|
An Coiste Meastóireachta.
|
7.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10A (arna chur isteach leis an Acht seo):
|
| |
“10B.—(1) Bunóidh an tAire coiste (dá ngairtear ‘an Coiste Meastóireachta’ san Acht seo).
|
| |
(2) Is é is córam do chruinniú den Choiste Meastóireachta trí cheathrú de líon comhaltaí an choiste tráth an chruinnithe.
|
| |
(3) Más rud é, i gcás lena mbaineann alt 10(2A), go mbeidh breithniú á dhéanamh ag an Údarás i dtaobh an dtabharfar cúnamh airgid—
|
| |
(a) déanfaidh an Coiste Meastóireachta an togra lena mbaineann a mheas,
|
| |
(b) déanfaidh an Coiste Meastóireachta moltaí i scríbhinn don Údarás—
|
| |
(i) maidir le hoiriúnacht nó mí-oiriúnacht an togra le haghaidh cúnaimh airgid ón Údarás, agus
|
| |
(ii) maidir le méid (más ann) an chúnaimh sin,
|
| |
(c) ní thabharfaidh an tÚdarás cúnamh airgid le haghaidh an togra más rud é go molann an Coiste Meastóireachta nach bhfuil an togra oiriúnach le haghaidh an chúnaimh sin, agus
|
| |
(d) ní thabharfaidh an tÚdarás cúnamh airgid le haghaidh an togra de mhéid is mó ná an méid a bheidh molta ag an gCoiste Meastóireachta faoi mhír (b)(ii).”.
|