Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001

SCHEDULE 5

Section 41 .

Text in the Irish language of the Protocol drawn up on the basis of Article K.3 of the Treaty on European Union to the Convention on the protection of the European Communities' financial interests done at Brussels on 27 September 1996

PRÓTACAL

arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA sa Phrótacal seo, Ballstáit den Aontas Eorpach.

AG TAGAIRT DÓIBH do Ghníomh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh 27 Meán Fómhair 1996.

ÓS MIAN LEO a áirithiú go gcuidíonn a ndlíthe coiriúla go héifeachtach le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint;

AG AITHINT DÓIBH thábhacht Choinbhinsiún an 26 Iúil 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint a mhéid a bhaineann le calaois a dhéanann difear d'ioncam agus caiteachas Comhphobail a chomhrac;

ÓS FIOS DÓIBH go bhféadfaidh cionta coiriúla eile díobháil a dhéanamh do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach nó bheith ina mbagairt orthu, go háirithe gníomhartha éillitheacha arna ndéanamh ag oifigigh náisiúnta agus oifigigh Chomhphobail atá freagrach as cistí Comhphobail atá á rialú acu a bhailiú, a bhainisteoireacht nó a íoc amach, nó gníomhartha éillitheacha arna ndéanamh ina gcoinne;

DE BHRÍ go bhféadfaidh daoine de náisiúntachtaí éagsúla atá fostaithe ag gníomhaireachtaí nó comhlachtaí poiblí éagsúla bheith i dtreis san éilliú sin agus go bhfuil sé tábhachtach, ar mhaithe le gníomhaíocht éifeachtach i gcoinne an éillithe sin a bhfuil craobhacha idirnáisiúnta aige, dearcadh comhchosúil ar a gcineál incháinte a bheith ann i ndlíthe coiriúla na mBallstát;

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH nach gcuimsíonn dlí coiriúil roinnt de na Ballstáit maidir le coirpeacht atá bainteach le feidhmeanna poiblí a fheidhmiú i gcoitinne agus maidir le héilliú, ach go háirithe, ach gníomhartha i gcoinne a n-oifigeach náisiúnta nó arna ndéanamh acu agus nach gcuimsíonn sé iompar a bhfuil oifigigh Chomhphobail nó oifigigh Bhallstát eile i dtreis ann nó go gcuimsíonn sé é i gcásanna eisceachtúla amháin;

ÓS DEIMHIN LEO gur gá an dlí náisiúnta a oiriúnú nuair nach bpionósaíonn sé gníomhartha éillitheacha a bhfuil oifigigh Chomhphobail nó oifigigh Bhallstát eile i dtreis iontu a dhéanann díobháil, nó ar dóigh dóibh díobháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach;

ÓS DEIMHIN LEO freisin nár chóir oiriúnú den sórt sin ar an dlí náisiúnta a theorannú, i leith oifigeach Comhphobail, do ghníomhartha éillitheacha gníomhacha nó neamhghníomhacha ach gur chóir é a chur i mbaint le coireanna eile a dhéanann difear, nó ar dóigh dóibh difear a dhéanamh, d'ioncam nó do chaiteachas na gComhpho- bal Eorpach, lena n-áirítear coireanna arna ndéanamh ag daoine a ndílsítear na freagrachtaí is airde dóibh nó coireanna arna ndéanamh ina gcoinne;

DE BHRÍ gur chóir freisin rialacha iomchuí a leagan síos maidir le dlínse agus comhar frithpháirteach, gan dochar do na coinníollacha dlíthiúla faoina mbeidh siad infheidhme i gcásanna sonracha, lena n-áirítear díolúine a tharscaoileadh nuair is iomchuí:

DE BHRÍ, ar deireadh, gur chóir forálacha ábhartha Choinbhinsiún an 26 Iúil 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint a chur i bhfeidhm ar na gníomhartha coiriúla atá folaithe sa Phrótacal seo.

TAR ÉIS COMHAONTÚ AR NA FORÁLACHA SEO A LEANAS:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Phrótacail seo:

(1) (a) ciallaíonn ‘oifigeach’ aon oifigeach Comhphobail nó náisiúnta, lena n-áirítear aon oifigeach náisiúnta de chuid Ballstáit eile;

(b) ciallaíonn ‘oifigeach Comhphobail’:

—  aon duine ar oifigeach nó fostaí eile ar conradh é de réir bhrí Rialachán Foirne oifigigh na gComhphobal Eorpach nó Choinníollacha Fostaíochta sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach;

—  aon duine atá tugtha ar iasacht do na Comhphobail Eorpacha ag na Ballstáit nó ag aon chomhlacht poiblí nó príobháideach agus a fheidhmíonn feidhmeanna is coibhéiseach le feidhmeanna a fheidhmíonn oifigigh nó seirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach.

Déileálfar le comhaltaí comhlachtaí arna mbunú i gcomhréir leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus le foireann na gcomhlachtaí sin mar oifigigh Chomhphobail a mhéid nach bhfuil Rialachán Foirne oifigigh na gComhphobal Eorpach ná Coinníollacha Fostaíochta sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach infheidhme orthu.

(c) léirítear ‘oifigeach náisiúnta’ i gcomhréir leis an sainmhíniú ar ‘oifigeach’ nó ‘oifigeach poiblí’ atá i ndlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an fheidhm sin á feidhmiú ag an duine i dtrácht chun críocha dlí coiriúil an Bhallstáit sin a chur i bhfeidhm.

Ar a shon sin, i gcás imeachtaí a bhfuil oifigeach de chuid Ballstáit i dtreis iontu agus a thionscain Ballstát eile, ní bheidh de cheangal ar an mBallstát eile sin an sainmhíniú ar “oifigeach náisiúnta” a chur i bhfeidhm ach sa mhéid go bhfuil an sainmhíniú sin ag luí lena dhlí náisiúnta féin.

(2) ciallaíonn “Coinbhinsiún” Coinbhinsiún an 26 Iúil 1995, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint(1) .

Airteagal 2

Éilliú neamhghníomhach

1. Chun críocha an Phrótacail seo, is éard é éilliú neamhghníomhach gníomh intinneach oifigeach a iarrann nó a fhaigheann, go díreach nó trí idirghabhálaí, buntáistí de chineál ar bith dó féin nó do thríú páirtí, nó a ghlacann gealltanas buntáiste den sórt sin, chun gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh i gcomhréir lena fheidhmeanna nó i bhfeidhmiú a fheidhmeanna de shárú ar a dhualgais oifigiúla ar dhóigh a dhéanann díobháil, nó ar dóigh di díobháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach.

2. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar cion coiriúil den iompar dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 3

Éilliú gníomhach

1. Chun críocha an Phrótacail seo, is éard é éilliú gníomhach gníomh intinneach aon duine a gheallann nó a thugann, go díreach nó trí idirghabhálaí, buntáiste de chineál ar bith d'oifigeach, dó féin nó do thríú páirtí, chun gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh i gcomhréir lena fheidhmeanna nó i bhfeidhmiú a fheidhmeanna de shárú ar a dhualgais oifigiúla ar dhóigh a dhéanann díobháil, nó ar dóigh di díobháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach.

2. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar cion coiriúil den iompar dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 4

Comhshamhlú

1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh tuairiscí na gcionta ina dhlí coiriúil arb éard iad iompar den saghas dá dtagraítear in Airteagal 1 den Choinbhinsiún arna ndéanamh ag a oifigigh náisiúnta i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna infheidhme ar an dóigh chéanna ar chásanna ina ndéanann oifigigh Chomhphobail na cionta sin i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

2. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh tuairiscí na gcionta ina dhlí coiriúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagail 2 agus 3 arna ndéanamh ag a Airí Rialtais, comhaltaí tofa a sheomraí parlaiminteacha, comhaltaí a chúirteanna is airde nó comhaltaí a chúirte iniúchóirí i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, nó arna ndéanamh ina gcoinne, infheidhme ar an dóigh chéanna ar chásanna ina ndéanann comhaltaí de Choimisiún na gComhphobal Eorpach, de Pharlaimint na hEorpa, de Chúirt Bhreithiúnais nó de Chúirt Iniúchóirí na gComhphobal Eorpach, faoi seach. na cionta sin i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna agus ar chásanna ina ndéantar ina gcoinne iad.

3. Nuair atá reachtaíocht speisialta achtaithe ag Ballstát maidir le gníomhartha nó neamhghníomhartha a bhfuil Airí Rialtais freagrach astu de bharr a staide polaitiúla speisialta sa Bhallstát sin, féadfar gan mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar an reachtaíocht sin, ar chuntar go n-áirithíonn an Ballstát go bhfuil comhaltaí Choimisiún na gComhphobal Eorpach folaithe sa reachtaíocht choiriúil a chuireann Airteagail 2 agus 3 agus mír 1 den Airteagal seo chun feidhme.

4. Beidh míreanna 1, 2 agus 3 gan dochar do na forálacha is infheidhme i ngach Ballstát maidir le himeachtaí coiriúla agus maidir leis an gcúirt a bhfuil dlínse aici a chinneadh.

5. Cuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt d'fhorálacha ábhartha na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach, an Phrótacail ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach, Reachtanna na Cúirte Breithiúnais agus na dtéacsanna arna nglacadh chun iad a chur chun feidhme, maidir le díolúine a tharscaoileadh.

Airteagal 5

Pionóis

1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an t-iompar dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3, maille le rannpháirteachas ann nó gríosú chuige, inphionóis le pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach lena n-áirítear, ar a laghad i gcásanna tromchúiseacha, pionóis lena mbaineann cailleadh saoirse a bhféadfaidh eiseachadadh teacht astu.

2. Beidh mír 1 gan dochar d'fheidhmiú cumhachtaí araíonachta ag na húdaráis inniúla i leith oifigeach náisiúnta nó oifigeach Comhphobail. Agus an pionós atá le forchur á chinneadh acu, féadfaidh na cúirteanna coiriúla náisiúnta, i gcomhréir le prionsabail a ndlí náisiúnta, aonphionós araíonachta arna fhorchur cheana ar an duine céanna i leith an iompair chéanna a chur san áireamh.

Airteagal 6

Dlínse

1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlínse a bhunú i leith na gcionta atá bunaithe aige i gcomhréir le hAirteagail 2, 3 agus 4:

(a) nuair is ar a chríoch a dhéantar an cion, go hiomlán nó go páirteach;

(b) nuair is náisiúnach nó oifigeach dá chuid an ciontóir;

(c) nuair a dhéantar an cion i duine de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1 nó i gcoinne comhalta de cheann de na hinstitiúidí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) ar náisiúnach dá chuid é;

(d) nuair is oifigeach Comhphobail atá ag obair d'institiúid de chuid na gComhphobal Eorpach nó do chomhlacht arna bhunú i gcomhréir leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach a bhfuil a shuíomh aige sa Bhallstát i dtrácht an ciontóir.

2. Féadfaidh gach Ballstát, agus an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 9(2) á thabhairt aige, a dhearbhú nach ndéanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na rialacha dlínse atá leagtha síos i bpointí (b), (c) agus (d) de mhír 1 a chur i bhfeidhm nó nach gcuirfidh sé i bhfeidhm é nó iad ach i gcásanna nó imthosca sonracha.

Airteagal 7

Gaol leis an gCoinbhinsiún

1. Beidh Airteagail 3, 5(1), (2) agus (4) agus 6 den Choinbhinsiún infheidhme amhail is dá mbeadh tagairt iontu don iompar dá dtagraítear in Airteagail 2, 3 agus 4 den Phrótacal seo.

2. Beidh na forálacha seo a leanas den Choinbhinsiún infheidhme ar an bPrótacal seo freisin:

—  Airteagal 7, ar é a bheith le tuiscint go mbeidh aon dearbhú de réir bhrí Airteagal 7(2) den Choinbhinsiún infheidhme ar an bPrótacal seo freisin mura sonrófar a mhalairt tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 9(2) den Phrótacal seo a thabhairt.

—  Airteagal 9.

—  Airteagal 10.

Airteagal 8

An Chúirt Bhreithiúnais

1. Ní foláir don Chomhairle aon díospóidí idir na Ballstáit maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Phrótacail seo a phlé mar chéad chéim i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach d'fhonn teacht ar réiteach.

Mura mbeidh réiteach faighte laistigh de thréimhse sé mhí féadfaidh páirtí sa díospóid í a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach.

2. Féadfar aon díospóid maidir le hAirteagal 1, seachas pointe 1 (c) de, nó maidir le hAirteagail 2, 3 agus 4 nó Airteagal 7(2), tríú fleasc, den Phrótacal seo idir Ballstát amháin nó níos mó agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach nárbh fhéidir a réiteach trí chaibidlíocht a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl d'Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlíonta acu.

3. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm 90 lá tar éis don fhógra dá bhforáiltear i mír 2 a bheith tugtha ag an Stát is Ballstát den Aontas Eorpach an tráth a ghlacfaidh an Chomhairle an Gníomh ag dréachtú an Phrótacail seo is déanaí a dhéanfaidh an beart sin. Mura mbeidh an Coinbhinsiún tagtha i bhfeidhm at an dáta sin áfach, tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm ar an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm.

Airteagal 10

Aontachas Ballstát nua

1. Beidh an Prótacal seo ar oscailt d'aontachas aon Stáit a thiocfaidh chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.

2. Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Stáit aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

3. Déanfar na hionstraimí aontachais a thaisceadh leis an taiscí.

4. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm i leith aon Stáit a, aontaíonn dó 90 lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse thuasluaite 90 lá a dhul in éag.

Airteagal 11

Forchoimeádais

1. Ní cheadófar aon fhorchoimeádas seachas na cinn dá bhforáiltear in Airteagal 6(2).

2. Féadfaidh aon Bhallstát a bhfuil forchoimeádas déanta aige é a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach tráth ar bith trí fhógra a chur chuig an taiscí. Gabhfaidh éifeacht leis an tarraingt siar ar an dáta a fhaigheann an taiscí an fógra.

Airteagal 12

Taiscí

1. Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taisc an Phrótacail seo.

2. Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach faisnéis maidir leis an bPrótacal seo a ghlacadh agus aontachais leis, na dearbhuithe, na forchoimeádais agus gach fógra eile a bhaineann leis an bPrótacal seo.

(1) IO Uimh. C 316, 27.11.1995, Ich. 49.