Europol Act, 1997

FOURTH SCHEDULE

The Text in the Irish Language of the Convention

Section 2 .

COINBHINSIÚN

ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú (Coinbhinsiún Europol)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA sa Choinbhinsiún seo, Ballstáit an Aontais Eorpaigh,

AG TAGAIRT do Ghníomh ón gComhairle an 26 Iúil 1995;

ÓS FEASACH DÓIBH na fadhbanna práinneacha a eascraíonn ó sceimhlitheoireacht, gáinneáil neamhdhleathach drugaí agus saghsanna eile tromchúiseacha coirpeachta idirnáisiúnta,

DE BHRÍ go bhfuil gá le dul chun cinn i ndlúthpháirtíocht agus i gcomhar idir Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, go háirithe trí chomhar póilíneachta idir na Ballstáit a fheabhsú;

DE BHRÍ gur cóir gurbh fhéidir le dul chun cinn den sórt sin breis feabhais a chur ar shlándáil agus ord poiblí a chosaint;

DE BHRÍ gur comhaontaíodh i gConradh ar an Aontas Eorpach an 7 Feabhra 1992 Oifig Eorpach Póilíní (Europol) a bhunú;

I bhFIANAISE chinneadh ón gComhairle Eorpach an 29 Deireadh Fómhair 1993 gur chóir Europol a bhunú san Ísiltír agus a shuíomh a bheith air sa Háig;

AG MEABHRÚ DÓIBH an chuspóra choitinn comhar póilíneachta a fheabhsú i réimse na sceimhlitheoireachta, na gáinneála neamhdhleathaí drugaí agus saghsanna eile tromchúiseacha coirpeachta idirnáisiúnta trí bhuanmhalartú rúnda dian faisnéise idir Europol agus aonaid náisiúnta na mBallstát;

AR A BHEITH DE THUISCINT ACU nach ndéanfaidh na saghsanna comhair atá leagtha síos sa Choinbhinsiún seo difear do shaghsanna eile comhair dhéthaobhaigh nó iltaobhaigh;

ÓS DEIMHIN LEO nach foláir aire faoi leith a thabhairt do chearta an duine aonair a chosaint agus go háirithe do chosaint a shonraí pearsanta, i réimse an chomhair phóilíneachta freisin;

DE BHRÍ go bhfuil gníomhaíochtaí Europol faoin gCoinbhinsiún seo gan dochar do chumhachtaí na gComhphobal Eorpach agus gur chun leas cómhalartach Europol agus na gComhphobal, faoi chuimsiú an Aontais Eorpaigh, saghsanna comhair a bhunú a chumasaíonn do gach ceann acu a bhfeidhmeanna a fheidhmiú a éifeachtaí agus is féidir,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

CLÁR NA nÁBHAR

Leathanach

TEIDEAL I

BUNÚ AGUS CÚRAIMÍ

55

Airteagal 1

Bunú

55

Airteagal 2

Cuspóir

55

Airteagal 3

Feidhmeanna

56

Airteagal 4

Aonaid náisiúnta

57

Airteagal 5

Oifigigh liaison

58

Airteagal 6

Córas ríomhairithe faisnéise bailithe

59

TEIDEAL II

AN CÓRAS FAISNÉISE

59

Airteagal 7

An córas faisnéise a bhunú

59

Airteagal 8

Inneachar an chórais faisnéise

60

Airteagal 9

Ceart rochtana ar an gcóras faisnéise

61

TEIDEAL III

COMHAID OIBRE LE hAGHAIDH ANAILÍSE

62

Airteagal 10

Sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid

62

Airteagal 11

Córas innéacs

64

Airteagal 12

Ordú ag oscailt comhad sonraí

65

TEIDEAL IV

FORÁLACHA COITEANNA MAIDIR LE PRÓISEÁIL FAISNÉISE

66

Airteagal 13

Dualgas maidir le cur ar an eolas

66

Airteagal 14

Caighdeán cosanta sonraí

66

Airteagal 15

Freagracht maidir le sonraí a chosaint

66

Airteagal 16

Forálacha maidir le tuarascálacha a dhéanamh

67

Airteagal 17

Rialacha maidir le sonraí a úsáid

67

Airteagal 18

Sonraí a pháirtiú le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí

68

Airteagal 19

Ceart rochtana

69

Airteagal 20

Sonraí a cheartú agus a scriosadh

71

Airteagal 21

Tréimhsí le haghaidh comhaid sonraí a stóráil agus a scriosadh

71

Airteagal 22

Sonraí i gcomhaid pháipéir a stóráil agus a cheartú

72

Airteagal 23

Comhlacht náisiúnta maoirseachta

72

Airteagal 24

An Comhchomhlacht Maoirseachta

73

Airteagal 25

Slándáil sonraí

74

TEIDEAL V

STÁDAS DLÍTHEANACH, EAGRÚCHÁN AGUS FORÁLACHA AIRGEADAIS

75

Airteagal 26

Inniúlacht dhlítheanach

75

Airteagal 27

Orgáin Europol

76

Airteagal 28

An Bord Bainistíochta

76

Airteagal 29

Stiúrthóir

78

Airteagal 30

Foireann

79

Airteagal 31

Rúndacht

79

Airteagal 32

Oibleagáid discréide agus rúndachta

80

Airteagal 33

Teangacha

81

Airteagal 34

Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas

81

Airteagal 35

Buiséad

81

Airteagal 36

Iniúchóireacht

82

Airteagal 37

Comhaontú ceanncheathrún

83

TEIDEAL VI

DLITEANAS AGUS COSAINT DHLÍTH EANACH

83

Airteagal 38

Dliteanas maidir le próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí

83

Airteagal 39

Dliteanais eile

84

Airteagal 40

Díospóidí a réiteach

84

Airteagal 41

Pribhléidí agus díolúintí

85

TEIDEAL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

85

Airteagal 42

Caidreamh le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí

85

Airteagal 43

An Coinbhinsiún a leasú

85

Airteagal 44

Forchoimeádais

86

Airteagal 45

Teacht i bhfeidhm

86

Airteagal 46

Aontachas Ballstát nua

87

Airteagal 47

Taiscí

87

An Iarscríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 2

87

TEIDEAL I

BUNÚ AGUS CÚRAIMÍ

Airteagal 1

Bunú

1. Bunaíonn Ballstáit an Aontais Eorpaigh, dá ngairtear ‘na Ballstáit’ anseo feasta, leis seo Oifig Eorpach Póilíní dá ngairtear ‘Europol’ anseo feasta.

2. Beidh Europol i gcuibhreann le haonad náisiúnta amháin i ngach Ballstát a dhéanfar a bhunú nó a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4.

Airteagal 2

Cuspóir

1. Beidh de chuspóir ag Europol, faoi chuimsiú comhair idir na Ballstáit de bhun Airteagal K.1(9) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, trí na bearta dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún seo, feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus comhar na n-údarás inniúil sna Ballstáit, agus sceimhlitheoireacht, gáinneáil neamhdhleathach drugaí agus saghsanna eile tromchúiseacha coirpeachta idirnáisiúnta á gcosc agus á gcomhrac acu, nuair atá taispeántaí fíorasacha ann go bhfuil struchtúr coiriúil eagraithe i dtreis agus go bhfuil na saghsanna coirpeachta sin ag cur isteach ar dhá Bhallstát nó níos mó ar dhóigh gur gá cur chuige coiteann ag na Ballstáit toisc raon, tábhacht agus iarmhairtí na gcionta i dtrácht.

2. Chun an cuspóir atá luaite i mír 1 a ghnóthú go comhleanúnach, gníomhóidh Europol i dtosach chun gáinneáil neamhdhleathach drugaí agus substaintí núicléacha agus radaighníomhacha, smugláil neamhdhlíthiúil imirceach, ceannaíocht i ndaoine agus gáinneáil mhótarfheithiclí goidte a chosc agus a chomhrac.

Déileálfaidh Europol freisin, faoi cheann dhá bhliain ón gCoinbhinsiún seo a theacht i bhfeidhm ar a dhéanaí, le cionta a dhéantar, nó ar dóigh go ndéanfaí iad, faoi chuimsiú gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta i gcoinne beatha, slándáil phearsanta, saoirse agus maoin daoine. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a chinneadh a chur de chúram ar Europol déileáil le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta den sórt sin roimh an tréimhse sin a dhul in éag.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a chinneadh a chur de chúram ar Europol déileáil le saghsanna eile coirpeachta atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo nó cineálacha sonracha díobh. Sula ngníomhóidh an Chomhairle, ordóidh sí don Bhord Bainistíochta a cinneadh a ullmhú agus, lena linn sin, go háirithe na hiarmhairtí buiséadacha agus foirne d'Europol a leagan amach.

3. Áireofar freisin ar inniúlacht Europol maidir le saghas coirp eachta nó le cineálacha sonracha de shaghas coirpeachta:

(1) sciúradh airgid atá ceangailte leis na saghsanna coirpeachta sin nó le cineálacha sonracha díobh;

(2) cionta coiriúla atá gaolmhar leo.

Meastar gur cionta gaolmhara na cionta seo a leanas agus go bhfuil siad le cur san áireamh de réir na rialacha mionsonraithe in Airteagail 8 agus 10:

— cionta coiriúla a dhéantar chun na meáin a fháil chun gníomhartha a chur i gcrích a bhfuil Europol inniúil ina leith,

— cionta coiriúla a dhéantar chun gníomhartha a bhfuil Europol inniúil ina leith a éascú nó a chur i gcrích,

— cionta coiriúla a dhéantar chun saoirse ó phionós a áirithiú maidir le gníomhartha a bhfuil Europol inniúil ina leith.

4. Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ gach comhlacht poiblí sna Ballstáit atá freagrach faoin dlí náisiúnta as cionta coiriúla a chosc agus a chomhrac.

5. Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, ciallaíonn ‘gáinneáil neamhdhleathach drugaí’ na cionta coiriúla atá liostaithe in Airteagal 3(1) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 20 Nollaig 1988 i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha agus sna forálacha ag leasú an Choinbhinsiúin sin nó ag gabháil a ionaid.

Airteagal 3

Feidhmeanna

1. Faoi chuimsiú a chuspóra de bhun Airteagal 2(1), beidh na príomhfheidhmeanna seo a leanas ar Europol:

(1) an malartú faisnéise idir na Ballstáit a éascú;

(2) faisnéis agus eolas a fháil, a chóimheas agus a anailísiú;

(3) faisnéis a bhaineann le húdaráis inniúla na mBallstát agus ceangail idir chionta coiriúla arna mbrath aici a pháirtiú leo gan mhoill trí na haonaid náisiúnta atá sainithe in Airteagal 4;

(4) cabhrú le himscrúduithe sna Ballstáit trí gach faisnéis ábhartha a dhíriú chuig na haonaid náisiúnta;

(5) córas ríomhairithe faisnéise bailithe ina bhfuil sonraí i gcomhréir le hAirteagail 8, 10 agus 11 a riar.

2. D'fhonn éifeachtúlacht na n-údarás inniúil sna Ballstáit agus an comhar eatarthu a fheabhsú trí na haonaid náisiúnta d'fhonn an cuspóir atá leagtha amach in Airteagal 2(1) a chomhall, beidh ina theannta sin na feidhmeanna breise seo a leanas ar Europol:

(1) saineolas ar nósanna imeachta imscrúdaithe na n-údarás inniúil sna Ballstáit a fhorbairt agus comhairle maidir le himscrúduithe a sholáthar;

(2) eolas straitéiseach a sholáthar chun cuidiú le húsáid éifeachtúil agus éifeachtach na n-acmhainní náisiúnta atá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla agus chun an úsáid sin a chur ar aghaidh;

(3) tuarascálacha ginearálta a ullmhú ar aon athruithe sa chor.

3. Ina theannta sin, féadfaidh Europol, faoi chuimsiú a chuspóra de bhun Airteagal 2(1) i gcomhréir lena acmhainní foirne agus buiséadacha agus faoi na teorainneacha arna socrú ag an mBord Bainistíochta, cuidiú le Ballstáit tri chomhairle agus taighde sna réimsí seo a leanas:

(1) oiliúint chomhaltaí na n-údarás inniúil;

(2) eagrú agus trealmhú na n-údarás sin;

(3) modhanna coiscthe cionta;

(4) modhanna póilíneachta teicniúla agus fóiréinseacha agus modhanna imscrúdaithe.

Airteagal 4

Aonaid náisiúnta

1. Bunóidh gach Ballstát, nó ainmneoidh sé, aonad náisiúnta chun na feidhmeanna atá liostaithe san Airteagal seo a chomhall.

2. Is é an t-aonad náisiúnta an t-aon chomhlacht liaison idir Europol agus na húdaráis náisiúnta inniúla. Beidh caidreamh idir an t-aonad náisiúnta agus na húdaráis inniúla faoi rialú ag an dlí náisiúnta, go háirithe ag na rialacha bunreachtúla ábhartha.

3. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh na haonaid náisiúnta a bhfeidhmeanna a chomhall agus, go háirithe, chun rochtain ag aonaid náisiúnta ar shonraí náisiúnta ábhartha a áirithiú.

4. Is é cúram na n-aonad náisiúnta:

(1) an fhaisnéis agus an t-eolas is gá chun feidhmeanna Europol a chomhall a sholáthar dó ar a dtionscnamh féin;

(2) freagra a thabhairt ar iarrataí ó Europol ar fhaisnéis, eolas agus comhairle;

(3) faisnéis agus eolas a choimeád suas chun dáta;

(4) faisnéis agus eolas a mheas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ar mhaithe leis na húdaráis inniúla, agus an t-ábhar sin a sheoladh chucu;

(5) iarrataí ar chomhairle, faisnéis, eolas agus anailís a chur chuig Europol;

(6) faisnéis a sholáthar d'Europol lena stóráil sa chóras ríomhairithe;

(7) féachaint chuige go ndéantar gach malartú faisnéise idir Europol agus iad féin de réir an dlí.

5. Gan dochar d'fheidhmiú fhreagrachtaí na mBallstát mar atá siad leagtha síos in Airteagal K.2(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ni dhlífear d'aonad náisiúnta i gcás leithleach an fhaisnéis agus an t-eolas dá bhforáiltear i bpointí 1, 2 agus 6 de mhír 4 agus in Airteagail 7 agus 10 a sholáthar:

(1) dá ndéanfaí dochar do leasanna bunúsacha slándála náisiúnta; nó

(2) dá gcuirfí rath imscrúdaithe reatha nó sábháilteacht daoine aonair i gcontúirt;

(3) dá mbainfeadh sé le faisnéis a thagann faoi eagraíochtaí nó gníomhaíochtaí sonracha eolais i réimse shlándáil an Stáit.

6. Iompróidh na Ballstáit na costais arna dtabhú ag na haonaid náisiúnta i leith cumarsáidí le hEuropol agus, seachas costáis nasctha, ni mhuirearófar ar Europol iad.

7. Tiocfaidh ceannairí na n-aonad náisiúnta le chéile a mhéad is gá chun cabhrú le hEuropol lena gcuid comhairle.

Airteagal 5

Oifigigh liaison

1. Tabharfaidh gach aonad náisiúnta oifigeach liaison amháin ar a laghad ar iasacht d'Europol. Déanfaidh an Bord Bainistíochta líon na n-oifigeach liaison a fhéadfaidh na Ballstáit a chur chuig Europol a leagan síos trí chinneadh d'aon toil; féadfar an cinneadh a athrú tráth ar bith trí chinneadh d'aon toil ón mBord Bainistíochta. Mura bhforáiltear a mhalairt i bhforálacha sonracha an Choinbhinsiúin seo, beidh oifigigh liaison faoi réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit tionscnaimh.

2. Ordóidh na haonaid náisiúnta dá n-oifigigh liaison leasahna na n-aonad náisiúnta sin a ionadú laistigh de Europol i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit tionscnaimh, agus na forálacha is infheidhme ar oibriú Europol á n-urramú acu.

3. Gan dochar d'Airteagal 4(4) agus (5), cuideoidh na hoifigigh liaison, faoi chuimsiú an chuspóra atá leagtha síos in Airteagal 2(1), le faisnéis a mhalartú idir na haonaid náisiúnta tionscnaimh agus Europol, go háirithe:

(1) trí fhaisnéis a sholáthar d'Europol ón aonad náisiúnta tionscnaimh;

(2) trí fhaisnéis ó Europol a pháirtiú leis an aonad náisiúnta tionscnaimh; agus

(3) trí chomhoibriú le hoifigigh Europol tri fhaisnéis agus comhairle a thabhairt in anailís na faisnéise a bhaineann leis an mBallstát tionscnaimh.

4. San am céanna, cuideoidh na hoifigigh liaison le faisnéis ón aonad náisiúnta a mhalartú maille leis na bearta a leanann uaidh a chomhordú, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus faoi chuimsiú an chuspóra atá leagtha síos in Airteagal 2(1).

5. A mhéad is gá chun na cúraimí faoi mhír 3 thuas a chomhlíonadh, beidh an ceart ag na hoifigigh liaison rochtain a bheith acu ar na comhaid éagsúla sonraí i gcomhréir leis na forálacha iomchuí arna sonrú sna hairteagail ábhartha.

6. Beidh Airteagal 25 infheidhme mutatis mutandis ar ghníomhaíocht na n-oifigeach liaison.

7. Gan dochar d'fhorálacha eile an Choinbhinsiúin seo, cinnfidh an Bord Bainistíochta d'aon toil cearta agus oibleagáidí na n-oifigeach liaison i ndáil le hEuropol.

8. Beidh ag na hoifigigh liaison na pribhléidí agus díolúintí is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 41(2).

9. Soláthróidh Europol saor ó tháille do na Ballstáit na háitribh is gá i bhfoirgneamh Europol do ghníomhaíocht a n-oifigeach liaison. Iompróidh an Ballstát tionscnaimh gach costas eile a bheidh i dtreis maidir le hoifigigh liaison a thabhairt ar iasacht; iompróidh sé freisin costas threalamh na n-oifigeach liaison, mura molfaidh an Bord Bainistíochta a mhalairt d'aon toil i gcás leithleach agus buiséad Europol á bhunú aige.

Airteagal 6

Córas ríomhairithe faisnéise bailithe

1. Riarfaidh Europol córas ríomhairithe faisnéise bailithe leis na heilimintí seo a leanas:

(1) an córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 7 agus a mbeidh inneachar ann atá srianta agus sainithe go cruinn chun gur féidir teacht go mear ar fhaisnéis atá ar fáil do na Ballstáit agus d'Europol;

(2) na comhaid oibre dá dtagraítear in Airteagal 10 arna mbunú le haghaidh tréimhsí athraitheacha chun críocha anailíse a mbeidh faisnéis mhionsonraithe iontu; agus

(3) córas innéacs ina mbeidh mionsonraí as na comhaid anailíse dá dtagraítear i bpointe 2 i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe dá bhforáiltear in Airteagal 11.

2. Ní ceadmhach ar aon chúinse an córas ríomhairithe faisnéise bailithe arna oibriú ag Europol a nascadh le córais eile uathphróiseála, amach ó cháras uathphróiseála na n-aonad náisiúnta.

TEIDEAL II

AN CÓRAS FAISNÉISE

Airteagal 7

An córas faisnéise a bhunú

1. D'fhonn a fheidhmeanna a chomhall, déanfaidh Europol córas ríomhairithe faisnéise a bhunú agus a riar. Is iad na Ballstáit, trína n-aonaid náisiúnta agus a gcuid oifigeach liaison i gcomhréir lena nósanna imeachta náisiúnta, agus Europol, maidir leis na sonraí ó thríú Stáit agus tríú comhlachtaí agus na sonraí a thagann ó anailísí, a dhéanfaidh sonraí a ionchur go díreach sa chóras faisnéise. Beidh rochtain dhíreach air chun é a cheadú ag aonaid náisiúnta, oifigigh liaison, an Stiúrthóir, na Leas-Stiúrthóirí agus oifigigh chuí-údaraithe Europol.

Teorannófar rochtain dhíreach na n-aonad náisiúnta ar an gcóras faisnéise maidir leis na daoine dá dtagraítear i bpointe 2 d'Airteagal 8(1) go dtí na saintréithe sainaitheanta dá bhforáiltear in Airteagal 8(2). Beidh rochtain acu ar na sonraí uile, arna iarraidh sin dóibh, trí na hoifigigh liaison chun críocha fiosrúcháin shonraigh.

2. Is é cúram Europol:

(1) comhlíonadh na bhforálacha ag rialú an chomhair maidir leis an gcóras faisnéise agus oibriú an chórais a áirithiú; agus

(2) bheith freagrach go teicniúil agus go hoibríochtúil as oibriú cuí an chórais faisnéise. Glacfaidh Europol ach go háirithe na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 21 agus 25 maidir leis an gcóras faisnéise a chur chun feidhme go cuí.

3. Beidh an t-aonad náisiúnta i ngach Ballstát freagrach as páirtiú leis an gcóras faisnéise. Beidh sé freagrach, ach go háirithe, as na bearta slándála dá dtagraítear in Airteagal 25 i leith trealaimh phróiseála sonraí arna úsáid ar chríoch an Bhallstáit i gceist, as an athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 21 agus, a mhéad is gá faoi fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin agus nósanna imeachta an Bhallstáit sin, as cur chun feidhme cuí an Choinbhinsiúin seo thairis sin.

Airteagal 8

Inneachar an chórais faisnéise

1. Ní fhéadfar an córas faisnéise a úsáid ach amháin chun sonraí a stóráil, a bhunathrú agus a úsáid is gá d'Europol chun a fheidhmeanna a chomhall amach ó shonraí ar chionta coiriúla gaolmhara dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 2(3). Na sonraí a chuirtear ann, bainfidh siad le:

(1) daoine atá, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit i gceist, faoi amhras go ndearna siad cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith faoi Airteagal 2 nó go raibh siad páirteach ina dhéanamh nó daoine a ciontaíodh sa chion sin;

(2) daoine a bhfuil forais thromchúiseacha ann lena thoimhdiú faoin dlí náisiúnta go ndéanfaidh siad cionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith faoi Airteagal 2.

2. Ní fhéadfar ach an fhaisnéis seo a leanas a chur sna sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1:

(1) sloinne, sloinne réamhphósta, céad ainmneacha agus aon alias nó ainm bréige;

(2) dáta agus ionad breithe;

(3) náisiúntacht;

(4) gnéas; agus

(5) nuair is gá, aon saintréithe eile ar dóigh dóibh cuidiú le sainaithint lena n-áirítear go háirithe saintréithe fisiceacha oibiachtúla nach bhfuil inathraithe.

3. I dteannta leis na sonraí dá dtagraítear i mír 2 agus an tagairt d'Europol nó don aonad náisiúnta ionchuir, féadfar an córas faisnéise a úsáid chun na sonraí breise seo a leanas maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 a stóráil, a bhunathrú agus a úsáid:

(1) cionta coiriúla, coireanna arna líomhaint agus an t-am agus an áit ina ndearnadh iad;

(2) na meáin arna n-úsáid nó ar dóigh go n-úsáidfear iad chun na coireanna a dhéanamh;

(3) na ranna atá ag láimhseáil an cháis agus a dtagairtí comhdaithe;

(4) amhras go mbaineann siad le heagraíocht choiriúil;

(5) na daorbhreitheanna a mhéad a bhaineann siad leis na cionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith de réir Airteagal 2.

Féadfar na sonraí sin a ionchur freisin fiú nuair nach dtagraítear do dhaoine iontu. Nuair is é Europol féin a ionchuireann na sonraí, i dteannta lena dtagairtí comhdaithe a thabhairt, cuirfidh sé i bhfios freisin ar sholáthair tríú páirtí na sonraí nó an leanann siad óna anailísí féin.

4. Féadfar an fhaisnéis bhreise maidir leis na cineálacha daoine dá dtagraítear i mír 1 agus atá arna coinneáil ag Europol nó ag na haonaid náisiúnta a pháirtiú arna iarraidh sin d'aon aonad náisiúnta n d'Europol. Déanfaidh na haonaid náisiúnta an páirtiú sin i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

Má bhaineann an fhaisnéis bhreise sin le cion coiriúil gaolmhar amháin nó níos mó mar atá siad sainithe sa dara fomhír d'Airteagal 2(3), cuirfear leis an sonra atá stóráilte sa chóras faisnéise nod á rá go bhfuil cionta coiriúla gaolmhara ann ionas gur féidir le haonaid náisiúnta agus le hEuropol faisnéis ar na cionta coiriúla gaolmhara a mhalartú.

5. Má dhéantar na himeachtaí i gcoinne an duine i dtrácht a scor nó má dhéantar é a éigiontú, déanfar na sonraí a bhaineann le ceachtar den dá chinneadh sin a scriosadh.

Airteagal 9

Ceart rochtana ar an gcóras faisnéise

1. Is iad na haonaid náisiúnta, na hoifigigh liaison, agus an Stiúrthóir, na Leas-Stiúrthóirí agus oifigigh chuí-údaraithe Europol amháin a bheidh i dteideal sonraí a ionchur go díreach sa chóras faisnéise agus iad a aisghabháil as. Féadfar sonraí a aisghabháil nuair is gá sin chun feidhmeanna Europol a chomhlíonadh i gcás áirithe; déanfar an aisghabháil i gcomhréir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin agus nósanna imeachta an aonaid aisghabhála, faoi réir aon rialacha breise atá sa Choinbhinsiún seo.

2. Ní fhéadfaidh ach an t-aonad a rinne na sonraí a iontráil iad a leasú, a cheartú nó a scriosadh. Nuair atá cúis ag aonad lena chreidiúint go bhfuil sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8(2) mícheart nó más mian leis iad a fhorlíonadh, cuirfidh sé an t-aonad ionchuir ar an eolas láithreach; scrúdóidh an déanach an fógra sin gan mhoill agus, más gá, déanfaidh sé na sonraí a leasú, a fhorlíonadh, a cheartú nó a scriosadh láithreach. Nuair atá sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8(3) stóráilte sa chóras maidir le duine, féadfaidh aon aonad sonraí breise dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a iontráil. Nuair atá comhbhréagnú follasach idir na sonraí a ionchuireadh, rachaidh na haonaid i dtrácht i gcomhairle le chéile agus tiocfaidh siad ar comhaontú. Nuair atá sé ar intinn ag aonad sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8(2) a d'ionchuir sé maidir le duine a scriosadh ar fad agus go bhfuil sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8(3) stóráilte maidir leis an duine céanna ach gur aonaid eile a d'ionchuir iad, déanfar an fhreagracht faoi réir reachtaíochta maidir le cosaint sonrai de bhun Airteagal 15(1) agus an ceart chun na sonraí sin a leasú, a fhorlíonadh, a cheartú agus a scriosadh de bhun Airteagal 8(2) a aistriú chuig an gcéad aonad eile a d'ionchuir sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8(3) maidir leis an duine sin. Cuirfidh an t-aonad a bhfuil sé ar intinn aige sonraí a scriosadh an t-aonad chuig a ndéanfar an fhreagracht a aistriú maidir le cosaint sonraí a chur ar an eolas faoina intinn.

3. Is é an t-aonad aisghabhála, ionchuir nó bunathraithe a bheidh freagrach as incheadaitheacht sonraí a aisghabháil ón gcóras faisnéise, iad a ionchur ann agus iad a bhunathrú; ní foláir gur féidir an t-aonad sin a aithint. Beidh páirtiú faisnéise idir na haonaid náisiúnta agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit faoi rialú ag an dlí náisiúnta.

TEIDEAL III

Comhaid Olbre Le haghaidh Anailíse

Airteagal 10

Sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid

1. A mhéad is gá sin chun an cuspóir atá leagtha síos in Airteagal 2(1) a ghnóthú, féadfaidh Europol, i dteannta le sonraí neamhphearsanta, sonraí a stóráil, a bhunathrú agus a úsáid i gcomhaid eile ar sonraí iad atá bainteach le cionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 2(2) lena n-áirítear na sonraí atá bainteach le cionta coiriúla gaolmhara dá bhforáiltear sa dara fomhír d'Airteagal 2(3), le haghaidh anailís shonrach, agus a bhaineann le:

(1) daoine dá dtagraítear in Airteagal 8(1);

(2) daoine a d'fhéadfadh bheith ina bhfinnéithe in aon fhiosrúchán maidir leis na cionta i gceist nó in aon ionchúiseamh coiriúil iardain;

(3) daoine a bhí ina n-íobartaigh i gcion de na cionta i gceist nó a bhfuil fíorais áirithe lena chreidiúint go bhféadfaidh siad bheith ina n-íobartaigh i gcion coiriúil den sórt sin;

(4) daoine tadhaill agus comthaigh; agus

(5) daoine a fhéadfaidh faisnéis a thabhairt ar na cionta coiriúla i gceist.

Ní ceadmhach na sonraí atá liostaithe sa chéad abairt d'Airteagal 6 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Eanáir 1981 um Chosaint Daoine Aonair maidir le hUathphróiseáil Sonraí Pearsanta a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil ach amháin má tá dianghá leo ar mhaithe le cuspóir an chomhaid i dtrácht agus má dhéanann na sonraí sin sonraí pearsanta eile atá cláraithe sa chomhad céanna a fhorlíonadh. Beidh sé toirmisethe cineál áirithe daoine a roghnú ar bhonn na sonraí amháin atá liostaithe sa chéad abairt d'Airteagal 6 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Eanáir 1981, de shárú ar na rialacha thuasluaite maidir le cuspóirí.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, rialacha arna n-ullmhú ag an mBord Bainistíochta a bheidh le cur i bhfeidhm ar na comhaid sonraí a ghlacadh agus ina mbeidh sonraí breise go háirithe maidir le cineálacha na sonraí pearsanta dá bhforáiltear san Airteagal seo agus na forálacha maidir le slándáil na sonraí sin agus maoirseacht inmheánach a n-úsáide.

2. Osclófar na comhaid sin chun críocha anailíse; sainítear an anailís mar a leanas: sonraí a bhailiú, a phróiseáil nó a úsáid ar mhaithe leis an imscrúdú coiriúil. Ní mór grúpa anailíse a chur ar bun do gach tionscadal anailíse a bhfuil dlúthbhaint ag na rannpháirtithe seo a leanas leis, i gcomhréir leis na feidhmeanna agus na cúraimí atá sainithe in Airteagal 3(1) agus (2) agus Airteagal 5(3):

(1) anailísithe agus oifigigh eile Europol arna n-ainmniú ag Stiúrthóireacht Europol. Is iad na hanailísithe amháin a bheidh i dteideal sonraí a ionchur sa chomhad i gceist agus a aisghabháil uaidh;

(2) na hoifigigh liaison agus/nó saineolaithe na mBallstát a thug an fhaisnéis nó ar cás leo an anailís de réir bhrí mhír 6.

3. Arna iarraidh sin d'Europol nó ar a dtionscnamh féin, páirteoidh na haonaid náisiúnta gach faisnéis is gá le hEuropol, faoi réir Airteagal 4(5), chun a fheidhmeanna de bhun phointe 2 d'Airteagal 3(1) a chomhall. Ní pháirteoidh na Ballstáit na sonraí sin ach amháin nuair is féidir iad a phróiseáil faoina ndlí náisiúnta chun cionta coiriúla a chosc, a anailísiú nó a chomhrac.

Féadfaidh na sonraí ó na haonaid náisiúnta, i bhfianaise a íogaire atá siad, teacht go díreach chuig na grúpaí anailíse trí aon mheán iomchuí, bíodh nó ná bíodh sé trí na hoifigigh liaison i dtrácht.

4. Má tá gá le faisnéis de bhreis ar na sonraí dá dtagraítear i mír 3 thuas chun feidhmeanna Europol de bhun phointe 2 d'Airteagal 3(1) a chomhall, féadfaidh Europol a iarraidh ar:

(1) na Comhphobail Eorpacha agus comhlachtaí atá faoi rialú ag an dlí poiblí arna mbunú faoi na Conarthaí ag bunú na gComhphobal sin;

(2) comhlachtaí eile atá faoi rialú ag an dlí poiblí arna mbunú faoi chuimsiú an Aontais Eorpaigh;

(3) comhlachtaí atá bunaithe ar chomhaontú idir dhá Bhallstát nó níos mó den Aontas Eorpach;

(4) tríú Stáit;

(5) eagraíochtaí idirnáisiúnta agus fochomhlachtaí dá gcuid atá faoi rialú ag an dlí poiblí;

(6) comhlachtaí eile atá faoi rialú ag an dlí poiblí atá bunaithe ar chomhaontú idir dhá Stát nó níos mó;

(7) Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coirpeachta;

faisnéis ábhartha a pháirtiú leis trí aon mheán iomchuí. Féadfaidh sé freisin, faoi na coinníollacha céanna agus trí na meáin chéanna, faisnéis a ghlacadh ó na comhlachtaí éagsúla sin ar a dtionscnamh siúd. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta, rialacha a bheidh le hurramú ag Europol ina leith sin a ghlacadh.

5. A mhéad atá Europol i dteideal faoi choinbhinsiúin eile rochtain ríomhairithe a fháil ar shonraí as córais faisnéise eile, féadfaidh sé sonraí pearsanta a aisghabháil trí na meáin sin más gá sin chun a fheidhmeanna de bhun phointe 2 d'Airteagal 3(1) a chomhall.

6. Más anailís ghinearálta straitéiseach an anailís, beidh na Ballstáit uile, trí mheán na n-oifigeach liaison agus/nó saineolaithe, comhlachaithe go hiomlán leis na torthaí, go háirithe trí na tuarascálacha arna dtarraingt suas ag Europol a pháirtiú.

Más ar chásanna sonracha atá an anailís dírithe nach mbaineann leis na Ballstáit uile agus a bhfuil cuspóir díreach oibríochtúil aici, glacfaidh ionadaithe na mBallstát seo a leanas páirt inti:

(1) na Ballstáit a thug an fhaisnéis as ar tháinig an cinneadh comhad anailíse a oscailt nó a mbaineann sí leo láithreach agus na Ballstáit a fhaigheann cuireadh ar ball ón ngrúpa anailíse bheith comhlachaithe óir is cás leo feasta é;

(2) na Ballstáit a fuair amach tar éis an córas innéacs a cheadú go bhfuil riachtanas ann fios a bheith acu agus a chuireann sin in iúl faoi na coinníollacha atá leagtha síos i mír 7.

7. Cuirfidh na hoifigigh liaison údaraithe in iúl an riachtanas seo fios a bheith acu. Déanfaidh gach Ballstát líon teoranta oifigeach liaison a ainmniú agus a údarú chuige sin. Seolfaidh sé an liosta chuig an mBord Bainistíochta.

Chun an riachtanas seo fios a bheith acu de réir bhrí mhír 6 a chur in iúl, tabharfaidh an t-oifigeach liaison na réasúin i scríbhinn arna faomhadh ag an údarás a bhfuil sé faoina urlámh ina Bhallstát féin agus arna sheoladh chuig na rannpháirtithe uile san anailís. Comhlachófar go huathoibríoch ansin é san anailís reatha.

Má chuirtear ina aghaidh sin sa ghrúpa anailíse, cuirfear an comhlachas uathoibríoch siar go dtí go gcríochnófar nós imeachta comhréitigh a mbeidh trí chéim chomhleanúnacha ann:

(1) déanfaidh na rannpháirtithe san anailís gach dícheall chun teacht ar comhaontú leis an oifigeach liaison a chuir in iúl an riachtanas fios a bheith aige; beidh ocht lá ar a mhéad acu chuige sin;

(2) má mhaireann an t-easaontas, tiocfaidh ceannairí na n-aonad náisiúnta i dtrácht agus Stiúrthóireacht Europol le chéile laistigh de thrí lá;

(3) má mhaireann an t-easaontas fós, tiocfaidh ionadaithe na bpáirtithe i dtrácht ar Bhord Bainistíochta Europol le chéile laistigh d'ocht lá. Mura n-éireoidh an Ballstát i dtrácht as an riachtanas fios a bheith aige a chur in iúl, gabhfaidh éifeacht lena chomhlachas uathoibríoch trí chinneadh comhthola.

8. Is é an Ballstát amháin a pháirtíonn sonra le hEuropol a bheidh i dteideal cineál agus athraitheacht a íogaireachta a shocrú. Beidh leathadh nó úsáid oibríochtúil sonraí anailíse faoi réir comhchomhairle ag na rannpháirtithe san anailís. Ní fhéadfaidh Ballstát a fhaigh eann rochtain ar anailís reatha na sonraí a leathadh ná a úsáid gan comhaontú a fháil roimh ré ó na Ballstáit i dtrácht i dtosach báire.

Airteagal 11

Córas innéacs

1. Cruthóidh Europol córas innéacs de na sonraí atá stóráilte sna comhaid dá dtagraítear in Airteagal 10(1).

2. Beidh sé de cheart ag Stiúrthóir, Leas-Stiúrthóirí, oifigigh chuíúdaraithe Europol agus oifigigh liaison an córas innéacs a cheadú. Caithfidh an córas innéacs a bheith de chineál gur léir don oifigeach liaison a cheadaíonn é, ar bhonn na sonraí arna gceadú, go bhfuil sonraí a bhaineann lena Bhallstát tionscnaimh sna comhaid dá dtagraítear i bpointe 2 d'Airteagal 6(1) agus in Airteagail 10(1).

Déanfar an rochtain ag oifigigh liaison a shainiú ionas gur féidir a chinneadh an bhfuil sonra stóráilte nó nach bhfuil ach ionas nach féidir cónaisc a bhunú ná conclúidí breise a dhéanamh maidir le hinneachar na gcomhad.

3. Cinnfidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú do d'aon toil, na rialacha mionsonraithe maidir leis an gcóras innéacs a dhearadh.

Airteagal 12

Ordú ag oscailt comhad sonraí

1. Le haghaidh gach comhad ríomhairithe sonraí ina bhfuil sonraí pearsanta arna oibriú ag Europol chun a fheidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 10 a chomhall, sonróidh Europol in ordú ag oscailt an chomhaid, a mbeidh formheas an Bhord Bainistíochta riachtanach dó:

(1) ainm an chomhaid;

(2) aidhm an chomhaid;

(3) na grúpaí daoine a bhfuil sonraí stóráilte fúthu;

(4) cineál na sonraí atá le stóráil agus na sonraí orthu sin atá liostaithe sa chéad abairt d'Airteagal 6 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Eanáir 1981 agus a bhfuil dianghá leo;

(5) saghas na sonraí pearsanta a úsáidtear chun an comhad a oscailt;

(6) soláthar nó ionchur na sonraí atá le stóráil;

(7) na coinníollacha agus an nós imeachta faoina bhféadfar na sonraí pearsanta atá stóráilte sa chomhad a pháirtiú agus cé hiad na faighteoirí;

(8) na tréimhsí don scrúdú agus ré na stórála;

(9) an modh chun an log iniúchóireachta a bhunú.

Cuirfidh Stiúrthóir Europol an Comhchomhlacht Maoirseachta dá bhforáiltear in Airteagal 24 ar an eolas láithreach faoin intinn ordú a thabhairt ag oscailt comhad sonraí den sórt sin agus gheobhaidh sé an comhad páipéir chun pé barúlacha is gá dar leis a chur faoi bhráid an Bhord Bainistíochta.

2. Má tá práinn an chúraim atá le comhlíonadh de chineál nach féidir formheas an Bhord Bainistíochta a fháil dá bhforáiltear i mír 1, féadfaidh an Stiúrthóir a chinneadh ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do na Ballstáit i dtrácht ordú a thabhairt trí chinneadh réasúnaithe, comhad a oscailt. Cuirfidh sé comhaltaí an Bhord Bainistíochta ar an eolas san am céanna. Leanfar láithreach an nós imeachta de bhun mhír 1 thuas agus críochnófar é a luaithe is féidir.

TEIDEAL IV

ForáLacha Coiteanna Maidir le PróIseáil Faisnéise

Airteagal 13

Dualgas maidir le cur ar an eolas

Cuirfidh Europol na haonaid náisiúnta agus, arna iarraidh sin do na haonaid náisiúnta, a gcuid oifigeach liaison freisin, ar an eolas go prap faoi aon fhaisnéis maidir lena mBallstát maille le haon cheangal arna mbrath aige idir chionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith de bhun Airteagal 2. Féadfar faisnéis agus eolas a pháirtiú freisin maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhfaigheann Europol fios orthu agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige.

Airteagal 14

Caighdeán cosanta sonraí

1. Faoi thráth theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo ar a dhéanaí, glacfaidh gach Ballstát faoina reachtaíocht náisiúnta na bearta is gá i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhaid sonraí faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin seo chun caighdeán cosanta sonraí a áirithiú a fhreagraíonn ar a laghad don chaighdeán a thig ó chur chun feidhme phrionsabail Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Eanáir 1981 agus, lena linn sin, tabharfaidh sé aird ar Mholadh Uimh. R(87) 15 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa an 17 Meán Fómhair 1987 maidir le húsáid sonraí pearsanta san earnáil phóilíneachta.

2. Ní fhéadfaidh páirtiú sonraí pearsanta dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún seo a thosú go dtí go dtiocfaidh na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 maidir le cosaint sonraí i bhfeidhm ar chríoch gach Ballstáit a bheidh i dtreis i bpáirtiú den sórt sin.

3. Agus sonraí pearsanta á mbailiú, á bpróiseáil agus á n-úsáid aige, tabharfaidh Europol aird ar phrionsabail Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Eanáir 1981 agus ar Mholadh Uimh. R(87) 15 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa an 17 Meán Fómhair 1987.

Urramóidh Europol na prionsabail sin freisin i gcás sonraí neamhuathphróiseáilte a bheidh aige i bhfoirm comhad, eadhon gach bailiúchán struchtúrtha de shonraí pearsanta a bhfuil rochtain orthu i gcomhréir le critéir áirithe.

Airteagal 15

Freagracht maidir le sonraí a chosaint

1. Faoi réir forálacha eile sa Choinbhinsiún seo, is iad a bheidh freagrach as na sonraí atá stóráilte ag Europol, go háirithe maidir le dlíthiúlacht a mbailiú agus a seoladh go hEuropol agus as a n-ionchur, a mbeachtas, iad a bheith suas chun dáta, agus fíorú ré na stórála:

(1) an Ballstát a d'ionchuir na sonraí nó a pháirtigh iad ar shlí eile;

(2) Europol i leith na sonraí arna seoladh chuige ag tríú páirtithe nó a leanann ó anailísí arna ndéanamh aige.

2. Ina theannta sin, faoi réir forálacha eile sa Choinbhinsiún seo, beidh Europol freagrach as na sonraí uile a thagann chuige agus a phróiseálann sé, bíodh siad sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8, sna comhaid sonraí arna n-oscailt le haghaidh anailíse dá dtagraítear in Airteagal 10 nó sa chóras innéacs dá dtagraítear in Airteagal 11, nó sna comhaid sonraí atá luaite in Airteagal 14(3).

3. Déanfaidh Europol sonraí a stóráil ar chaoi gur féidir a shuíomh cén Ballstát nó cén tríú páirtí a sheol na sonraí nó an bhfuarthas iad de bharr anailíse ag Europol.

Airteagal 16

Forálacha maidir le tuarascálacha a dhéanamh

Ar an meán, déanfaidh Europol tuarascáil ar cheann amháin ar a laghad as gach deich n-aisghabháil de shonraí pearsanta agus ar gach aisghabháil arna déanamh sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 7 chun a sheiceáil an bhfuil siad incheadaithe faoin dlí. Ní dhéanfaidh Europol agus na comhlachtaí maoirseachta dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 24 na sonraí sna tuarascálacha a úsáid ach chun na críche sin agus déanfar iad a scriosadh tar éis sé mhí mura bhfuil siad riachtanach fós do sheiceáil reatha. Socróidh an Bord Bainistíochta na mionsonraí tar éis dul i gcomhairle leis an gComhchomhlacht Maoirseachta.

Airteagal 17

Rialacha maidir le sonraí a úsáid

1. Ní ceart sonraí pearsanta arna n-aisghabháil ón gcóras faisnéise, ón gcóras innéacs nó ó na comhaid sonraí eile arna n-oscailt le haghaidh anailíse, agus sonraí arna bpáirtiú ar aon mhodh iomchuí eile a tharchur ná a úsáid ach ag údaráis inniúla na mBallstát chun an choirpeacht a bhfuil Europol inniúil ina leith agus chun saghsanna eile tromchúiseacha coirpeachta a chosc nó a chomhrac.

Beidh úsáid na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir dhlí an Bhallstáit a dtig na comhlachtaí a úsáideann iad faoina réim.

Ní fhéadfaidh Europol na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid ach chun a fheidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 3 a chomhall.

2. I gcás sonraí áirithe, má leagann Ballstát a bpáirtithe nó tríú Stát nó tríú comhlacht a bpáirtithe dá dtagraítear in Airteagal 10(4) srianta speisialta síos leis an úsáid a bhfuil na sonraí sin faoina réir sa Bhallstát sin nó ag tríú páirtí, urramóidh úsáidire na sonraí na srianta sin freisin, amach ón gcás leithleach inar gá dó faoin dlí náisiúnta, na srianta ar úsáid a mhaolú ar mhaithe leis na húdaráis bhreithiúnacha, na hinstitiúidí reachtacha nó aon chomhlacht neamhspleách eile arna bhunú ag an dlí agus a bhfuil sé de chúram air na húdaráis náisiúnta inniúla de réir bhrí Airteagal 2(4) den Choinbhinsiún seo a rialú. Sa chás sin, ní fhéadfar na sonraí a úsáid sula rachfar i gcomhairle le Stát a bpáirtithe a dtógfar aird ar a leasanna agus a dhearcadh a mhéad is féidir.

3. Ní fhéadfar na sonraí a úsáid chun críocha eile, ná ní fhéadfaidh údaráis eile iad a úsáid, seachas iad sin dá dtagraítear in Airteagal 2 den Choinbhinsiún seo ach tar éis cead a fháil roimh ré ón mBallstát a pháirtigh na sonraí a mhéad is féidir sin faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin.

Airteagal 18

Sonraí a pháirtiú le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí

1. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta atá stóráilte aige a pháirtiú le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 10(4) agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos i mír 4:

(1) nuair is gá an beart sin i gcásanna leithleacha chun críocha cionta coiriúla a chosc nó a chomhrac a bhfuil Europol inniúil ina leith faoi Airteagal 2;

(2) nuair a áirithítear leibhéal leormhaith cosanta sonraí sa Stát nó sa chomhlacht sin;

(3) nuair atá an beart sin incheadaithe faoi na rialacha ginearálta de réir bhrí mhír 2.

2. I gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus aird á tabhairt aici ar na himthosca dá dtagraítear i mír 3, cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, na rialacha ginearálta maidir le hEuropol do pháirtiú sonraí pearsanta le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 10(4). Ullmhóidh an Bord Bainistíochta an Cinneadh ón gComhairle agus rachaidh sé i gcomhairle leis an gComhchomhlacht Maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 24.

3. Measúnófar leordhóthanacht an leibhéil chosanta sonraí dá dtagraítear i mír 1 arna thabhairt ag tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 10(4), agus aird á tabhairt ar na himthosca uile atá i dtreis i sonraí pearsanta a pháirtiú; tabharfar aird go háirithe ar an méid seo a leanas:

(1) cineál na sonraí;

(2) an cuspóir atá leo;

(3) ré na próiseála arna beartú; agus

(4) na forálacha ginearálta nó sonracha is infheidhme ar na tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 10(4).

4. Más Ballstát a pháirtigh na sonraí le hEuropol, ní fhéadfaidh Europol iad a pháirtiú le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí ach le toiliú an Bhallstáit. Chuige sin féadfaidh an Ballstát réamhthoiliú a thabh airt, bíodh nó ná bíodh sé ginearálta, atá inaisghairmthe tráth ar bith.

Mura Ballstát a pháirtigh na sonraí, áiritheoidh Europol nach bhfuil a bpáirtiú de chineál a dhéanfaidh:

(1) comhall cuí na bhfeidhmeanna a thig laistigh de réimse inniúlachta Ballstáit a chosc;

(2) slándáil agus ord poiblí Ballstáit a chur i gcontúirt nó dochar a dhéanamh dá leas ginearálta ar shlí eile.

5. Beidh Europol freagrach as dlíthiúlacht an pháirtithe. Coinneoidh Europol taifead de pháirtiú sonraí agus de na forais atá leis. Ní údarófar sonraí a pháirtiú ach amháin má thugann an faighteoir gealltanas nach n-úsáidfear na sonraí ach chun na críche ar páirtíodh leis iad. Ní bheidh sé sin infheidhme ar pháirtiú na sonraí pearsanta is gá ar Europol iad a iarraidh.

6. Nuair a bhaineann an páirtiú dá bhforáiltear i mír 1 le faisnéis atá faoi réir riachtanas na rúndachta, ní bheidh sé incheadaithe ach amháin a mhéad atá comhaontú maidir le rúndacht ann idir Europol agus an faighteoir.

Airteagal 19

Ceart rochtana

1. Aon duine ar mian leis a cheart a fheidhmiú chun rochtain ar na sonraí a bhaineann leis agus atá stóráilte in Europol nó chun go ndéanfaí na sonraí sin a fhíorú, féadfaidh sé iarraidh chuige sin a dhéanamh saor ó tháille ina rogha Bhallstát leis an údarás náisiúnta inniúil a chuirfidh faoi bhráid Europol í gan mhoill agus a chuirfidh in iúl don duine a rinne an iarraidh go bhfaighidh sé freagra díreach ó Europol.

2. Caithfidh Europol déileáil go hiomlán leis an iarraidh laistigh de thrí mhí tar éis d'údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit í a fháil.

3. Déanfar an ceart ag gach duine rochtain a bheith aige ar na sonraí a bhaineann leis nó go ndéanfaí iad a fhíorú a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina ndéantar an ceart sin a éileamh, ag tabhairt aird ar na forálacha seo a leanas:

Nuair a fhorálann dlí an Bhallstáit a roghnaítear do pháirtiú a bhaineann le sonraí, diúltófar é, a mhéad is gá sin chun:

(1) a chumasú d'Europol a fheidhmeanna a fheidhmiú go cuí;

(2) slándáil agus ord poiblí na mBallstát a chosaint nó chun cionta coiriúla a chomhrac;

(3) cearta agus saoirsí tríú páirtithe a chosaint;

agus a mhéad nach bhféadfaidh dá bhrí sin sáraíocht orthu sin a bheith ag leas an duine lena mbaineann páirtiú na faisnéise.

4. Déanfar an ceart chun páirtiú a fheidhmiú ag urramú mhír 3 de réir na nósanna imeachta seo a leanas:

(1) i gcás na sonraí atá curtha sa chóras faisnéise atá sainithe in Airteagal 8, ní fhéadfar a chinneadh iad a pháirtiú mura mbeidh caoi tugtha don Bhallstát a d'ionchuir na sonraí agus do na Ballstáit lena mbaineann an páirtiú sin go díreach a seasamh a chur in iúl, lena n-áirítear fiú páirtiú na sonraí a dhiúltú. Cuirfidh an Ballstát a d'ionchuir na sonraí in iúl na sonraí inpháirtithe maille leis na rialacha mionsonraithe dá bpáirtiú;

(2) i gcás na sonraí atá curtha ag Europol sa chóras faisnéise, ní foláir caoi a thabhairt roimh ré do na Ballstáit lena mbaineann an páirtiú go díreach a seasamh a chur in iúl lena n-áirítear fiú páirtiú na sonraí a dhiúltú;

(3) i gcás na sonraí atá curtha sna comhaid sonraí le haghaidh anailíse atá sainithe in Airteagal 10, beidh a bpáirtiú faoi réir chomhthoil Europol agus na mBallstát atá rannpháirtithe san anailís de réir bhrí Airteagal 10(2) agus chomhthoil an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann páirtiú na sonraí sin go díreach.

Má chuireann Ballstát nó Ballstáit nó Europol in iúl go bhfuil siad i gcoinne an pháirtithe a bhaineann leis na sonraí, cuirfidh Europol in iúl don duine a rinne an iarraidh go bhfuil sé tar éis an fíorú a dhéanamh gan aon fhaisnéis a thabhairt a léireodh dó go bhfuil nó nach bhfuil aithne air.

5. Déanfar an ceart chun fíorú a fheidhmiú de réir na nósanna imeachta seo a leanas:

Nuair nach bhforálann an dlí náisiúnta is infheidhme do pháirtiú a bhaineann leis na sonraí nó nuair is iarraidh shimplí ar fhíorú atá i gceist, déanfaidh Europol, i ndlúthchomharaíocht leis na húdaráis náisiúnta i dtrácht, an fíorú agus cuirfidh sé in iúl don duine a rinne an iarraidh go bhfuil sé tar éis an fíorú a dhéanamh gan aon fhaisnéis a thabhairt a léireodh dó go bhfuil nó nach bhfuil aithne air.

6. Ina fhreagra ar iarraidh ar fhíorú nó rochtain ar shonraí, cuirfidh Europol in iúl don duine a rinne an iarraidh go bhféadfaidh sé achomharc a dhéanamh chuig an gComhchomhlacht Maoirseachta mura bhfuil sé sásta lena chinneadh. Féadfaidh an duine a rinne an iarraidh an cheist a chur faoi bhráid an Chomhchomhlachta Maoirseachta mura mbeidh freagra faighte aige ar a iarraidh laistigh den tréimhse atá leagtha síos san Airteagal seo.

7. Má dhéanann an duine a rinne an iarraidh achomharc chuig an gComhchomhlacht Maoirseachta dá bhforáiltear in Airteagal 24, déanfaidh an Comhchomhlacht í a scrúdú.

Má bhaineann an t-achomharc leis an bpáirtiú a bhaineann le sonraí a chuir Ballstát sa chóras faisnéise, glacfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta a chinneadh i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena ndearnadh an iarraidh. Rachaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta i gcomhairle roimh ré le húdarás náisiúnta inniúil nó cúirt inniúil an Bhallstáit inar thionscain an sonra. Déanfaidh an comhlacht sin an fíorú is gá chun a shuíomh, ach go háirithe, gur glacadh an cinneadh an iarraidh a dhiúltú i gcomhréir le forálacha mhír 3 agus phointe 1 de mhír 4 den Airteagal seo. Sa chás sin, glacfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta an cinneadh, lena n-áirítear fiú an páirtiú a dhiúltú i ndlúthchomharaíocht leis an údarás náisiúnta maoirseachta nó leis an gcúirt inniúil.

Nuair a bhaineann an t-achomharc le páirtiú a bhaineann le sonraí a chuir Europol sa chóras faisnéise nó sonraí atá stóráilte sna comhaid oibre le haghaidh anailíse, ní fhéadfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta, i gcás go bhfuil Europol nó Ballstát i gcónaí ina choinne sin, tar éis dó Europol nó an Ballstát a éisteacht neamhaird a dhéanamh air ach le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí. Mura mbeidh an tromlach sin ann, cuirfidh an Comhchomhlacht Maoirseachta in iúl don duine a rinne an iarraidh go bhfuil sé tar éis an fíorú is gá a dhéanamh, gan aon fhaisnéis a thabhairt dó a léireodh dó go bhfuil nó nach.bhfuil aithne air.

Nuair a bhaineann an t-achomharc le fíorú na sonraí a chuir Ballstát sa chóras faisnéise, déanfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta deimhin de go ndearnadh an fíorú is gá i gceart, i ndlúthchomharaíocht le húdarás náisiúnta maoirseachta an Bhallstáit a chuir na sonraí ann. Cuirfidh an Comhchomhlacht Maoirseachta in iúl don duine a rinne an iarraidh go ndearna sé an fíorú, gan aon fhaisnéis a thabhairt dó a léireodh dó go bhfuil nó nach bhfuil aithne air.

Nuair a bhaineann an t-achomharc le sonraí a chuir Europol sa chóras faisnéise nó sonraí atá stóráilte sna comhaid oibre le haghaidh anailíse, déanfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta deimhin de go ndearna Europol an fíorú is gá i gceart. Cuirfidh an Comhchomhlacht Maoirseachta in iúl don duine a rinne an iarraidh go ndearna sé an fíorú, gan aon fhaisnéis a thabhairt dó a léireodh dó go bhfuil nó nach bhfuil aithne air.

8. Beidh na forálacha thuas infheidhme mutatis mutandis ar shonraí neamh-uathphróiseáilte atá ag Europol i bhfoirm comhad, eadhon gach bailiúchán struchtúrtha sonraí pearsanta is inrochtana i gcomhréir le critéir shonracha.

Airteagal 20

Sonraí a cheartú agus a scriosadh

1. Sonraí atá stóráilte ag Europol, a pháirtigh tríú Stáit nó tríú comhlachtaí leis nó atá aige de thoradh a ghníomhaíochta anailíse, má thagann sé chun solais go bhfuil siad mícheart nó go sáraíonn a n-ionchur nó a stóráil an Coinbhinsiún seo, déanfaidh Europol iad a cheartú nó a scriosadh.

2. Más Ballstáit a pháirtigh na sonraí go díreach le hEuropol atá mícheart nó a sháraíonn forálacha an Choinbhinsiúin seo, déanfaidh na Ballstáit sin iad a cheartú nó a scriosadh i gcuibhreann le hEuropol. Má tharchuirtear sonraí míchearta ar mhodh iomchuí eile nó más tarchur lochtach is cúis le hearráidí sna sonraí arna soláthar ag na Ballstáit nó má tá an tarchur contrártha d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo nó má thagann na hearráidí toisc go ndearna Europol na sonraí sin a chur sa chóras, a chur san áireamh nó a stóráil go lochtach nó go contrártha d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, déanfaidh Europol iad a cheartú nó iad a scriosadh i gcuibhreann leis na Ballstáit i dtrácht.

3. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 nó 2, cuirfear sin in iúl gan mhoill do gach faighteoir de na sonraí sin. Déanfaidh an déanach na sonraí sin a cheartú nó a scriosadh freisin.

4. Beidh sé de cheart ag gach duine a iarraidh ar Europol na sonraí a bhaineann leis a cheartú nó a scriosadh.

Cuirfidh Europol in iúl don duine a rinne an iarraidh go ndearna sé na sonraí a bhaineann leis a cheartú nó a scriosadh. Mura bhfuil an duine a rinne an iarraidh sásta le freagra Europol nó mura mbeidh freagra faighte aige laistigh de thréimhse trí mhí, féadfaidh sé an cheist a chur faoi bhráid an Chomhchomhlachta Maoirseachta.

Airteagal 21

Tréimhsí le haghaidh comhaid sonraí a stóráil agus a scriosadh

1. Ní stórálfaidh Europol sonraí i gcomhaid sonraí ach amháin fad is gá sin chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. Déanfar athbhreithniú an gá leanúint de stóráil tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis na sonraí a ionchur. Is é an t-aonad a rinne an t-ionchur a dhéanfaidh na sonraí atá stóráilte sa chóras faisnéise a athbhreithniú agus a scriosadh. Is é Europol a dhéanfaidh sonraí atá stóráilte i gcomhaid eile sonraí dá chuid a athbhreithniú agus a scriosadh. Déanfaidh Europol na Ballstáit a chur ar an eolas go huathoibríoch trí mhí roimh dhul in éag na dtréimhsí ama chun stóráil sonraí a athbhreithniú.

2. Le linn an athbhreithnithe, féadfaidh na haonaid dá dtagraítear sa tríú agus sa cheathrú habairtí de mhír 1 thuas cinneadh maidir le leanúint de shonraí a stóráil go dtí an chéad athbhreithniú eile más gá sin fós chun cúraimí Europol a chomhlíonadh. Mura nglactar cinneadh maidir le leanúint de stóráil sonraí, déanfar iad a scriosadh go huathoibríoch.

3. Ní fhéadfaidh stóráil sonraí pearsanta a bhaineann le daoine aonair dá dtagraítear i bpointe 1 den chéad fhomhír d'Airteagal 10(1) dul thar thrí bliana san iomlán. Tosóidh gach tréimhse as an nua ar an dáta a tharlaíonn teagmhas arb é a thoradh sonraí a bhaineann leis an duine aonair sin a stóráil. Déanfar athbhreithniú bliantúil an gá leanúint de stóráil agus taifeadfar an t-athbhreithniú.

4. Nuair a dhéanann Ballstát sonraí arna bpáirtiú le hEuropol atá stóráilte i gcomhaid eile sonraí de chuid Europol a scriosadh as a chomhaid náisiúnta sonraí, cuirfidh sé Europol ar an eolas dá réir. I gcásanna den sórt sin, scriosfaidh Europol na sonraí mura bhfuil a thuilleadh suime aige iontu ar bhonn eolais atá níos leithne ná mar atá i seilbh an Bhallstáit a pháirtigh na sonraí. Cuirfidh Europol an Ballstát i dtrácht ar an eolas go bhfuiltear ag leanúint de na sonraí sin a stóráil.

5. Ní dhéanfar scriosadh nuair a dhéanfaí dochar do na leasanna is cóir a chosaint de chuid an duine is ábhar do na sonraí. I gcásanna den sórt sin, ní fhéadfar na sonraí a úsáid ach le toiliú an duine is ábhar do na sonraí.

Airteagal 22

Sonraí i gcomhaid pháipéir a stóráil agus a cheartú

1. Má thagann sé chun solais nach bhfuil gá a thuilleadh le comhad páipéir iomlán nó le sonraí sa chomhad sin arna choinneáil ag Europol chun feidhmeanna Europol a chomhall nó gur sárú ar an gCoinbhinsiún seo na sonraí sin ina n-iomláine, ní foláir an comhad sin nó na sonraí a scriosadh. Fad nach mbeidh an comhad nó na sonraí i dtrácht scriosta iarbhír, cuirfear nóta isteach ag cur cosc ar an gcomhad nó na sonraí a úsáid.

Féadfar gan comhad páipéir a dhíothú má tá forais ann lena dtoimhdiú go ndéanfaí dochar murach sin do leasanna dlisteanacha an duine is ábhar do na sonraí. Sa chás sin cuirfear an nóta céanna isteach ag cur cosc ar an gcomhad páipéir sin a úsáid.

2. Má thagann sé chun solais go bhfuil sonraí i gcomhaid pháipéir Europol atá mícheart, déanfaidh Europol iad a cheartú.

3. Féadfaidh gach duine lena mbaineann comhad de chuid Europol an ceart a fheidhmiú i leith Europol go gceartófar nó go ndíothófar comhad páipéir nó go gcuirfear nóta isteach ann. Beidh Airteagail 20(4) agus 24(2) agus (7) infheidhme.

Airteagal 23

Comhlacht náisiúnta maoirseachta

1. Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht náisiúnta maoirseachta arb é a chúram faireachán neamhspleách a dhéanamh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta faoi seach, ar incheadaitheacht sonraí a ionchur agus a aisghabháil agus aon pháirtiú eile sonraí pearsanta le hEuropol ag an mBallstát i dtrácht agus scrúdú a dhéanamh an sáraítear amhlaidh cearta an duine is ábhar do na sonraí. Beidh rochtain chuige sin ag an gcomhlacht maoirseachta sna haonaid náisiúnta nó trí na hoifigigh liaison ar na sonraí a chuir an Ballstát sa chóras faisnéise agus sa chóras innéacs i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha.

Chun a maoirseacht a fheidhmiú beidh ag na comhlachtaí náisiúnta maoirseachta rochtain ar oifigí agus comhaid na n-oifigeach liaison faoi seach in Europol.

Ina theannta sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme, déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na n-aonad náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 4(4) agus gníomhaíochtaí na n-oifigeach liaison i gcomhréir le pointí 1, 2 agus 3 d'Airteagal 5(3) agus le hAirteagal 5(4) agus (5) a mhéad a bhaineann na gníomhaíochtaí sin le cosaint sonraí pearsanta.

2. Beidh an ceart ag gach duine aonair a iarraidh ar an gcomhlacht náisiúnta maoirseachta scrúdú a dhéanamh ar incheadaitheacht aon ionchur nó páirtiú i bhfoirm ar bith dá shonraí pearsanta le hEuropol, maille le sonraí a cheadú ag an mBallstát i dtrácht.

Feidhmeofar an ceart sin i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit ar chuig a chomhlacht náisiúnta maoirseachta a dhéantar an iarraidh.

Airteagal 24

An Comhchomhlacht Maoirseachta

1. Cuirfear comhchomhlacht neamhspleách maoirseachta ar bun arb é a chúram gníomhaíochtaí Europol a athbhreithniú, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, chun a áirithiú nach bhfuil cearta an duine aonair á sárú ag stóráil, próiseáil agus úsáid na sonraí atá stóráilte ag Europol. Ina theannta sin, maoirseoidh an Comhchomhlacht Maoirseachta go bhfuil tarchur sonraí a thionscnaíonn in Europol incheadaitheach. Beidh ar an gComhchomhlacht Maoirseachta líon nach mó ná beirt chomhalta nó ionadaí ó gach ceann de na comhlachtaí náisiúnta maoirseachta, nach mbeidh dá bhrí sin a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a mbeidh aige an ábaltacht is gá agus a cheapfaidh na Ballstáit go ceann cúig bliana. Beidh vóta amháin ag gach toscaireacht.

Ceapfaidh an Comhlacht Maoirseachta cathaoirleach as measc a chomhaltaí.

I bhfeidhmiú a gcumhachtaí, ní ghlacfaidh comhaltaí an Chomhchomhlachta Maoirseachta teagasc ó aon údarás.

2. Caithfidh Europol cuidiú leis an gComhchomhlacht Maoirs eachta chun feidhmeanna an déanaigh a fheidhmiú. Lena linn sin, ach go háirithe:

(1) soláthróidh sé don chomhlacht sin an fhaisnéis a iarrann sé, tabharfaidh sé rochtain ar gach doiciméad agus comhad páipéir, maille le rochtain ar na sonraí atá stóráilte sa chóras;

(2) tabharfaidh sé saor-rochtain dó tráth ar bith ar a áitribh uile; agus

(3) forghníomhóidh sé cinntí an Chomhchomhlachta Maoirs-eachta maidir le hachomhairc i gcomhréir le forálacha Airteagail 19(7) agus 20(4).

3. Beidh an Comhchomhlacht Maoirseachta inniúil freisin chun ceisteanna a scrúdú a bhaineann le cur chun feidhme agus léiriú ghníomhaíochtaí Europol maidir le próiseáil agus úsáid sonraí pearsanta, chun ceisteanna a scrúdú a bhaineann le seiceálacha arna gcur i gcrích go neamhspleách ag comhlachtaí náisiúnta maoirseachta na mBallstát nó a bhaineann leis an gceart chun faisnéise a fheidhmiú, maille le tograí comhchuibhithe chun réitigh choiteanna ar fhadhbanna atá ann a tharraingt suas.

4. Beidh an ceart ag gach duine aonair a iarraidh ar an gComhchomhlacht Maoirseachta a áirithiú go ndearna Europol sonraí pearsanta a stóráil, a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid go dleathach, ceart.

5. Má thugann an Comhchomhlacht Maoirseachta dá aire aon sáruithe ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo i stóráil, próiseáil nó úsáid sonraí pearsanta, déanfaidh sé pé gearán a mheasann sé is gá le Stiúrthóir Europol agus iarrfaidh sé air a fhreagra a thabhairt laistigh de thréimhse a chinnfidh an Comhchomhlacht. Cuirfidh an Stiúrthóir an Bord Bainistíochta ar an eolas faoin nós imeachta ar fad. I gcás deacrachtaí, cuirfidh an Comhchomhlacht Maoirseachta an cheist faoi bhráid an Bhord Bainistíochta.

6. Tarraingeoidh an Comhchomhlacht Maoirseachta tuarascálacha gníomhaíochta suas go tráthrialta. I gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach seolfar iad chuig an gComhairle; beidh deis i dtosach ag an mBord Bainistíochta tuairim a thabhairt a chuirfear i gceangal leis na tuarascálacha.

Déanfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta cinneadh faoina thuarascáil ghníomhaíochta a phoibliú agus, más iomchuí, faoi na rialacha mionsonracha don phoibliú sin.

7. Glacfaidh an Comhchomhlacht Maoirseachta a rialacha nós imeachta. Beidh siad faoi réir formheas d'aon toil na Comhairle. Bunóidh sé as líon a chomhaltaí coiste ar a mbeidh comhalta ó gach toscaireacht a mbeidh ceart vótála aige. Beidh sé de chúram ar an gcoiste sin na hachomhairc dá bhforáiltear in Airteagail 19(7) agus 20(4) a scrúdú ar gach modh iomchuí. Déanfaidh an coiste sin na páirtithe, arna gcuidiú ag a gcomhairleoir más mian leo sin, a éisteacht arna iarraidh sin dóibh. Is cinntí críochnaitheacha i leith na bpáirtithe uile i dtrácht cinntí arna nglacadh sa chomhthéacs sin.

8. Ina theannta sin, féadfaidh sé coiste amháin nó níos mó a bhunú.

9. Rachfar i gcomhairle leis an gComhchomhlacht Maoirseachta faoin gcuid den bhuiséad a bhaineann leis. Cuirfear a thuairim i gceangal leis an dréachtbhuiséad i gceist.

10. Beidh rúnaíocht de chúnamh aige; cinnfear cúraimí na rúnaíochta sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 25

Slándáil sonraí

1. Glacfaidh Europol na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun cur chun feidhme an Choinbhinsiúin seo a áirithiú. Ní gá bearta ach amháin nuair atá an iarracht is gá ar comhréir leis an gcuspóir atá ceaptha dóibh i dtaca le cosaint de.

2. Maidir le huathphróiseáil sonraí ag Europol, cuirfidh gach Ballstát agus Europol bearta chun feidhme atá ceaptha chun:

(1) rochtain daoine neamhúdaraithe a shéanadh ar threalamh próiseála sonraí a úsáidtear chun sonraí pearsanta a phróiseáil (rialúchán rochtana ar threalamh);

(2) cosc a chur le léamh, cóipeáil, bunathrú nó baint amach neamhúdaraithe meáin sonraí (rialúchán meán sonraí);

(3) cosc a chur le hionchur neamhúdaraithe sonraí agus ceadú, bunathrú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte (rialúchán stórála);

(4) cosc a chur le húsáid córais uathphróiseála sonraí ag daoine neamhúdaraithe a úsáideann trealamh cumarsáide sonraí (rialúchán úsáidirí);

(5) a áirithiú nach bhfuil rochtain ag daoine atá údaraithe chun córas uathphróiseála sonraí a úsáid ach ar shonraí atá folaithe ag a n-údarú rochtana (rialúchán rochtana ar shonraí);

(6) a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cad iad na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu trí threalamh cumarsáide sonraí a úsáid (rialúchán cumarsáide);

(7) a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh iardain cad iad na sonraí pearsanta atá ionchurtha i gcórais uathphróiseála sonraí agus cathain a ionchuireadh na sonraí agus cé a d'ionchuir iad (rialúchán ionchuir);

(8) cose a chur le léamh, cóipeáil, bunathrú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn sonraí pearsanta a aistriú nó le linn meáin sonraí a iompar (rialúchán iompair);

(9) a áirithiú go bhféadfar, i gcás briseadh, na córais arna suiteáil a aiseag láithreach (athshlánú); agus

(10) a áirithiú go bhfeidhmíonn feidhmeanna an chórais gan locht, go dtaifeadtar láithreach aon lochtanna sna feidhmeanna (iontaofacht) agus nach ndéantar na sonraí arna stóráil a lot trí mhí fheidhmiú an chórais (sláine).

TEIDEAL V

Stádas Dlítheanach, EagrúChán Agus Forálacha Airgeadais

Airteagal 26

Inniúlacht dhlítheanach

1. Beidh pearsantacht dhlítheanach ag Europol.

2. Beidh ag Europol i ngach Ballstát an inniúlacht dhlítheanach agus chonarthach is fairsinge atá ar fáil ag daoine dlítheanacha faoi dhlí an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé go háirithe maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí.

3. Cumhachtófar d'Europol comhaontú ceanncheathrún a thabhairt i gcrích le Ríocht na hÍsiltíre agus na comhaontuithe riachtanacha rúndachta de bhun Airteagal 18(6), maille le comhaontuithe eile faoi chuimsiú na rialacha arna leagan síos d'aon toil ag an gComhairle ar bhonn an Choinbhinsiúin seo agus Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a thabhairt i gcrích le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 10(4).

Airteagal 27

Orgáin Europol

Is iad orgáin Europol:

(1) an Bord Bainistíochta;

(2) an Stiúrthóir;

(3) an Rialtóir Airgeadais;

(4) an Coiste Airgeadais.

Airteagal 28

An Bord Bainistíochta

1. Beidh Bord Bainistíochta ag Europol. Seo a leanas feidhmeanna an Bhord Bainistíochta:

(1) beidh sé rannpháirteach i gcuspóir Europol a leathnú (Airteagal 2(2));

(2) déanfaidh sé cearta agus oibleagáidí na n-oifigeach liaison i leith Europol a shainiú d'aon toil (Airteagal 5);

(3) cinnfidh sé d'aon toil líon na n-oifigeach liaison a fhéadfaidh na Ballstáit a chur chuig Europol (Airteagal 5);

(4) ullmhóidh sé na rialacha cur chun feidhme maidir leis na comhaid sonraí (Airteagal 10);

(5) beidh sé rannpháirteach i rialacha a ghlacadh ag rialú chaidreamh Europol le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 10(4) (Airteagail 10,18 agus 42);

(6) cinnfidh sé, d'aontoil, na rialacha mionsonraithe maidir leis an gcóras innéacs a dhearadh (Airteagal 11);

(7) formheasfaidh sé trí thromlach dhá thrian orduithe ag oscailt comhaid sonraí (Airteagal 12);

(8) féadfaidh sé tuairimí a thabhairt ar bharúlacha agus tuarascálacha an Chomhchomhlachta Maoirseachta (Airteagal 24);

(9) scrúdóidh sé na fadhbanna a chuirfidh an Comhchomhlacht Maoirseachta faoina bhráid (Airteagal 24(5));

(10) socróidh sé sonraí an nós imeachta chun a sheiceáil go bhfuil na hiarrataí faoi chuimsiú an chórais faisnéise incheadaithe (Airteagal 16);

(11) beidh sé rannpháirteach sa Stiúrthóir agus sna Leas-Stiúrthóirí a cheapadh agus a dhífhostú (Airteagal 29);

(12) maoirseoidh sé comhlíonadh cuí dhualgais an Stiúrthóra (Airteagail 7 agus 29);

(13) beidh sé rannpháirteach sna rialacháin foirne a ghlacadh (Airteagal 30);

(14) beidh sé rannpháirteach i gcomhaontuithe maidir le rúndacht a ullmhú agus le forálacha maidir le cosaint rúndachta a ghlacadh (Airteagail 18 agus 31);

(15) beidh sé rannpháirteach sa bhuiséad, lena n-áirítear an plean bunaíochta, a bhunú, san iniúchóireacht agus san urscaoileadh atá le tabhairt don Stiúrthóir (Airteagail 35 agus 36);

(16) formheasfaidh sé d'aon toil an plean maoinithe cúig bliana (Airteagal 35);

(17) ceapfaidh sé d'aon toil an Rialtóir Airgeadais agus maoirseoidh sé a riarachán (Airteagal 35);

(18) beidh sé rannpháirteach sa rialachán airgeadais a ghlacadh (Airteagal 35);

(19) formheasfaidh sé d'aon toil an comhaontú ceanncheathrún arna thabhairt i gcrích (Airteagal 37);

(20) glacfaidh sé d'aon toil na rialacha ar imréiteach slándála fhoireann Europol;

(21) gníomhóidh sé trí thromlach dhá thrian i ndíospóidí idir Ballstát agus Europol agus idir Ballstáit a bhaineann le cúiteamh arna dhéanamh de bhun an dliteanais maidir le próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí (Airteagal 38);

(22) beidh sé rannpháirteach in aon leasú ar an gCoinbhinsiún seo (Airteagal 43);

(23) beidh sé freagrach as aon chúraimí eile a chuireann an Chomhairle air, faoi chuimsiú forálacha chun an Coinbhinsiún seo a chur chun feidhme.

2. Beidh ar an mBord Bainistíochta ionadaí amháin ó gach Ballstát. Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta.

3. Féadfaidh malartach gach comhalta den Bhord Bainistíochta a ionadú; má tá an comhalta as láthair, féadfaidh an malartach a cheart vótála a fheidhmiú.

4. Tabharfar cuireadh do Choimisiún na gComhphobal Eorpach freastal ar chruinnithe den Bhord Bainistíochta ach ní bheidh ceart vótála aige. Ar a shon sin, féadfaidh an Bord Bainistíochta a chinneadh teacht le chéile gan ionadaí ón gCoimisiún.

5. Beidh na comhaltaí nó na malartaigh i dteideal saineolaithe óna mBallstáit faoi seach a bheith ina gcuideachta agus comhairle a fháil uathu ag cruinnithe den Bhord Bainistíochta.

6. Is é ionadaí an Bhallstáit atá ag sealbhú Uachtaránacht na Comhairle a bheidh ina chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta.

7. Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta d'aon toil.

8. Ní bac ar an mBord Bainistíochta do ghlacadh cinntí ar gá aon-toilíocht dóibh comhaltaí a staonadh ó vótáil.

9. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile ar a laghad dhá uair sa bhliain.

10. Glacfaidh an Bord Bainistíochta d'aon toil gach bliain:

(1) tuarascáil ghinearálta ar ghníomhaíochtaí Europol i rith na bliana roimhe sin;

(2) tuarascáil ar ghníomhaíochtaí todhchaí Europol a chuireann riachtanais oibríochtúla na mBallstát agus na hiarmhairtí ar bhuiséad agus líon foirne Europol san áireamh.

Cuirfear na tuarascálacha sin faoi bhráid na Comhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 29

Stiúrthóir

1. Beidh Stiúrthóir a cheapfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach tar éis tuairim a fháil ón mBord Bainistíochta, i gceannas ar Europol go ceann tréimhse ceithre bliana. Féadfar a cheapachán a athnuachan uair amháin.

2. Beidh de chúnamh ag an Stiúrthóir Leas-Stiúrthóirí a socróidh an Chomhairle a líon agus a cheapfar go ceann tréimhse ceithre bliana i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i mír 1; féadfar a gceapachán a athnuachan uair amháin. Saineoidh an Stiúrthóir a gcuid cúraimí níos mionchruinne.

3. Beidh an Stiúrthóir freagrach as:

(1) na cúraimí a chuirtear ar Europol a chomhlíonadh;

(2) cúrsai riaracháin ó lá go lá;

(3) bainistíocht pearsanra;

(4) cinntí ón mBord Bainistíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme go cuí;

(5) an dréachtbhuiséad, an dréachtphlean bunaíochta agus an dréachtphlean maoinithe cúig bliana a ullmhú agus buiséad Europol a chur i ngníomh;

(6) gach cúram eile a chuirtear air sa Choinbhinsiún seo nó ag an mBord Bainistíochta.

4. Beidh an Stiúrthóir freagrach as a riarachán os comhair an Bhord Bainistíochta. Glacfaidh sé páirt ina chuid cruinnithe.

5. Is é an Stiúrthóir ionadaí dlíthiúil Europol.

6. Féadfar an Stiúrthóir agus na Leas-Stiúrthóirí a dhífhostú trí chinneadh ón gComhairle a ghlacfar trí thromlach dhá thrian de vótai na mBallstát, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tar éis tuairim a fháil ón mBord Bainistíochta.

7. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, leanfaidh céadtéarma oifige an Stiúrthóra go ceann cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo, céadtéarma oifige an chéad Leas-Stiúrthóra go ceann ceithre bliana agus céadtéarma oifige an dara Leas-Stiúrthóir go ceann trí bliana.

Airteagal 30

Foireann

1. Beidh cuspóirí agus cúraimí Europol mar stiúir ag an Stiúrthóir, na Leas-Stiúrthóirí agus fostaithe Europol ina gcuid gníomhaíochtaí agus ní fhéadfaidh siad teagaisc a iarraidh ná a ghlacadh ó aon rialtas, údarás, eagraíocht ná duine lasmuigh d'Europol mura bhforáiltear a mhalairt sa Choinbhinsiún seo agus gan dochar do Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

2. Beidh an Stiúrthóir i gceannas ar Leas-Stiúrthóirí agus fostaithe Europol. Fostóidh sé agus dífhostóidh sé fostaithe. Agus fostaithe á roghnú aige, tabharfaidh sé aird, de bhreis ar oiriúnacht phearsanta agus cáilíochtaí gairmiúla, ar an ngá ionadaíocht leormhaith a áirithiú do náisiúnaigh na mBallstát uile agus teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

3. Leagfar síos rialacha mionsonraithe i rialacháin foirne a ghlacfaidh an Chomhairle d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tar éis tuairim a fháil ón mBord Bainistíochta.

Airteagal 31

Rúndacht

1. Glacfaidh Europol agus na Ballstáit bearta iomchuí chun faisnéis a chosaint atá faoi réir riachtanas na rúndachta a ndéantar í a fháil nó a mhalartú faoi chuimsiú Europol ar bhonn an Choinbhinsiúin seo. Chuige sin, déanfaidh an Chomhairle rialacha iomchuí maidir le rúndacht a ghlacadh d'aon toil a luaithe atá siad ullmhaithe ag an mBord Bainistíochta agus curtha faoi bhráid na Comhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

2. Nuair a chuireann Europol gníomhaíocht íogair de chúram ar dhaoine, gabhfaidh na Ballstáit orthu féin criathrú slándála a chur i gcrích, arna iarraidh sin do Stiúrthóir Europol, ar a gcuid náisiúnach féin i gcomhréir lena bhforálacha náisiúnta agus cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile chuige sin. Ní dhéanfaidh an t-údarás atá inniúil faoi na forálacha náisiúnta Europol a chur ar an eolas ach amháin faoi thorthaí an chriathraithe slándála a bheidh ceangailteach ar Europol.

3. Ní fhéadfaidh aon Bhallstát ná Europol daoine a cheapadh le haghaidh próiseáil sonraí ag Europol mura mbeidh oiliúint speisialta orthu agus mura mbeifear tar éis criathrú slándála a dhéanamh orthu.

Airteagal 32

Oibleagáid discréide agus rúndachta

1. Staonfaidh orgáin Europol, a gcomhaltaí, na Leas-Stiúrthóirí, fostaithe Europol agus na hoifigigh liaison ó aon ghníomhaíocht agus ó aon tuairim a nochtadh a d'fhágfadh máchail ar íomhá Europol nó a dhéanfadh dochar dá ghníomhaíocht.

2. Beidh de cheangal ar orgáin Europol, a gcomhaltaí, na Leas-Stiúrthóirí, fostaithe Europol agus na hoifigigh liaison, maille le gach duine eile atá faoi oibleagáid shainráite discréide nó rúndachta, gan fíorais ná faisnéis a nochtadh a bhfaigheann siad fios orthu i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna nó faoi chuimsiú a ngníomhaíochtaí d'aon duine neamhúdaraithe ná don phobal. Ní bheidh sé seo infheidhme ar fhíorais ná faisnéis nach gá a choimeád faoi rún de bharr a neamhthábhachta. Leanfaidh an oibleagáid discréide agus rúndachta fiú tar éis dóibh scor dá bhfeidhmeanna, dá bhfostaíocht nó dá ngníomhaíochtaí. Tabharfaidh Europol fógra faoin oibleagáid shonrach atá leagtha síos sa chéad abairt maille le fainic maidir le hiarmhairtí dlíthiúla aon sáraithe; tarraingeofar suas taifead i scríbhinn den fhógra sin.

3. Ní fhéadfaidh orgáin Europol, a gcomhaltaí, na Leas-Stiúrthóirí, fostaithe Europol, na hoifigigh liaison ná daoine eile atá faoin oibleagáid dá bhforáiltear i mír 2, fianaise a thabhairt ná ráiteas a dhéanamh le linn imeachtaí breithiúnacha nó neamhbhreithiúnacha ar aon fhíorais nó faisnéis a bhfuair siad fios orthu i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna nó faoi chuimsiú a ngníomhaíochtaí, gan an cheist a chur faoi bhráid an Stiúrthóra nó, más é an Stiúrthóir atá i dtreis, faoi bhráid an Bhord Bainistíochta.

Rachaidh an Stiúrthóir nó an Bord Bainistíochta, de réir mar is iomchuí, i gcomhairle leis an údarás breithiúnach nó le haon chomhlacht inniúil eile d'fhonn na bearta a ghlacadh is gá faoin dlí náisiúnta is infheidhme ar an gcomhlacht i dtrácht chun na rialacha mionsonracha maidir le fianaise a thabhairt a leasú ar mhaithe le rúndacht na faisnéise a áirithiú nó, más féidir sin faoin dlí náisiúnta, chun an páirtiú a bhaineann leis an bhfaisnéis a dhiúltú a mhéad is gá sin chun leasanna príomhordúla Europol nó Ballstáit a chosaint.

Má fhoráiltear i ndlí an Bhallstáit gur féidir diúltú fianaise a thabhairt, ní foláir do na daoine a n-iarrtar orthu fianaise a thabhairt cead a fháil fianaise a thabhairt. Is é an Stiúrthóir a thabharfaidh an cead; i gcás gurb é an Stiúrthóir a n-iarrtar air fianaise a thabhairt, is é an Bord Bainistíochta a thabharfaidh an cead. Nuair a iarrtar ar oifigeach liaison fianaise a thabhairt ar fhaisnéis a fhaigheann sé ó Europol, tabharfar an cead sin tar éis comhaontú a fháil ón mBallstát atá freagrach as an oifigeach i dtrácht.

Ina theannta sin, nuair is léir go gcuimseoidh an fhianaise faisnéis agus eolas a pháirtigh Ballstát nó a bhaineann go soiléir le Ballstát, ní foláir tuairim an Bhallstáit sin a fháil roimh an gcead a thabhairt.

Ní fhéadfar diúltú an cead a thabhairt chun fianaise a thabhairt ach a mhéad is gá sin ar mhaithe le cosaint na n-ardleasanna is gá a chosaint de chuid Europol nó an Bhallstáit nó na mBallstát i dtrácht.

Leanfaidh an oibleagáid sin fiú tar éis dóibh scor dá bhfeidhmeanna, dá bhfostaíocht nó dá ngníomhaíocht.

4. Roinnfidh gach Ballstát le haon sárú ar an oibleagáid discréide nó rúndachta atá leagtha síos i míreanna 2 agus 3 mar shárú ar a dhlí um rúin oifigiúla nó ghairmiúla nó a chuid forálacha maidir le hábhar rúndachta a chosaint.

Más iomchuí, bunóidh gach Ballstát ar dháta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm ar a dhéanaí na rialacha dlí náisiúnta nó na forálacha is gá d'fhonn sárú ar an oibleagáid discréide a ionchúiseamh nó an rúndacht dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a chosaint. Áiritheoidh sé go mbeidh na rialacha agus na forálacha sin infheidhme freisin ar a oifigigh féin a bhíonn i dteagmháil le hEuropol faoi chuimsiú a ngníomhaíochtaí.

Airteagal 33

Teangacha

1. Tíolacfar tuarascálacha agus gach páipéar agus doiciméadú eile a chuirtear faoi bhráid an Bhord Bainistíochta i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh; is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh teangacha oibre an Bhord Bainistíochta.

2. Is é lárionad aistriúcháin institiúidí an Aontais Eorpaigh a sholáthróidh na haistriúcháin is gá d'obair Europol.

Airteagal 34

Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas

1. Seolfaidh Uachtaránacht na Comhairle tuarascáil speisialta ar obair Europol chuig Parlaimint na hEorpa gach bliain. Rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa tráth aon leasaithe ar an gCoinbhinsiún seo.

2. I dtaca le Parlaimint na hEorpa, tabharfaidh Uachtaránacht na Comhairle, nó a hionadaí arna ainmniú ag an Uachtaránacht, aird ar na hoibleagáidí discréide agus rúndachta.

3. Beidh na hoibleagáidí dá bhforáiltear san Airteagal seo gan dochar do chearta na bparlaimintí náisiúnta, d'Airteagal K.6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus do na prionsabail ghinearálta is infheidhme ar an gcaidreamh le Parlaimint na hEorpa de bhun Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 35

Buiséad

1. Déanfar meastacháin ar ioncam agus caiteachas uile Europol, lena n-áirítear costais uile an Chomhchomhlachta Maoirseachta agus na rúnaíochta arna bunú aige de bhun Airteagal 24, a tharraingt suas do gach bliain airgeadais agus déanfar na míreanna sin a iontráil sa bhuiséad; cuirfear plean bunaíochta i gceangal leis an mbuiséad. Tosóidh an bhliain airgeadais ar an 1 Eanáir agus críochnóidh si ar an 31 Nollaig.

Ní foláir an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeántar sa bhuiséad a bheith ar comhardú.

Bunófar plean maoinithe cúig bliana mar aon leis an mbuiséad.

2. Maoineofar an buiséad as ranníocaíochtaí na mBallstát agus aon fho-ioncam eile. Cinnfear ranníocaíocht gach Ballstáit de réir choibhneas a olltáirgeachta náisiúnta le suim iomlán olltáirgeachtaí náisiúnta na mBallstát don bhliain roimh an mbliain ina mbunaítear an buiséad. Chun críocha na míre seo, ciallóidh ‘olltáirgeacht náisiúnta’ olltáirgeacht náisiúnta mar atá si sainithe i dTreoir ón gComhairle 89/130/CEE, Euratom an 13 Feabhra 1989 maidir le tiomsú na holltáirgeachta náisiúnta ag margadhphraghsanna a chomhchuibhiú.

3. Faoin 31 Márta gach bliain ar a dhéanaí, bunóidh an Stiúrthóir an dréachtbhuiséad agus an dréachtphlean bunaíochta don bhliain airgeadais ina dhiaidh agus, tar éis don Choiste Airgeadais iad a scrúdú, cuirfidh sé faoi bhráid an Bhord Bainistíochta iad mar aon leis an dréachtphlean maoinithe cúig bliana.

4. Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh ar an bplean maoinithe cúig bliana. Gníomhóidh sé d'aon toil.

5. Tar éis tuairim a fháil ón mBord Bainistíochta, déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, buiséad Europol a ghlacadh ar a dhéanaí faoin 30 Meitheamh den bhliain roimh an mbliain airgeadais. Gníomhóidh si d'aon toil. Glacfar buiséid fhorlíontacha agus cheartaitheacha ar an modh céanna. Béarfaidh glacadh an bhuiséid ag an gComhairle oibleagáid ar gach Ballstát na ranníocaíochtaí atá dlite uaidh a chur ar fáil in am trátha.

6. Cuirfidh an Stiúrthóir an buiséad i ngníomh i gcomhréir leis an rialachán airgeadais dá bhforáiltear i mír 9.

7. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó d'aon toil, rialtóir airgeadais; déanfaidh an rialtóir airgeadais faireachán ar cheangaltas agus eisíocaíochtaí an chaiteachais agus ar bhunú agus bailiú an ioncaim agus beidh sé freagrach don Bhord Bainistíochta. Féadfaidh an rialachán airgeadais foráil d'fhaireachán ex-post ag an rialtóir airgeadais i gcás míreanna áirithe ioncaim nó caiteachais.

8. Beidh ar an gCoiste Airgeadais ionadaí buiséadach amháin ó gach Ballstát. Beidh de chúram air pléití ar chúrsaí buiséadacha agus airgeadais a ullmhú.

9. Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an rialachán airgeadais a ghlacadh d'aon toil, ag sonrú go háirithe na rialacha mionsonraithe chun an buiséad a bhunú, a leasú agus a chur i ngníomh agus chun faireachán a dhéanamh ar a chur i ngníomh agus an dóigh ina n-íocfaidh na Ballstáit a gcuid ranníocaíochtaí.

Airteagal 36

Iniúchóireacht

1. Beidh na cuntais i leith gach ioncaim agus caiteachais arna n-iontráil sa bhuiséad mar aon leis an gclár comhardaithe ag taispeáint shócmhainní agus dhliteanais Europol faoi réir iniúchóireacht bhliantúil i gcomhréir leis an rialachán airgeadais. Chuige sin, tíolacfaidh an Stiúrthóir tuarascáil ar na cuntais bhliantúla ar a dhéanaí faoin 31 Bealtaine den bhliain ina dhiaidh.

2. Is comhchoiste iniúchóireachta ar a mbeidh triúr comhalta arna gceapadh ag Cúirt Iniúchóireachta na gComhphobal Eorpach ar thogra óna hUachtarán a dhéanfaidh an iniúchóireacht. Trí bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí sin; déanfaidh siad uainíocht ar a chéile ionas go ngabhfar ionad gach comhalta a bheidh tar éis bheith ar an gcoiste iniúchóireachta ar feadh trí bliana. Gan dochar d'fhorálacha an dara habairt, i gcéad-chomhdhéanamh an chomhchoiste iniúchóireachta tar éis d'Europol tús a chur lena fheidhmeanna a fheidhmiú, is é téarma oifige na gcomhaltaí a roghnófar trí chrannchur:

— an chéad chomhalta, dhá bhliain,

— an dara comhalta, trí bliana, agus

— an tríú comhalta, ceithre bliana.

Déanfar costais na hiniúchóireachta más ann dóibh a fhritháireamh i gcoinne an bhuiséid dá bhforáiltear in Airteagal 35.

3. Cuirfidh an comhchoiste iniúchóireachta tuarascáil iniúchóireachta ar chuntais na bliana roimhe faoi bhráid na Comhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach; roimhe sin, tabharfar caoi don Stiúrthóir agus don Rialtóir Airgeadais a gcuid tuairimí a thabhairt ar an tuarascáil iniúchóireachta agus déanfar an tuarascáil a phlé sa Bhord Bainistíochta.

4. Soláthróidh Stiúrthóir Europol do chomhaltaí an chomhchoiste iniúchóireachta gach faisnéis agus gach cúnamh is gá dóibh chun a gcúram a chomhall.

5. Is é an Chomhairle a thabharfaidh urscaoileadh don Stiúrthóir maidir leis an mbuiséad don bhliain i gceist a chur i ngníomh tar éis di an tuarascáil ar na cuntais bhliantúla a scrúdú.

6. Leagfar rialacha mionsonraithe don iniúchóireacht síos sa Rialachán Airgeadais.

Airteagal 37

Comhaontú ceanncheathrún

Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le soláthar d'Europol sa Stát ceanncheathrún agus maidir leis na saoráidí atá le soláthar ag an Stát sin maille leis na rialacha sonracha is infheidhme, i Stát ceanncheathrún Europol, ar chomhaltaí a orgáin, ar a Leas-Stiúrthóirí, ar a fhoireann agus ar bhaill teaghlaigh, leagfar síos iad i gcomhaontú ceanncheathrún idir Europol agus Ríocht na hÍsiltíre a thabharfar i gcrích tar éis formheas d'aon toil a fháil ón mBord Bainistíochta.

TEIDEAL VI

Dliteanas Agus Cosaint Dhlítheanach

Airteagal 38

Dliteanas maidir le próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí

1. Beidh gach Ballstát faoi dhliteanas i gcomhréir lena dhlí náisiúnta i leith aon damáiste a tharla do dhuine de bharr sonraí míchearta ó thaobh dlí nó fíorais a rinne Europol a stóráil nó a phróiseáil. Is é an Ballstát amháin inar tharla an teagmhas díobhálach a fhéadfaidh bheith ina ábhar do chaingean chúitimh ag an duine éagóraithe a rachaidh ar iontaoibh na gcúirteanna ag a bhfuil dlínse de bhun dhlí náisiúnta an Bhallstáit i dtrácht. Ní fhéadfaidh Ballstát a agairt gur sheol Ballstát eile sonraí míchearta chuige chun é féin a urscaoileadh ón dliteanas atá air faoina dhlí náisiúnta i leith an duine éagóraithe.

2. Más toradh na sonraí míchearta sin ó thaobh dlí nó fíorais ar shonraí a pháirtigh Ballstát amháin nó roinnt Ballstát go hearráideach nó trí mhainneachtain sna hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún seo nó a rinne Europol a stóráil nó a phróiseáil ar dhóigh neamhúdaraithe nó mhícheart, dlitear d'Europol nó de na Ballstáit sin na suimeanna arna n-íoc mar chúiteamh a aisíoc, arna iarraidh sin, murar bhain an Ballstát ar ar a chríoch a tharla an teagmhas díobhálach úsáid as na sonraí de shárú ar an gCoinbhinsiún seo.

3. Ní mór aon easaontas idir an Ballstát sin agus Europol nó Ballstát eile maidir le prionsabal nó méid na híocaíochta sin a chur faoi bhráid an Bhord Bainistíochta a ghníomhóidh trí thromlach dhá thrian.

Airteagal 39

Dliteanais eile

1. Beidh dliteanas conarthach Europol faoi rialú ag an dlí is infheidhme ar an gconradh i gceist.

2. I gcás dliteanas neamhchonarthach, is é Europol, gan spleáchas d'aon dliteanas de bhun Airteagal 38, a shlánóidh aon damáiste arbh iad a chuid orgán, a Leas-Stiúrthóirí nó a chuid fostaithe ba chúis leis i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, a mhéad is féidir an damáiste sin a chur ina leith. Ní eisiafaidh an fhoráil sin roimhe seo an ceart leorghníomhartha eile bunaithe ar reachtaíocht náisiúnta na mBallstát.

3. Beidh sé de cheart ag an duine éagóraithe a éileamh go staonfaidh Europol ó chaingean nó go scoirfidh sé di.

4. Déanfar cúirteanna náisiúnta na mBallstát a bhfuil dlínse acu chun na díospóidí ina mbeidh dliteanas Europol i gceist dá dtagraítear san Airteagal seo a chinneadh ag féachaint d'fhorálacha ábhartha Choinbhinsiún na Bruiséile an 27 Meán Fómhair 1968 ar Dhlínse agus ar Fhorghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála, mar atá arna leasú iardain leis na Coinbhinsiúin aontachais.

Airteagal 40

Díospóidí a réiteach

1. Ní foláir don Chomhairle aon díospóidí idir na Ballstáit maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo, a phlé mar chéad chéim i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach d'fhonn teacht ar réiteach.

2. Mura mbeidh réiteach ar na díospóidí sin faighte laistigh de thréimhse sé mhí, cinnfidh na Ballstáit is páirtithe sa díospóid, trí chomhaontú eatarthu féin, na rialacha mionsonraithe faoina ndéanfar na díospóidí i gceist a réiteach.

3. Beidh na forálacha maidir le hachomhairc dá bhforáiltear sna rialacháin a bhaineann le coinníollacha fostaíochta is infheidhme ar fhostaithe sealadacha agus cúntacha na gComhphobal Eorpach infheidhme mutatis mutandis ar fhoireann Europol.

Airteagal 41

Pribhléidí agus díolúintí

1. Beidh ag Europol, ag comhaltaí a orgán, agus ag Leas-Stiúrthóirí agus fostaithe Europol na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir le Prótacal ag leagan síos na rialacha atá le cur i bhfeidhm sna Ballstáit uile.

2. Comhaontóidh Ríocht na hÍsiltíre agus na Ballstáit eile sna téarmaí céanna go mbeidh ag oifigigh liaison ar iasacht ó Bhallstáit eile maille le baill a dteaghlaigh na pribhléidí agus díolúintí is gá chun cúraimí na n-oifigeach liaison laistigh d'Europol a chomhlíonadh go cuí.

3. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Prótacal dá dtagraítear i mír 1 agus glacfaidh na Ballstáit é i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

TEIDEAL VII

ForáLacha CríOchnaitheacha

Airteagal 42

Caidreamh le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí

1. A mhéad is fónta chun na feidhmeanna atá sainithe in Airteagal 3 a chomhall, déanfaidh Europol caidreamh comhair a bhunú agus a chothabháil le tríú comhlachtaí de réir bhrí phointí 1 go 3 d'Airteagal 10(4). Déanfaidh an Bord Bainistíochta rialacha ag rialú an chaidrimh sin a bhunú d'aon toil. Beidh an fhoráil seo gan dochar d'Airteagal 10(4) agus (5) agus d'Airteagal 18(2); ní dhéanfar sonraí pearsanta a mhalartú ach amháin i gcomhréir le forálacha Theidil II go IV den Choinbhinsiún seo.

2. A mhéad is gá chun na feidhmeanna atá sainithe in Airteagal 3 a chomhall, féadfaidh Europol caidreamh a bhunú agus a chothabháil freisin le tríú Stáit agus tríú comhlachtaí de réir bhrí phointí 4, 5, 6 agus 7 d'Airteagal 10(4). Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus tar éis tuairim a fháil ón mBord Bainistíochta, rialacha a bhunú ag rialú an chaidrimh dá dtagraítear sa chéad abairt. Beidh an tríú habairt de mhír 1 infheidhme mutatis mutandis.

Airteagal 43

An Coinbhinsiún a leasú

1. I gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thionscnamh ó Bhallstát agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta, cinneadh d'aon toil, faoi chuimsiú phointe 9 d'Airteagal K.l den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le haon leasuithe ar an gCoinbhinsiún seo a mholfaidh sí do na Ballstáit lena nglacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2. Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 45(2) den Choinbhinsiún seo.

3. Ar a shon sin, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a chinneadh ar thionscnamh ó Bhallstát agus tar éis don Bhord Bainistíochta é a scrúdú, sainmhínithe na bhfoirmeacha coirpeachta atá san Iarscríbhinn a shaibhriú, a leasú nó a chomhlánú. Féadfaidh sé freisin a chinneadh sainmhínithe nua de na foirmeacha coirpeachta sin a chur isteach.

4. Cuirfidh Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh dáta theacht i bhfeidhm na leasuithe in iúl do na Ballstáit uile.

Airteagal 44

Forchoimeádais

Ní bheidh forchoimeádais i leith an Choinbhinsiúin seo incheadaithe.

Airteagal 45

Teacht i bhfeidhm

1. Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscí go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Coinbhinsiún seo a ghlacadh comhlíonta acu.

3. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí a leanann an tréimhse trí mhí tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an Stát is Ballstát den Aontas Eorpach ar an dáta a ghlacfaidh an Chomhairle an Gníomh ag dréachtú an Choinbhinsiúin seo is déanaí a dhéanfaidh an beart sin.

4. Gan dochar do mhír 2, ní rachaidh Europol i mbun a ghníomhaíochtaí faoin gCoinbhinsiún seo go dtí go dtiocfaidh an ceann deiridh de na gníomhartha dá bhforáiltear in Airteagail 5(7), 10(1), 24(7), 30(3), 31(1), 35(9), 37 agus 41(1) agus (2) i bhfeidhm.

5. Nuair a rachaidh Europol i mbun a ghníomhaíochtaí, beidh deireadh le gníomhaíochtaí Aonad Drugaí Europol i gcomhréir le comhghníomhaíocht an 10 Márta 1995 maidir le hAonad Drugaí Europol. I gcomhthráth, tiocfaidh gach trealamh arna mhaoiniú ó chomhbhuiséad Aonad Drugaí Europol, arna fhorbairt nó arna tháirgeadh ag Aonad Drugaí Europol nó arna chur ar láimh dó saor ó tháille ag an Stát ceanncheathrún dá bhuanúsáid, mar aon le cartlann iomlán an Aonaid sin agus a chomhaid sonraí arna riar go neamhspleách aige chun bheith ina maoin ag Europol.

6. Amhail ón dáta a ghlacfaidh an Chomhairle an Gníomh ag dréachtú an Choinbhinsiúin seo, glacfaidh na Ballstáit, ag gníomhú go leithleach nó go comhpháirteach dóibh, na bearta ullmhúcháin uile faoina ndlí náisiúnta atá riachtanach do thús ghníomhaíochtaí Europol.

Airteagal 46

Aontachas Ballstát nua

1. Beidh aontachas leis an gCoinbhinsiún seo ar oscailt d'aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.

2. Is téacs údarásach téacs an Choinbhinsiúin seo i dteanga an Bhallstáit aontaigh, arna bhunú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

3. Taiscfear na hionstraimí aontachais leis an taiscí.

4. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir le Ballstát aontach ar an gcéad lá den mhí tar éis do thréimhse trí mhí a dhul in éag tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Choinbhinsiúin a theacht i bhfeidhm mura mbeadh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse trí mhí sin a dhul in éag.

Airteagal 47

Taiscí

1. Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Choinbhinsiúin seo.

2. Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach na fógraí, na hionstraimí nó na cumarsáidí a bhaineann leis an gCoinbhinsiún seo.

Dá fhianú sin, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an gCoinbhinsiún seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an séú lá is fiche dTúil sa bhliain míle naoi gcéad nócha a cúig, i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; déanfar an scríbhinn bhunaidh sin a thaisceadh i gcartlann Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

(Sínithe na Lánchumhachtach)

IARSCRÍBHINN

Dá DtagraíTear in Airteagal 2

Liosta de na saghsanna eile tromchúiseacha coirpeachta idirnáisiúnta a bhféadfadh Europol déileáil leo de bhreis orthu siúd dá bhforáiltear cheana in Airteagal 2(2) agus ag urramú chuspóir Europol mar atá sé sonraithe in Airteagal 2(1).

I gcoinne saol duine, i gcoinne na saoirse ó dhíobháil choirp agus na saoirse pearsanta:

— dúnbhású, mórdhíobháil choirp,

— ceannaíocht aindleathach in orgáin agus fíocháin dhaonna,

— fuadach, srianadh neamhdhleathach agus gialla a ghabháil,

— ciníochas agus seineafóibe.

I gcoinne maoine, i gcoinne sealúchas poiblí lena n-áirítear calaois:

— goid eagraithe,

— ceannaíocht aindleathach in earraí cultúrtha, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne,

— caimiléireacht agus calaois,

— cambheartaíocht agus sracadh,

— góchumadh agus píoráideacht táirgí,

— brionnú doiciméad riarthach agus ceannaíocht iontu,

— brionnú airgid agus modhanna íocaíochta,

— coirpeacht ríomhaire,

— corbadh.

Trádáil neamhdhlíthiúil agus dochar don chomhshaol:

— ceannaíocht aindleathach in airm, muinisean agus pléascaigh,

— ceannaíocht aindleathach i speicis ainmhithe i mbaol,

— ceannaíocht aindleathach i speicis agus cineálacha plandaí i mbaol,

— coirpeacht chomhshaoil,

— ceannaíocht aindleathach i substaintí hormónacha agus fástionscnóirí eile.

Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(2), beidh sé le tuiscint, má chuirtear de chúram ar Europol déileáil le haon cheann de na saghsanna coirpeachta atá liostaithe thuas, go mbeidh sé inniúil freisin chun déileáil leis na gníomhaíochtaí gaolmhara sciúrtha airgid agus leis na cionta coiriúla gaolmhara.

Maidir leis na saghsanna coirpeachta atá liostaithe in Airteagal 2(2) de réir bhrí an Choinbhinsiúin seo:

— ciallaíonn ‘coirpeacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha’ na cionta coiriúla atá liostaithe in Airteagal 7(1) den Choinbhinsiún um Chosaint Fhisiceach Ábhair Núicléach, a síníodh i Vín agus Nua-Eabhrac ar an 3 Márta 1980, agus a bhaineann leis na substaintí núicléacha agus/nó radaighníomhacha atá sainithe in Airteagal 197 de Chonradh CEFA agus i dTreoir 80/836/Euratom an 15 Iúil 1980 faoi seach,

— ciallaíonn ‘smugláil neamhdhlíthiúil imirceach’ gníomhaíochtaí a bheartaítear d'aon toisc chun a éascú, le haghaidh brabúis, do dhaoine iontráil, cónaí nó obair a dhéanamh ar chríocha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh atá contrártha do na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme sna Ballstáit,

— ciallaíonn ‘ceannaíocht i ndaoine’ duine a chur faoi smacht iarbhír agus neamhdhleathach daoine eile trí fhoréigean nó bagairtí a úsáid nó trí ghaol údaráis a mhí-úsáid nó trí inlíochtaí d'fhonn gabháil le dúshaothrú meirdreachais, foirmeacha dúsh-aothraithe chollaí agus ionsaí ar mhionaoisigh nó tráchtáil i ndáil le leanaí a thréigean,

— ciallaíonn ‘coirpeacht a bhaineann le gáinneáil mhótarfheithiclí goidte’ mótarfheithiclí, leoraithe, leathleantóirí, ualaí leoraithe nó leathleantóirí, busanna, gluaisrothair, carbháin agus feithiclí talmhaíochta, feithiclí oibre, agus páirteanna spártha d'fheithiclí den sórt sin a ghoid nó a mhídhílsiú, agus réada den sórt sin a ghlacadh agus a cheilt,

— ciallaíonn ‘sciúradh neamhdhlíthiúil airgid’ na cionta coiriúla atá liostaithe in Airteagal 6(1) go (3) de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú a dhéanamh ar na Faltais ó Choirpeacht, a síníodh in Strasbourg ar an 8 Samhain 1990.

Déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla na saghsanna coirpeachta dá dtagraítear in Airteagal 2 agus san Iarscríbhinn seo a mheasúnú i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann siad.