Customs and Excise (Mutual Assistance) Act, 2001

TENTH SCHEDULE

THE TEXT IN THE IRISH LANGUAGE OF THE 1999 PROTOCOL

PRÓTACAL, ARNA DHRÉACHTÚ AR BHONN AIRTEAGAL K.3 DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH, MAIDIR LEIS AN RAON FEIDHME ATÁ AG SCIÚRADH FÁLTAS SA CHOINBHINSIÚN MAIDIR LE HÚSÁID THEICNEOLAÍOCHT AN EOLAIS CHUN CRÍOCHA CUSTAIM AGUS MAIDIR LE hUIMHIR CHLÁRÚCHÁIN NA CÓRA IOMPAIR A ÁIREAMH SA CHOINBHINSIÚN

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA sa Phrótacal seo, Ballstáit an Aontais Eorpaigh,

AG TAGAIRT DO Ghníomh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 12 Márta 1999,

AG FÉACHAINT don Choinbhinsiún, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críocha custaim, dá ngairtear “an Coinbhinsiún” anseo feasta;

TAR ÉIS COMHAONTÚ AR NA FORÁLACHA SEO A LEANAS:

Airteagal 1

Leasaítear an dara flease de phointe 1 d'Airteagal 1 den Choinbhinsiún mar a leanas:

‘—  aistriú, tiontú, ceilt nó folú maoine nó fáltas arna gcineadh ó gháinneáil idirnáisiúnta aindleathach drugaí, arna bhfáil go díreach nó go neamhdhíreach tríthi nó arna n-úsáid inti nó arna gcineadh ó aon sárú ar na forálacha seo a leanas, arna bhfáil go díreach nó go neamhdhíreach tríd nó arna n-úsáid ann:

(i) na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin uile de chuid Ballstáit a dtig a gcur i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach faoi dhlínse riarachán custaim an Bhallstáit maidir le trácht trasteorann in earraí atá faoi réir toirmeasc, srianta nó rialuithe, go háirithe de bhun Airteagail 36 agus 223 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus faoi réir dleachtanna neamh-chomhchuibhithe máil; nó

(ii) an bailiúchán forálacha Comhphobail agus forálacha comhlachaithe cur chun feidhme a rialaíonn allmhairiú, onnmhairiú, idirthuras agus láithreacht earraí arna dtrádáil idir Ballstáit agus tríú tíortha, agus idir Ballstáit i gcás earraí nach bhfuil stádas Comhphobail acu de réir bhrí Airteagal 9(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh nó i gcás earraí atá faoi réir rialuithe nó imscrúduithe breise d'fhonn a stádas Comhphobail a shuíomh; nó

(iii) an bailiúchán forálacha arna nglacadh ar leibhéal an Chomhphobail faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus na forálacha sonracha arna nglacadh i ndáil le hearraí a thig ó tháirgí talmhaíochta a phróiseáil; nó

(iv) an bailiúchán forálacha arna nglacadh ar leibhéal an Chomhphobail maidir le dleachtanna comhchuibhithe máil agus cáin bhreisluacha ar allmhairiú mar aon leis na forálacha náisiúnta á gcur chun feidhme.’

Airteagal 2

Forlíontar na hearnálacha sonraí atá liostaithe in Airteagal 4 den Choinbhinsiún leis an earnáil seo a leanas:

‘(ix) uimhir chlárúcháin na córa iompair.’

Airteagal 3

1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscí go bhfuil a rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlíonta acu.

3. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm nócha lá tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an Stát is Ballstát den Aontas Eorpach tráth na Comhairle do ghlacadh an Ghnímh ag dréachtú an Phrótacail seo is déanaí a chomhallfaidh an fhoirmiúlacht sin. Ar a shon sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm ar a luaithe san am céanna leis an gCoinbhinsiún.

Airteagal 4

1. Beidh aontachas leis an bPrótacal seo ar oscailt d'aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.

2. Déanfar na hionstraimí aontachais a thaisceadh leis an taiscí.

3. Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Stáit aontaigh, arna tharraingt suas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

4. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm i leith aon Stát a aontaíonn dó nócha lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse nócha lá thuasluaite a dhul in éag.

Airteagal 5

Aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach agus a aontaíonn don Choinbhinsiún i gcomhréir le hAirteagal 25 de, glacfaidh sé le forálacha an Phrótacail seo.

Airteagal 6

1. Féadfaidh gach Ballstát is Ardpháirtí Conarthach leasuithe ar an bPrótacal seo a mholadh. Cuirfear gach togra do leasú chuig an taiscí agus cuirfidh seisean in iúl don Chomhairle é.

2. Glacfaidh an Chomhairle na leasuithe agus molfaidh sí iad lena nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

3. Tiocfaidh na leasuithe arna nglacadh amhlaidh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3.

Airteagal 7

1. Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Phrótacail seo.

2. Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach fógraí, ionstraimí agus cumarsáidí a bhaineann leis an bPrótacal seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an dara lá déag de Mhárta, míle naoi gcéad nócha a naoi.