|
Eolas a nochtadh.
|
11.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 15:
|
| |
“15.—(1) Ní nochtfaidh aon duine, mura n-údaraíonn an tÚdarás dó nó di é nó mura gceanglaítear air nó uirthi é de réir dlí, aon eolas rúnda a fuair sé nó sí ina cháil nó ina cáil, nó le linn dó nó di a bheith ag comhlíonadh dualgas, mar aon duine díobh seo a leanas:
|
| |
(a) comhalta den Údarás nó de choiste nó d'fhochoiste den Údarás,
|
| |
(b) comhalta d'fhoireann an Údaráis,
|
| |
(c) sainchomhairleoir nó comhairleoir a bheidh fostaithe ag an Údarás nó fostaí de chuid sainchomhairleora nó comhairleora den sórt sin, nó
|
| |
(d) duine a bheidh fostaithe ag an Údarás in aon cháil eile.
|
| |
(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.
|
| |
(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) nochtadh eolais i dtuarascáil chuig an Údarás nó, thar ceann an Údaráis, chuig an Aire.
|
| |
(4) San alt seo folaíonn ‘eolas rúnda’—
|
| |
(a) eolas a mbeidh sé sainráite ag an Údarás ina leith go bhfuil sé rúnda maidir le heolas áirithe nó maidir le heolas d'aicme nó de thuairisc áirithe, agus
|
| |
(b) eolas a bhaineann le tograí de chineál tráchtála nó le tairiscintí a chuirfidh conraitheoirí, sainchomhairleoirí nó aon duine eile faoi bhráid an Údaráis.”.
|