I.R. Uimh. 126/1991 -An tOrdú Staidrimh (Áireamh Talmhaíochta), 1991.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le hailt 11 agus 16 den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949), ordaímse, CATHAL S. Ó hEOCHAIDH, Taoiseach, leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú Staidrimh (Áireamh Talmhaíochta), 1991, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúichdin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. San Ordú seo—

ciallaíonn "an tAcht" an tAcht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926);

ciallaíonn "gabháltas talmhaíochta" nó "feirm" aonad singil, bíodh sé ina aon chuid amháin nó ina chodanna scartha óna chéile, a bhfuil a fhoinse saothair agus a mhodh táirgthe féin aige, ina bhfuil bainisteoireacht shingil agus a tháirgíonn táirgí talmhaíochta;

ciallaíonn "an staidreamh" staidreamh maidir le gabháltais talmhaíochta a shonraítear in Airteagal 4 den Ordú seo.

4. Baileofar staidreamh a bhaineann leis na hábhair seo a leanas, arb iad seo a leanas is cineál agus gné dó agus amhail an dáta seo a leanas, is é sin le rá:

( a ) achair talún ar úinéireacht, achair talún ar cíos, achair talún faoi choillte agus faoi fháschoillte, achair talún nach talamh talmhaíochta agus achair talún atá á saothrú;

( b ) aistriú, díol agus ligean talún;

( c ) suíomh na talún ar úinéireacht agus príomhláthair na feirme;

( d ) úsáid na talún a shaothraítear;

( e ) beostoc agus éanlaith chlóis ar seilbh;

( f ) gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta a sheoltar ar ghabháltas talmhaíochta;

( g ) feirmeoireacht orgánach;

( h ) oibrithe feirme agus an t-am a chaitheann na hoibrithe ar fheirmeoireacht;

( i ) an cleachtas maidir le cuntais a choimeéad agus an traenáil atá faighte ag an mbainisteoir feirme;

( j ) úinéireacht na talún a fháil agus ilroinnt an limistéir a shaothraítear;

( k ) úsáid coimíneachta ag gabháltas talmhaíochta;

( l ) úinéireacht agus fruiliú innealra talmhaíochta;

ar an lú lá de Mheitheamh, 1991.

5. Déanfar an fhoirm atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a úsáid chun an staidreamh a bhailiú.

6. Is iad seo a leanas na daoine nó na haicmí daoine a thabharfaidh faisnéis chun críche an staidrimh, is é sin le rá:

( a ) úinéir aon talún arb é atá ann gabháltas talmhaíochta iomlán nó cuid de ghabháltas talmhaíochta;

( b ) aon duine eile a bheidh, de bhua aon chonartha nó de bhua aon chomhaontaithe, sainráite nó intuigthe, i dteideal aon talamh, arb é atá ann gabháltas talmhaíochta iomlán nó cuid de ghabháltas talmhaíochta, a úsáid chun sochar dó féin;

( c ) aon duine a mbeidh aon talamh ar gabháltas talmhaíochta é diúscartha aige aon tráth ón lú lá de Mheitheamh, 1980, i leith; ar a mbeidh éileamh dleathach déanta ag oifigeach staidrimh arna cheapadh faoi alt 11 den Acht chun críocha an Ordaithe seo.

7. Is oifigigh staidrimh a cheapfar faoi alt 11 den Acht chun críocha an Ordaithe seo a dhéanfaidh an staidreamh a bhailiú agus beidh gach oifigeach staidrimh a cheapfar amhlaidh ceaptha agus aitheanta mar Oifigeach Ceangail Áirimh, mar Mhaoirseoir Réigiúin Áirimh, mar Mhaoirseoir Seachtrach Áirimh nó mar Áiritheoir Áirimh, de réir mar a bheidh.

8. Is san fhoirm a shonraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a bheidh gach ceapachán oifigigh staidrimh chun críocha an Ordaithe seo.

9. Ní bheidh feidhm ag an Ordú um Oifigigh Staitistíochta (Ceapachán), 1926, maidir le ceapadh daoine mar oifigigh staidrimh chun críocha an Ordaithe seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

Airteagal 5

Foirm 1 — Áireamh Talmhaíochta, Meitheamh 1991.

Form 1 — Census of Agriculture, June 1991.

CUID II

Airteagal 8

An tAcht Staitistíochta, 1926

An tOrdú Staidrimh (Aireamh Talmhaíochta), 1991

Tá ............................................................ ............................................................ .......................... ceaptha mar oifigeach staidrimh de bhun an Achta sin thuas agus chun críocha an Ordaithe sin agus Oifigeach Ceangail Áirimh/Maoirseoir Réigiúin Áirimh/Maoirseoir Seachtrach Áirimh/Áiritheoir Áirimh a ghairfear de/di i ndáil le bailiú an staidrimh a shonraítear san Ordú sin.

Síniú

............................................................ .....

Grád

............................................................ .....

Síniú an Oifigigh Staidrimh

An Phríomh-Oifig Staidrimh

............................................................ ....................

............................................................ ..............1991

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil an 29ú lá seo de Bhealtaine, 1991.

CATHAL S. Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.