I.R. Uimh. 47/1993 -Ordú naGaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1993.


Ar iarratas ón Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:

1. Ordú na Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1993, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta a thugtar dó de réir na nAchtanna nó faoi na hAchtanna a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a tharmligean chun Pádraig Ó Gallchóir Cope, Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.

AN SCEIDEAL

Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1979.

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956).

An tAcht um Bord na Gaeilge, 1978 (Uimh. 14 de 1978).

Na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1989.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 9 lá seo de

Feabhra, 1993.

ALBERT REYNOLDS,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Déantar cumhachtaí agus dualgais shonraithe an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta a tharmligean leis an Ordú seo chun an Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.