I.R. Uimh. 81/1993 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail), 1993.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóm le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949), ordaimse, NOLLAIG Ó DIOMASAIGH, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis mar seo a leanas:

1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail), 1993, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 37), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo leis na gnóthais seo a leanas, is é sin le rá, na tionscail, na ceirdeanna agus na gnóthaí a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo.

4. Baileofar staidreamh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo) maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo don bhliain 1991 agus do thréimhsí bliantúla ina dhiaidh sin.

5. Is é an duine a sheolann an gnóthas, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas, chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.

6. Maidir leis an éileamh a bheidh le tabhairt nó le seirbheáil faoi alt 8 den Acht Statistíochta, 1926, beidh sé i bhfoirm treorach scríofa ag iarraidh eolas iomchaí den chineál a shonraítear i gCuid II den sceideal a ghabhann leis an Ordú seo agus féadfar an t-eolas a sholáthar trí spásanna iomchuí a líonadh isteach ar an treoir a chuirtear ar fáil de bhun an ordaithe seo nó trína leagan amach ar dhóigh éigin eile clóite nó scríofa.

AN SCEIDEAL

Cuid I

TIONSCAIL, CEIRDEANNA AGUS GNÓTHAÍ

Fuinneamh agus uisce:

Baint ghuail agus mhóna, astarraingt ola agus gáis nádúrtha (lena n-áirítear ullmhú láithreán) mar aon le sirtheoireacht nó taiscéalaíocht i ndáil leis an gcéanna, ola mhianrúil a mhín-ghlanadh agus fuinneamh leictreach a ghiniúint, a tharchur agus a dháileadh, déanhamh gáis in oibreacha gáis, soláthar agus dáileadh uisce.

Mianraí nach dtáirgeann fuinneamh:

Mianraí nach dtáirgeann fuinneamh agus táirgí díobh a astarraingt agus a phróiseáil agus sirtheoireacht nó taiscéalaíocht i ndáil leis an gcéanna (lena n-áirítear ullmhú láithreán).

Tionscail déantúsaíochta:

Substaintí, idir orgánach agus neamhorgánach, a chlaochlú go meicniúil nó go ceimiciúil ina dtáirgí nua, mar aon leis an obair dheisiúcháin atá gaolmhar leis sin agus cóimeáil comhpháirteanna de tháirgí déantúsaíochta.

Cuid II

ÁBHAR AN EOLAIS ATÁ LE BAILIÚ

(1) Sonraí faoin ngnóthas lena mbaineann an tuairisceán.

(2) Sonraí faoi luach na sócmhainní caipitiúla dochta a fuair an gnóthas agus a dhiúscair sé i rith na bliana.

(3) Sonraí faoi luach na stoc agus na hoibre ar siúl ag an ngnóthas ag tús agus ag deireadh na tréimhse lena mbaineann.

(4) Sonraí faoi luach an láimhdeachais a shonraisc an gnóthas i rith na bliana.

(5) Sonraí faoi luach na gceannachán a rinne an gnóthas i rith na bliana.

(6) Sonraí faoi luach na cánach breisluacha (CBL) a dhlíonn an gnóthas a íoc i rith na bliana.

(7) Sonraí faoi luach an chánacha neamhdhíreacha eile a dhlíonn an gnóthas a íoc i rith na bliana.

(8) Sonraí faoi luach na bhfóirdheontas oibríochta a fuair an gnóthas i rith na bliana.

(9) Sonraí faoin líon daoine ar fostú sa ghnóthas maidir le seachtain thagartha shonraithe i rith na bliana.

(10) Sonraí faoi luach an olltuillimh a d'íoc an gnóthas le fostaithe i rith na bliana.

(11) Sonraí faoi luach na gcostas saothair eile a thabhaigh an gnóthas i rith na bliana.

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh, an 23ú lá seo de Márta, 1993.

NOLLAIG Ó DÍOMASAIGH,

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Is é is cuspóir don ionstraim seo a chumasú Móráireamh reachtúil ar Tháirgeadh Tionscail a dhéanamh ina aghaidh na bliana. Cuirtear síos inti ar scóip agus ar ábhar an Mhóráirimh agus ar na daoine a thabharfaid na tuairisceáin.