Customs and Excise (Mutual Assistance) Act, 2001

EIGHTH SCHEDULE

THE TEXT IN THE IRISH LANGUAGE OF THE 1996 PROTOCOL

PRÓTACAL, ARNA DHRÉACHTÚ AR BHONN AIRTEAGAL K.3 DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH, MAIDIR LE LÉIRIÚ, TRÍ RÉAMHRIALÚ, AG CÚIRT BHREITHIÚNAIS NA gCOMHPHOBAL EORPACH AR AN gCOINBHINSIÚN MAIDIR LE hÚSÁID THEICNEOLAÍOCHT AN EOLAIS CHUN CRÍOCHA CUSTAIM

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gCoinbhinsiún:

Airteagal 1

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal seo, chun réamhrialuithe a thabhairt ar léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le húsáid theieneolaíocht an eolais chun críocha custaim.

Airteagal 2

1. Féadfaidh aon Bhallstát, trí dhearbhú a dhéanamh tráth sínithe an Phrótacail seo nó aon tráth eile ina dhiaidh sin, glacadh le dlínse Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun réamhrialuithe a thabhairt ar léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críocha custaim faoi na coinníollacha atá sonraithe i bpointe (a) de mhír 2 nó i bpointe (b) de mhír 2.

2. Féadfaidh Ballstát a dhéanann dearbhú faoi mhír 1 a shonrú:

(a) go bhféadfaidh aon cheann de chúirteanna nó binsí an Bhallstáit sin nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta in aghaidh a bhreitheanna a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach réamhrialú a thabhairt ar cheist a ardaítear i gcás atá ar feitheamh os a chomhair agus a bhaineann le léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críocha custaim má mheasann an chúirt nó an binse sin gur gá breith a thabhairt ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé breithiúnas a thabhairt; nó

(b) go bhféadfaidh aon cheann de chúirteanna nó binsí an Bhallstáit sin a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach réamhrialú a thabhairt ar cheist a ardaítear i geás atá ar feitheamh os a chomhair agus a bhaineann le léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críocha custaim má mheasann an chúirt nó an binse sin gur gá breith a thabhairt ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé breithiúnas a thabhairt.

Airteagal 3

1. Beidh an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais sin infheidhme.

2. I gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, beidh gach Ballstát, bíodh nó ná bíodh dearbhú de bhun Airteagal 2 déanta aige, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh do Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach i gcásanna a thagann chun cinn faoi Airteagal 1.

Airteagal 4

1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscí go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlíonta acu, agus cuirfidh siad in iúl dó freisin aon dearbhú arna dhéanamh de bhun Airteagal 2.

3. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm nócha lá tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an Stát, is Ballstát den Aontas Eorpach tráth na Comhairle do ghlacadh an Ghnímh ag dréachtú an Phrótacail seo, is déanaí a dhéanfaidh an beart sin. Ar a shon sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm ar a luaithe san am céanna leis an gCoinbhinsiún maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críocha custaim.

Airteagal 5

1. Beidh aontachas leis an bPrótacal seo ar oscailt d'aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.

2. Taiscfear na hionstraimí aontachais leis an taiscí.

3. Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Stáit aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

4. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm i leith aon Stáit aontaigh nócha lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse nócha lá thuasluaite a dhul in éag.

Airteagal 6

Aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach agus a aontaíonn don Choinbhinsiún maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críocha custaim i gcomhréir le hAirteagal 25 de, glacfaidh sé le forálacha an Phrótacail seo.

Airteagal 7

1. Féadfaidh gach Ballstát is Ardpháirtí Conarthach leasuithe ar an bPrótacal seo a mholadh. Cuirfear gach togra do leasú chuig an taiscí agus cuirfidh seisean in iúl don Chomhairle é.

2. Glacfaidh an Chomhairle na leasuithe agus molfaidh sí iad lena nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

3. Tiocfaidh na leasuithe arna nglacadh amhlaidh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 4.

Airteagal 8

1. Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Phrótacail seo.

2. Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach fógraí, ionstraimí agus cumarsáidí a bhaineann leis an bPrótacal seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an naoú lá is fiche de Shamhain, míle naoi gcéad nócha a sé, i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.