Twentieth Amendment of the Constitution Act, 1999

SCHEDULE

Part I

RIALTAS �ITIÚIL.

Airteagal 28A.

1. Admhaíonn an Stát an ról atá ag rialtas áitiúil maidir le fóram a chur ar fáil le haghaidh ionadaíochta daonlathaí do phobail áitiúla, maidir le cumhachtaí agus feidhmeanna a bheirtear le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh ag leibhéal áitiúil agus maidir le leasanna na bpobal sin a chur chun cinn trína thionscnaimh.

2. Beidh cibé údaráis áit úla dhírthofa ann a chinnfear le dlí agus déanfar a gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna a chinneadh amhlaidh, faoi chuimsiú fhorálacha an Bhunreachta seo, agus oibreofar agus comhlíonfar iad de réir dlí.

3. Ní foláir toghcháin do chomhaltaí de na húdaráis áitiúla sin a dhéanamh de réir dlí tráth nach déanaí ná deireadh an cúigiú bliain tar éis na bliana ina ndearnadh go deireanach iad.

4. Gach saoránach ag a bhfuil ceart vótála i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann agus cibé daoine eile a chinnfear le dlí, beidh ceart vótála acu i dtoghchán comhaltaí cibé údaráis áitiúla dá dtagraítear in alt 2 den Airteagal seo a chinnfear le dlí.

5. Déanfar corrfholúntais i gcomhaltas údarás áitiúil dá dtagraítear in alt 2 den Airteagal seo a líonadh de réir dlí.

Part II

LOCAL GOVERNMENT.

Article 28A.

1. The State recognises the role of local government in providing a forum for the democratic representation of local communities, in exercising and performing at local level powers and functions conferred by law and in promoting by its initiatives the interests of such communities.

2. There shall be such directly elected local authorities as may be determined by law and their powers and functions shall, subject to the provisions of this Constitution, be so determined and shall be exercised and performed in accordance with law.

3. Elections for members of such local authorities shall be held in accordance with law not later than the end of the fifth year after the year in which they were last held.

4. Every citizen who has the right to vote at an election for members of Dáil Éireann and such other persons as may be determined by law shall have the right to vote at an election for members of such of the local authorities referred to in section 2 of this Article as shall be determined by law.

5. Casual vacancies in the membership of local authorities referred to in section 2 of this Article shall be filled in accordance with law.