I.R. Uimh. 168/1993 -An tOrdú Staidrimh (Fiosrúcháin Faoi Sheirbhísí), 1993.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d' Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1939), agus leis an Ordú Staidrimh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1993 (I.R. Uimh. 41 de 1993), ordaímse, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú Staidrimh (Fiosrúcháin faoi Sheirbhísí), 1993, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le fiontair a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí a sholáthar a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo.

4. Baileofar staidreamh (dá ngairtear "an staidreamh" san ordú seo) gach blian, ag tosú leis an mbliain dar tús an lú lá d'Eánáir, 1993, i leith na bliana roimhe sin agus, i gcás sonraí faoi fhostríocht, i leith na bliana reatha agus na bliana roimh sin, ar staidreamh é i dtaobh na nithe éagsúla a shonraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo agus maidir leis na fiontair lena mbaineann an tOrdú seo.

5. Is í an fhoirm a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú treoir i scríbhinn ag iarraidh eolais a bhaineann leis na nithe a shonraítear i gCuid II den sceideal a ghabhann lei san Ordú seo agus tabharfar an t-eolas tríd an bhfoirm a sholáthrófar a líonadh nó a chomhlánú ar shlí eile nó tríd an eolas a chur ar fáil i bhfoirm den tsamhail chéanna.

6. Is é an duine a sheolann an fiontar, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi alt 8 den Acht Staisistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas uaidh, chun críocha an staidrimh, maidir le haon fhiontar lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

Seirbhísí

Seirbhísí na Trádála Imdháilte (i.e. na Trádálacha Miondíola agus Mórdhíola)

Earraí nua agus úsáidte a athdhíol (díol gan athrú). Áirítear díol earraí ar bhonn coimisiúin chomh maith le Tithe Tábhairne agus Garáistí.

Seirbhísí nach Seirbhísí Imdháilte

Seirbhísí pearsanta (e.g. gruagaireacht, seirbhísí bialainne), siamsaíochta (e.g. Pictiúrlanna, geallghlacadóireacht) agus gnó (e.g. fógraíocht, seirbhísí dlíthiúla) a sholáthar.

CUID II

Ábhar an staidrimh a bhaileofar

( a ) Tuairisc ghinearálta ar an ngníomhaíocht ghnó.

( b ) Sonraí i dtaobh na bpríomhearnálacha earraí agus seirbhísí a sholáthraíonn an fiontar.

( c ) Sonraí i dtaobh na bliana cuntasaíochta a áirítear sa tuairisceán.

( d ) Sonraí i dtaobh na láimhdeachas an fhiontair.

( e ) Sonraí i dtaobh na gcánacha neamhdhíreacha a d'íoc an fiontar nó is iníoctha aige.

( f ) Sonraí i dtaobh na gceannachán earraí agus seirbhísí ag an bhfiontar.

( g ) Sonraí i dtaobh leibhéil stoic an fhiontair.

( h ) Sonraí i dtaobh sócmhainní caipitiúla an fhiontair agus athruithe orthu.

( i ) Sonraí i dtaobh phá agus thuarastail agus chostais saothair eile an fhiontair.

( j ) Sonraí i dtaobh na ndaoine atá ar fostú san fhiontar.

( k ) Sonraí i dtaobh an líon fochuideachtaí, brainsí agus easraisí atá ag an bhfiontar sa Stát.

( l ) Sonraí i dtaobh na foirme dlíthiúla trína n-eagraítear an gnó.

( m ) Sonraí i dtaobh infheistíochta sa ghnó, mar aon le mionsonraí i dtaobh oll-lamháil na gníomhaíochta.

( n ) Sonraí i dtaobh allmhairí agus onnmhairí an fhiontair.

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh, an 18ú lá seo de Meitheamh 1993.

NOLLAIG Ó DÍOMASAIGH,

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

Is é cuspóir don ionstraim seo a chumasú fiosrúchán reachtúil a dhéanamh in aghaidh na bliana maidir leis an earnáil seirbhísí Imdháilte agus Neamh-imdháilte. Tuairiscítear léi scóip agus ábhar an Fiosrúcháin agus na daoine a dhéanfaidh na tuairisceáin.