | |||||
(20) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Longfoirt suim nach mó ná £4,574,471.57 | |||||
(21) do Choiste Gairmoideachais Chontae Lú suim nach mó ná £9,863,301.57 | |||||
(22) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhaigh Eo suim nach mó ná £10,521,472.04 | |||||
(23) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Mí suim nach mó ná £12,309,283.19 | |||||
(24) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhuineacháin suim nach mó ná £9,602,182.49 | |||||
(25) do Choiste Gairmoideachais Chontae Uíbh Fhailí suim nach mó ná £6,891,505.74 | |||||
(26) do Choiste Gairmoideachais Chontae Ros Comáin suim nach mó na £4,097,483.13 | |||||
(27) do Choiste Gairmoideachais Chontae Shligigh suim nach mó ná £5,910,023.45 | |||||
(28) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid Árann (An Trian Thuaidh) suim nach mó ná £9,019,933.37 | |||||
(29) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid Árann (An Trian Theas) suim nach mó ná £8,637,808.77 | |||||
(30) do Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge suim nach mó ná £4,533,325.06 | |||||
(31) do Choiste Gairmoideachais Chontae na hIarmhí suim nach mó ná £8,056,064.20 | |||||
(32) do Choiste Gairmoideachais Chontae Loch Gorman suim nach mó ná £12,577,388.56 | |||||
(33) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Mhantáin suim nach mó ná £15,621,507.38 | |||||
dá ngairfear agus ar a dtabharfar i ngach cás Deontas Speisialta. | |||||
6. Chun críche aon ríomh a bheidh á dhéanamh de réir na Rialachán seo:- | |||||
(a) ní thabharfar aird a fhorálacha reachtúla speisialta i dtaobh measúnú éagsúil a dhéanamh ar shaghsanna áirithe maoine nó ar chodanna ar leith de limistéar údaráis rátúcháin; | |||||
(b) ní gá aird a thabhairt ar aon chodán de phunt is comhionann le caoga pingin nua nó is lú ná sin agus féadfar gach codán eile den sórt sin a áireamh mar phunt; agus | |||||
(c) tá leis an abairt “an dliteanas bliantúil íosta” an bhrí a shanntar di le halt 43 (2) den Acht arna Leasú le halt 2 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú, 1950 (Uimh. 33 de 1950). | |||||
| |||||
Ceadaíonn an tAire Airgeadais leis seo na Rialacháin sin roimhe seo. | |||||
| |||||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN | |||||
(Ní cuid den ionstraim an nóta seo, ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é). | |||||
Rialaíonn na rialacháin seo íoc deontas breise agus deontas forlíontach agus deontas speisialta le Coistí Gairmoideachais sa bhliain airgeadais dar tosach an 1 Eanáir, 2000. |