British-Irish Agreement Act, 1999

Stádas an Fhorais.

26.—(1) Sa Chuid seo, gairtear “an Foras” den chomhlacht forfheidhmithe le haghaidh teanga a bhunaítear leis an gComhaontú agus ar a dtugtar i mBéarla “The North/South Language Body” nó i nGaeilge “An Foras Teanga” nó in Ultais “Tha Boord o Leid”.

(2) Tabharfar aitheantas don Fhoras mar chomhlacht corpraithe agus mar chomhlacht ag a bhfuil na tréithe go léir de chuid comhlachta chorpraithe, lena n-áirítear comharbas suthain, an chumhacht chun talamh nó maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus an chumhacht chun agairt a dhéanamh.

(3) Féadfar an Foras a agairt faoina ainm corpraithe.