I.R. Uimh. 111/1991 -Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rúdacht Maidir le Staitisticí), 1991.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 3 d' Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d' Aistriú), 1949 (I. R. Uimh. 142 de 1949), agus chun éifeacht a thabhairt do Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 an 11 Meitheamh, 1990, ón gComhairle*, déanaimse, CATHAL S. Ó hEOCHAIDH, Taoiseach, leis seo na Rialacháin seo a leanas:

1. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rúndacht maidir le Staitisticí), 1991, is teideal do na Rialacháin seo.

2. Tiocfaidh na Rialacháin seo I ngníomh an 24ú lá de Aibreán, 1991.

3. Aon duine a sháróidh Airteagal 5.5 de Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 an 11 Meitheamh, 1990, ón gComhairle, beidh sé ciontach I gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneál nach mó ná £1,000 a chur air.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an 24ú lá seo de Aibreán, 1991.

CATHAL S. Ó, hEOCHAIDH

, Taoiseach.

*I.O. Uimh. L151, 15.6.1990, 1. 1-4.