I.R. Uimh. 102/1993 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1993


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don Taoiseach le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949), ar cumhachtaí iad sin a tharmligtear chugamsa leis an Ordú Staidrimh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 1993 (I.R. Uimh. 41 de 1993) ordaímse, NOLLAIG Ó DÍOMASAIGH, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1993, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le gach gnóthas san earnáil phríobháideach atá aicmithe i roinn 5 d'Aicmiú Tionscail Ginearálta na Gníomhaíochta eacnamaíochta laistigh de na Comhphobail Eorpacha (NACE) agus atá ag gabháil do ghníomhaíochta agus tógála agus do cheirdeanna gaolmhara agus do ghníomhaíochtaí eile den chineál céanna aon tráth sa bhliain 1992.

4. Baileofar staidreamh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo) sa bhliain 1993 maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.

5. Is í an fhoirm a thaispeántar i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo an fhoirm a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú, agus tá sraith díobhsin, séalaithe le Séala Oifigúil an Taoisigh, taiscthe i Roinn an Taoisigh.

6. Is é an duine a sheolann an gnóthas, agus ar a ndéanfar leor-éileamh faoi alt 8 den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

Is leis an mbliain 1992 a bhaineann an méid sa Chuid seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt), maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 den Acht Staitistíochta, 1926.

Caithfear na sonraí atá sonraithe in Uimhir 1 go hUimhir 11 den Chuid seo a sholáthar ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid II den Sceideal seo ag uimhir thagartha 1, i leith gach fiontair ina raibh 20 duine nó níos mó fostaithe i rith na seachtaine dar chríoch 12 Meán Fómhair, 1992.

Uimh. 1 - Sonraí an Fhiontair.

( a ) Tuairisc ar an bpríomh-chineál oibre a dhéantar.

( b ) (i) Ainm dlíthiúil an fhiontair, agus (ii) ainm trádála (murab ionann).

Uimh. 2 - An bhliain chuntasaíochta lena mbaineann an tuairisceán.

Uimh. 3 - Athruithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana.

Méaduithe agus laghduithe ar na sócmhainní caipitiúla dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Gléasra, innealra agus trealamh (gan feithiclí a áireamh) a suiteáladh.

( b ) Feithiclí.

( c ) Obair fhoirgníocchta agus tógála a rinne fostaithe an fhiontair.

( d ) Foirgnimh chríochnaithe.

( e ) Talamh (nár tógadh air).

( f ) Na sócmhainní caipitiúla dochta go léir eile.

Uimh. 4 - Stoic agus Obair ar Siúl.

Luach na stoc agus na hoibre, ar siúl i dtús agus i ndeireadh na bliana, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Stoic d'ábhair, comhpháirteanna agus breoslaí.

( b ) Obair ar siúl.

( c ) Stoic d'earraí críochnaithe a rinne an fiontar agus a bhí ullamh chun a ndíola.

( d ) Stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

Uimh. 5 - Láimhdeachas.

Láimhdeachas, iomlán an fhiontair i gcaitheamh na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Obair a rinneadh mar phríomh-chonraitheoir (lena n-áirítear obair a rinne fochraitheoirí don fhiontar) agus idirdhealú a dhéanamh idir obair fhoirgníochta agus obair thógála eile.

( b ) Obair a rinneadh mar fhochonraitheoir.

( c ) Earraí a tháirg an fiontar agus (i) a díoladh i rith na bliana nó (ii) a cuireadh le stoic i ndeireadh na bliana.

( d ) Earraí a athdhíoladh gan tuilleadh próiseála.

( e ) Gach mír eile láimhdeachais.

Uimh. 6 - Ceannach Ábhar, Breoslaí agus Leictreachais.

Sonraí i dtaobh chostas na n-ábhar, na mbreoslaí agus an leictreachais uile a ceannaíodh.

Uimh. 7 - Íocaíochtaí le Fochonraitheoirí i gcaitheamh na bliana.

Íocaíochtaí ar obair a rinneadh don fhiontar ag gnólachtaí eile ar chonarthaí a foligeadh chucu i ndáil leis an obair a n-éilítear sonraí ina taobh faoi Uimhir 5 thuas, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Íocaíochtaí ar obair a rinne daoine a bhí ag obair de réir fochonartha saothair amháin; agus

( b ) Íocaíochtaí ar obair a rinne gach fochonraitheoir eile.

Uimh. 8 - Earraí Eile agus Seirbhísí a Ceannaíodh.

Earraí eile agus seirbhísí a ceannaíodh agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Seirbhísí tionsclaíocha a soláthraíodh don fhiontar ag daoine eile.

( b ) Earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

( c ) Gléasra, innealra, scafall, trealamh agus feithiclí a fhruiliú agus a léasú.

( d ) Cíosanna a íocadh ar áitribh.

( e ) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra, ar fheithiclí agus ar áitribh.

( f ) Muirir bhainc (gan muirir úis a áireamh).

( g ) Na hearraí agus na seirbhísí neamhthionsclaíocha go léir eile (gan díluacháil agus drochfhiacha a áireamh).

Uimh. 9 - Cánacha Indíreacha.

( a ) Cáin bhreisluacha:

(i) CBL ar láimhdeachas iomlán an fhiontair.

(ii) CBL inasbhainte nó inghnóthaithe a d'íoc an fiontar, nó is iníoctha aige, ar a cheannacháin (lena n-áirítear CBL a íocadh ar allmhairí ag an tráth taifeadta):

— d'Earraí agus Seirbhísí

— de Shócmhainní caipitiúla.

( b ) Cánacha indíreacha eile:

(i) Dleacht máil (intíre) a íocadh nó is iníoctha.

(ii) Cánacha indíreacha eile a íocadh nó is iníoctha.

Uimh. 10 - Fostaíocht agus Olltuilleamh.

( a ) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó as láthair go sealadach i rith na seachtaine pá dar chríoch 12 Meán Fómhair, 1992, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, agus idirdhealú a dhéanamh idir na haicmí seo a leanas:

(i) Dílseánaigh agus baill den teaghlach ag obair san fhiontar agus nach n-íoctar pá nó tuarastal seasta leo.

(ii) Foireann bhainisteoireachta agus theicniúil agus foireann eile ar tuarastal (lena n-áirítear stiúrthóirí oibre).

(iii) Foireann chléireachais agus foireann eile oifige:

— Mná

— Fir.

(iv) Bunfhoireann mhaoirseachta (lena n-áirítear saoistí agus maoir).

(v) Oibrithe oilte.

(vi) Printísigh.

(vii) Oibrithe neamhoilte nó breacoilte:

— ar rátaí pá aosach

— ar rátaí pá ógánach.

(viii) Daoine a bhí ag obair de réir fochonartha "saothar amháin".

( b ) Méid iomlán an olltuillimh a íocadh i rith na bliana, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(i) Fostaithe bainisteoireachta agus cléireachais; agus

(ii) Foireann mhaoirseachta agus oibrithe.

Uimh. 11 - Costais saothair eile.

Méid na muirear nó na gcostas a d'íoc an fiontar i rith na bliana i leith na bhfostaithe uile mar gheall ar:

( a ) Ranníocaí fostóra leis an scéim árachais shóisialaigh phá-choibhneasa.

( b ) Íocaíochtaí iomarcaíochta.

( c ) Costais oiliúna.

( d ) Ranníocaí fostóirí le cistí aoisliúntas agus scéimeanna pinsin eile.

( e ) Préimheanna árachais a íocadh thar ceann fostaithe le haghaidh tinnis nó gortaithe.

( f ) Íocaíochtaí comhcineáil le fostaithe agus costais shóisialta eile.

CUID II

Foirmeacha atá le húsáid ag bailiú an Staidrimh

Uimh. Thag.

Foirm Uimh.

Do ghnóthais a n-éilítear an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí, a fhorordaítear sa chuid thíosluaite den Sceideal seo, ina dtaobh:

1.

C.B.C. 92 c

Cuid I

ARNA THABHAIRT faoi mo Láimh, an 20ú lá seo d'Aibreán 1993.

NOLLAIG Ó DÍOMASAIGH,

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil don bhliain 1992, míniú a thabhairt ar réimse an Mhóráirimh agus a cheangal tuairisceáin a thabhairt don Phríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh na ngnóthas uile ar eisíodh na foirmeacha forordaithe ina leith.