Contractual Obligations (Applicable Law) Act, 1991

THIRD SCHEDULE

The text in the Irish language of the 1980 Convention

Section 2 .

COINBHINSIÚN AR AN DLÍ IS INFHEIDHME MAIDIR LE hOIBLEAGÁIDÍ CONARTHACHA

BROLLACH

TÁ NA hARD-PHÁIRTITHE CONARTHACHA sa Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa,

ÓS É A MIANGAS leanúint ar aghaidh sa réim dlí idirnáisiúnta phríobháidigh le hobair aontúcháin an dlí atá déanta cheana féin sa Chomhphobal, go háirithe maidir le dlínse agus le breithiúnais a fhorghníomhú,

ÓS É A dTOILMHIAN rialacha comhionanna a bhunú i dtaobh an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

TEIDEAL I

RÉIM AN CHOINBHINSIÚIN

Airteagal 1

Réim an Choinbhinsiúin

1. Bainfidh rialacha an Choinbhinsiúin seo le hoibleagáidí conarthacha i ndálaí ina dtarlaíonn neamhréireacht dlíthe.

2. Ní bhainfidh siad:

(a) le stádas ná le hinniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha, gan dochar d'Airteagal 11;

(b) le hoibleagáidí conarthacha a bhaineann:

—le huachtanna agus comharbas;

—le cearta maoine de dhroim gaoil phósta;

—le cearta agus dualgais de dhroim gaoil teaghlaigh, tuisteachta, pósta nó cleamhnais, agus oibleagáidí cothabhála maidir le leanaí nach bhfuil dlisteanach á gcur san áireamh;

(c) le hoibleagáidí de dhroim billí malairte, seiceanna, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile sa mhéid gurb ó shoshanntacht na n-ionstraimí eile sin a eascraíonn na hoibleagáidí a thagann díobh;

(d) le comhaontuithe eadrána ná le comhaontuithe maidir le rogha cúirte;

(e) le ceisteanna a bhaineann le dlí cuideachtaí agus comhlachtaí corpraithe nó neamhchorpraithe eile, ar nós bunú, tríchlárú nó eile, inniúlacht dhlíthiúil, eagraíocht inmheánach nó foirceannadh cuideachtaí agus comhlachtaí corpraithe nó neamhchorpraithe eile agus dliteanas pearsanta oifigeach agus comhaltaí, sa cháil sin dóibh, i leith oibleagáidí na cuideachta nó an chomhlachta;

(f) leis an gceist an bhféadann gníomhaire ceangal a shnadhmadh idir príomhaí, nó an bhféadann orgán ceangal a shnadhmadh idir cuideachta nó comhlacht corpraithe nó neamhchorpraithe agus tríú páirtí;

(g) le comhdhéanamh iontaobhas agus leis an ngaol idir socraitheoirí, iontaobhaithe agus tairbhithe;

(h) le fianaise agus nós imeachta, gan dochar d'Airteagal 14.

3. Ní bhaineann rialacha an Choinbhinsiúin seo le conarthaí árachais a chumhdaíonn fiontair atá suite i gcríocha Bhallstáit Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. D'fhonn a chinneadh an bhfuil fiontar suite sna críocha sin cuirfidh an chúirt a dlí inmheánach i bhfeidhm.

4. Ní bhaineann an mhír sin roimhe seo le conarthaí athárachais.

Airteagal 2

Feidhmiú dlí Stát neamhchonarthach

Cuirfear aon dlí a shonraítear leis an gCoinbhinsiún seo chun feidhme cibé acu is dlí nó nach dlí de chuid Stáit Chonarthaigh é.

TEIDEAL II

RIALACHA COMHIONANNA

Airteagal 3

Saoirse rogha

1. Beidh conradh á rialú ag an dlí a roghnóidh na páirtithe. Ní foláir an rogha a bheith sainráite nó léirithe le cinnteacht réasúnach ag téarmaí an chonartha nó imthosca an cháis. Dá rogha féin, féadfaidh na páirtithe an dlí a roghnú is infheidhme i leith iomlán an chonartha nó aon chuid de.

2. Féadfaidh na páirtithe aontú am ar bith an conradh a chur faoi dhlí seachas an dlí a rialaigh é roimhe sin, cibé acu de thoradh rogha níos luaithe faoin Airteagal seo nó de thoradh forálacha eile de chuid an Choinbhinsiúin seo. Aon athrú a dhéanfaidh na páirtithe ar an dlí is infheidhme agus a rinneadh tar éis an conradh a dhéanamh beidh sé gan dochar do bhailíocht fhoirmiúil an chonartha de réir bhrí Airteagal 9 agus ní dhéanfaidh sé díobháil do chearta tríú páirtithe.

3. I gcás dlí eachtrach a bheith roghnaithe ag na páirtithe, bíodh nó ná bíodh binse eachtrach ag gabháil leis mar rogha, ní dhéanfaidh sin dochar do fheidhmiú rialacha dhlí na tíre sin nach ceadmhach a mhaolú le conradh, dá ngairtear “rialacha sainordaitheacha” anseo feasta, nuair nach mbeidh baint ach le tír amháin ag eilimintí eile go léir na staide áirithe tráth déanta na rogha.

4. Déanfar marthain agus bailíocht thoiliú na bpáirtithe i leith roghnú an dlí is infheidhme a chinneadh de réir fhorálacha Airteagail 8, 9 agus 11.

Airteagal 4

An dlí is infheidhme cheal rogha

1. Sa mhéid nach mbeidh an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh roghnaithe de réir Airteagal 3, beidh an conradh á rialú ag dlí na tíre sin a bhfuil an ceangal is dlúithe aige léi. Mar sin féin féadfaidh cuid inscartha den chonradh a bhfuil baint níos dlúithe aici le tír eile a bheith, i ndálaí eisceachtúla, á rialú ag dlí na tíre eile sin.

2. Faoi réir fhorálacha mhír 5 den Airteagal seo, toimhdeofar an bhaint is dlúithe a bheith ag an gconradh leis an tír ina bhfuil, tráth déanta an chonartha, gnáthchónaí ar an bpáirtí a dhlíonn an comhlíonadh is sainiúil don chonradh a dhéanamh nó, i gcás comhlacht corpraithe nó neamhchorpraithe, a bhfuil a lárionad riaracháin aige inti. Ach má dhéantar an conradh i gcúrsa gnó nó gairme an pháirtísin, is í an tír sin an tír ina bhfuil an príomh-ionad gnó nó, más rud é, faoi théarmaí an chonartha, go mbeidh an conradh le comhlíonadh trí ionad gnó seachas an príomh-ionad gnó, is í an tír í ina bhfuil an t-ionad gnó eile sin.

3. D'ainneoin fhorálacha mhír 2 den Airteagal seo, sa mhéid gur ceart ar mhaoin dhochorraithe nó ceart maoin dhochorraithe a úsáid is ábhar don chonradh, toimhdeofar an bhaint is dlúithe a bheith ag an gconradh leis an tír ina bhfuil an mhaoin dhochorraithe.

4. Ní bheidh conradh chun earraí a iompar faoi réir na toimhdean i mír 2. I gconradh den sórt sin toimhdeofar an bhaint is dlúithe a bheith ag an gconradh leis an tír ina bhfuil, tráth déanta an chonartha, a phríomh-ionad gnó ag an iompróir más í an tír sin freisin an tír ina bhfuil an t-ionad lastála nó an t-ionad dílastála nó príomh-ionad gnó an choinsíneora. I bhfeidhmiú na míre seo áireofar páirtithe cairte aonaistir agus conarthaí eile arb é is príomhaidhm dóibh earraí a iompar mar chonarthaí chun earraí a iompar.

5. Ní bheidh feidhm ag mír 2 mura féidir an comhlíonadh is sainiúil don chonradh a chinneadh agus ní thabharfar aird ar thoimhdeana mhíreanna 2, 3 agus 4 má dhealraíonn sé as na dálaí go huile go bhfuil baint níos dlúithe ag an gconradh le tír eile.

Airteagal 5

Conarthaí áirithe maidir le tomhaltóirí

1. Baineann an tAirteagal seo le conarthaí arb é is cuspóir dóibh earraí nó seirbhísí a sholáthar do dhuine (“an tomhaltóir”) chun úsáide a fhéadfar a mheas a bheith lasmuigh dá ghnó nó dá ghairm, nó le conarthaí chun creidmheas a chur ar fáil le haghaidh an chuspóra sin.

2. D'ainneoin fhorálacha Airteagal 3, ní thiocfaidh de thoradh as rogha dlí arna déanamh ag páirtithe go gceilfear ar an tomhaltóir an chosaint a thugtar dó le rialacha sainordaitheacha dhlí na tíre ina bhfuil a ghnáthchónaí aige:

—má rinneadh, sa tír sin, roimh dhéanamh an chonartha, sainchuireadh a dhíriú chuige nó fógraíocht, agus má rinne sé sa tír sin gach beart ba ghá dó chun an conradh a dhéanamh, nó

—má fuair an páirtí eile nó a ghníomhaire ordú an tomhaltóra sa tír sin, nó

—má bhaineann an conradh le díol earraí agus más amhlaidh gur thaistil an tomhaltóir ón tír sin go dtí tír eile agus gur ordaigh sé na hearraí inti, ar chuntar gur eagraigh an díoltóir turas an tomhaltóra d'fhonn é a spreagadh chun na hearraí a cheannach.

3. D'ainneoin fhorálacha Airteagal 4, beidh conradh a mbaineann an tAirteagal seo leis á rialú, cheal rogha de réir Airteagal 3, ag dlí na tíre ina bhfuil a ghnáthchónaí ag an tomhaltóir, má théitear faoi sna dálaí a thuairiscítear i mír 2 den Airteagal seo.

4. Ní bhainfidh an tAirteagal seo:

(a) le conradh iompair;

(b) le conradh maidir le seirbhísí a sholáthar nuair nach bhfuil na seirbhísí le soláthar don tomhaltóir ach amháin i dtír seachas an tír ina bhfuil a ghnáthchónaí aige.

5. D'ainneoin fhorálacha mhír 4, bainfidh an tAirteagal seo le conradh a sholáthraíonn taisteal agus lóistín le chéile ar tháille uile-ghabhálach.

Airteagal 6

Conarthaí leithleacha fostaíochta

1. D'ainneoin fhorálacha Airteagal 3, i gconradh fostaíochta ní thiocfaidh de thoradh as rogha dlí arna déanamh ag páirtithe go gceilfear ar an bhfostaí an chosaint a thugtar dó le rialacha sainordaitheacha an dlí ab infheidhme faoi mhír 2 cheal rogha.

2. D'ainneoin fhorálacha Airteagal 4 agus cheal rogha de réir Airteagal 3, beidh conradh fostaíochta á rialú:

(a) ag dlí na tíre ina ndéanann an fostaí a chuid oibre de ghnáth ag comhlíonadh an chonartha, fiú má aistrítear go sealadach chuig tír eile é; nó

(b) mura ndéanann an fostaí a chuid oibre de ghnáth in aon tír áirithe, ag dlí na tíre ina bhfuil a ionad ag an ngnó a d'fhostaigh é;

mura ndealraíonn sé as na dálaí go huile go bhfuil baint níos dlúithe ag an gconradh le tír eile, agus, sa chás sin, beidh an conradh á rialú ag dlí na tíre sin.

Airteagal 7

Rialacha sainordaitheacha

1. Nuair a bheidh feidhm á tabhairt do dhlí thír áirithe faoin gCoinbhinsiún seo, féadfar éifeacht a thabhairt do rialacha sainordaitheacha dhlí tíre eile a bhfuil dlúthbhaint ag an staid léi, más éigean, agus a mhéid is éigean, faoi dhlí na tíre deireanaí sin, na rialacha sin a chur chun feidhme gan féachaint don dlí is infheidhme maidir leis an gconradh. Nuair a bheidh breithniú á dhéanamh i dtaobh éifeacht a thabhairt do na rialacha sainordaitheacha sin, caithfear aird a thabhairt ar a gcineál agus ar a n-aidhm agus fós ar an toradh a thiocfadh as a bhfeidhmiú nó a neamhfheidhmiú.

2. Ní chuirfidh aon ní sa Choinbhinsiún seo srian le feidhmiú rialacha dhlí an fhóraim i dtoisc inar rialacha sainordaitheacha iad is cuma cén dlí is infheidhme maidir leis an gconradh.

Airteagal 8

Bailíocht ábhartha

1. Déanfar marthain agus bailíocht conartha, nó aon téarma de chuid conartha, a chinneadh de réir an dlí ab infheidhme faoin gCoinbhinsiún seo dá mba rud é gur bhailí don chonradh nó don téarma.

2. Mar sin féin, féadfaidh páirtí dul i muinín dhlí na tíre ina bhfuil a ghnáthchónaí aige chun a shuíomh nár thug sé a thoiliú má dhealraíonn sé as na dálaí nár réasúnach éifeacht iompar an pháirtí sin a chinneadh de réir an dlí a sonraíodh sa mhír sin roimhe seo.

Airteagal 9

Bailíocht fhoirmiúil

1. Tá bailíocht fhoirmiúil ag conradh arna dhéanamh ag daoine sa tír chéanna má shásaíonn sé ceanglais fhoirmiúla an dlí lena rialaítear é faoin gCoinbhinsiún seo nó dhlí na tíre ina ndéantar é.

2. Tá bailíocht fhoirmiúil ag conradh arna dhéanamh ag daoine i dtíortha éagsúla má shásaíonn sé ceanglais fhoirmiúla an dlí lena rialaítear é faoin gCoinbhinsiún seo nó dhlí cheann de na tíortha sin.

3. Nuair is gníomhaire a dhéanann an conradh, is í an tír ina ngníomhaíonn an gníomhaire an tír nach foláir féachaint di i bhfeidhmiú mhíreanna 1 agus 2.

4. Tá bailíocht fhoirmiúil ag gníomh a mbeartaítear éifeacht dhlíthiúil a bheith aige i ndáil le conradh atá marthanach nó ionchasach má shásaíonn sé ceanglais fhoirmiúla an dlí lena rialaítear nó lena rialófaí an conradh sin faoin gCoinbhinsiún seo nó dhlí na tíre ina ndearnadh an gníomh.

5. Ní bhainfidh forálacha na míreanna sin roimhe seo le conradh lena mbaineann Airteagal 5, arna dhéanamh sna dálaí a thuairiscítear i mír 2 d'Airteagal 5. Is é dlí na tíre ina bhfuil a ghnáthchónaí ag an tomhaltóir a rialaíonn bailíocht fhoirmiúil chonradh den sórt sin.

6. D'ainneoin mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo, beidh conradh a bhaineann le ceart ar mhaoin dhochorraithe nó ceart maoin dhochorraithe a úsáid faoi réir cheanglas sainordaitheach foirme dhlí na tíre ina bhfuil an mhaoin sin más rud é, de réir an dlí sin, go bhforchuirtear na ceanglais sin cibé ar bith tír ina ndéantar an conradh agus cibé ar bith dlí lena rialaítear an conradh.

Airteagal 10

Réim an dlí is infheidhme

1. An dlí is infheidhme maidir le conradh de bhua Airteagail 3 go 6 agus 12 den Choinbhinsiún seo, rialóidh sé go háirithe:

(a) forléiriú an chonartha;

(b) comhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann leis;

(c) faoi réim theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar don chúirt lena dlí nós imeachta, iarmhairtí de dhroim sárú na n-oibleagáidí sin, lena n-áirítear measúnú damáistí sa mhéid go bhfuil sin á rialú ag rialacha dlí;

(d) na modhanna éagsúla chun oibleagáidí a mhúchadh, maille le rúradh agus teorannú caingne;

(e) a dtiocfaidh de neamhníocht an chonartha.

2. Sa mhéid a bhaineann le modh comhlíonta an chonartha, lena n-áirítear na bearta a bheidh le glacadh i gcás é a chomhlíonadh go huireasach, féachfar do dhlí na tíre ina ndéantar an comhlíonadh.

Airteagal 11

Neamhinniúlacht

Maidir le conradh a rinneadh idir daoine sa tír chéanna, ní fhéadfaidh aon duine nádúrtha a bheadh inniúil faoi dhlí na tíre sin a neamhinniúlacht de dhroim dlí eile a agairt ach amháin más rud é, tráth déanta an chonartha, gurbh eol don pháirtí eile sa chonradh an neamhinniúlacht sin nó gur de dheasca faillí nárbh eol dó í.

Airteagal 12

Sannadh saorálach

1. Beidh comhoibleagáidí sannóra agus sannaí faoi shannadh saorálach cirt in aghaidh duine eile (“an féichiúnaí”) á rialú ag an dlí a bhaineann, faoin gCoinbhinsiún seo, leis an gconradh idir an sannóir agus an sannaí.

2. An dlí a rialaíonn an ceart lena mbaineann an sannadh, cinnfidh sé a insanntacht, an gaol idir an sannaí agus an féichiúnaí, na coinníollacha faoinar féidir an sannadh a agairt in aghaidh an fhéichiúnaí agus aon cheist i dtaobh oibleagáidí an fhéichiúnaí a bheith urscaoilte.

Airteagal 13

Seachaíocht

1. I gcás éileamh conarthach a bheith ag duine (“an creidiúnaí”) ar dhuine eile (“an féichiúnaí”), agus go bhfuil de dhualgas ar thríú duine an creidiúnaí a shásamh, nó go bhfuil an creidiúnaí sásaithe aige iarbhír i gcomhlíonadh an dualgais sin, is é an dlí lena rialaítear dualgas an tríú duine chun an creidiúnaí a shásamh a chinnfidh cé acu atá an tríú duine i dteideal na cearta sin a fheidhmiú in aghaidh an fhéichiúnaí a bhí ag an gcreidiúnaí in aghaidh an fhéichiúnaí faoin dlí lena rialaítear a gcomhbhaint agus, má tá, cé acu an go hiomlán nó go páirteach a fhéadfaidh sé é sin a dhéanamh.

2. Tá feidhm ag an riail chéanna i gcás daoine éagsúla a bheith faoi réir an éilimh chonarthaigh chéanna agus an creidiúnaí a bheith sásaithe ag duine acu.

Airteagal 14

Dualgas cruthúnais, etc.

1. Beidh feidhm ag an dlí lena rialaítear an conradh faoin gCoinbhinsiún seo sa mhéid go mbeidh, faoi dhlí conarthaí, rialacha ann a bhunaíonn toimhdeana dlí nó a chinneann an dualgas cruthúnais.

2. Féadfar conradh nó gníomh a mbeartaítear éifeacht dlíthiúil a bheith aige a chruthú le haon mhodh cruthúnais a aithnítear le dlí an fhóraim nó le haon cheann de na dlíthe dá dtagraítear in Airteagal 9 faoina bhfuil bailíocht fhoirmiúil ag an gconradh nó ag an ngníomh sin, ar choinníoll gur féidir leis an bhfóram an modh cruthúnais sin a riaradh.

Airteagal 15

Renvoi a eisiamh

Ciallaíonn feidhmiú dlí aon tíre a fhorordaítear leis an gCoinbhinsiún seo feidhmiú rialacha an dlí ag a bhfuil feidhm sa tír sin seachas a rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh.

Airteagal 16

“Ordre public”

Ní féidir diúltú do riail dlí aon tíre a shonraítear leis an gCoinbhinsiún seo ach amháin nuair is follas nach bhfuil an feidhmiú sin ag luí le beartas poiblí (“ordre public”) an fhóraim.

Airteagal 17

Gan éifeacht chúlghabhálach

I Stát Conarthach bainfidh an Coinbhinsiún seo le conarthaí a dhéanfar tar éis an dáta a tháinig an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir leis an Stát sin.

Airteagal 18

Forléiriú comhionann

Nuair a bheidh na rialacha comhionanna sin roimhe seo á bhforléiriú agus á bhfeidhmiú, féachfar dá ngné idirnáisiúnta agus dá mhéid is inmhianaithe é comhionannas a bhaint amach maidir lena bhforléiriú agus lena bhfeidhmiú.

Airteagal 19

Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu

1. Nuair a chuimsítear i Stát aonaid chríche leithleacha a bhfuil a rialacha dlí féin ag gach aonad díobh i dtaobh oibleagáidí conarthacha, féachfar ar gach aonad críche mar thír chun go n-aithneofaí an dlí is infheidhme faoin gCoinbhinsiún seo.

2. Stát a bhfuil a rialacha dlí féin ag aonaid chríche éagsúla ann i dtaobh oibleagáidí conarthacha, ní bheidh de cheangal air an Coinbhinsiún seo a chur chun feidhme ar neamhréireachtaí idir dlíthe na n-aonad sin namá.

Airteagal 20

Tosaíocht ag dlí Comhphobail

Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear d'fheidhmiú a leagann síos, i ndáil le hábhair áirithe, rialacha um neamhréireacht dlíthe maidir le hoibleagáidí conarthacha agus atá nó a bheidh ar áireamh i ngníomhartha Institiúidí na gComhphobal Eorpach nó i ndlíthe náisiúnta a comhchuibhíodh ag cur na ngníomhartha sin chun feidhme.

Airteagal 21

An bhaint le coinbhinsiúin eile

Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo dochar d'fheidhmiú choinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhfuil nó a mbeidh Stát Conarthach ina pháirtí iontu.

Airteagal 22

Forchoimeádais

1. Féadfaidh aon Stát Conarthach, tráth an Choinbhinsiúin seo a shíniú, a dhaingniú, a ghlacadh nó a fhormheas, an ceart a fhorchoimeád chun nach bhfeidhmeodh sé:

(a) forálacha mhír 1 d'Airteagal 7;

(b) forálacha mhír 1 (e) d'Airteagal 10.

2. Fairis sin, féadfaidh aon Stát Conarthach, ag fógairt fairsingiú ar an gCoinbhinsiún dó de réir mhír 2 d'Airteagal 27, ceann amháin nó breis de na forchoimeádais sin a dhéanamh le héifeacht nach sroichfidh ach na críocha nó roinnt de na críocha dá dtagraítear san fhairsingiú.

3. Féadfaidh aon Stát Conarthach forchoimeádas a rinne sé a tharraingt siar am ar bith; ní bheidh tuilleadh feidhme ag an bhforchoimeádas sin ón gcéad lá den tríú mí féilire tar éis an tarraingt siar a chur in iúl.

TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 23

1. Más rud é, tar éis dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm maidir le Stát Conarthach, gur mian leis an Stát sin aon riail nua um neamhréireacht dlíthe a ghlacadh maidir le haon earnáil áirithe conarthaí a thagann laistigh de raon feidhme an Choinbhinsiúin seo, cuirfidh sé scéala faoina bhfuil ar intinn aige, trí Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach, chuig na Stáit eile a shínigh an Coinbhinsiún.

2. Féadfaidh aon Stát a shínigh an Coinbhinsiún, laistigh de shé mhí ó dháta an scéala a chur chuig an Ard-Rúnaí, a iarraidh air comhchomhairliúcháin a shocrú idir na Stáit a shínigh an Coinbhinsiún d'fhonn teacht ar chomhaontú.

3. Mura mbeidh, laistigh den tréimhse sin, comhchomhairliúcháin iarrtha ag aon Stát a shínigh an Coinbhinsiún nó más rud é, laistigh de dhá bhliain tar éis an scéala a chur chuig an Ard-Rúnaí, nach mbeidh aon chomhaontú déanta sna chomhchomhairliúcháin, féadfaidh an Stát Conarthach áirithe a dhlí a leasú amhail mar a bheidh curtha in iúl. Cuirfear na bearta a bheidh glactha ag an Stát sin i bhfios, trí Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach, do na Stáit eile a shínigh an Coinbhinsiún.

Airteagal 24

1. Más rud é, tar éis dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm maidir le Stát Conarthach, gur mian leis an Stát sin a bheith ina pháirtí i gcoinbhinsiún iltaobhach arb é is príomhaidhm dó, nó arb é ceann dá phríomhaidhmeanna, rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a leagan síos maidir le haon cheann de na hábhair atá á rialú ag an gCoinbhinsiún seo, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 23. Sa chás sin, áfach, laghdófar go dtí bliain amháin an tréimhse dhá bhliain dá dtagraítear sa tríú mír den Airteagal sin.

2. Ní gá cloí leis an nós imeachta dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo más páirtí cheana féin sa choinbhinsiún iltaobhach Stát Conarthach nó ceann de na Comhphobail Eorpacha, nó más é is cuspóir dó athchóiriú a dhéanamh ar choinbhinsiún ar páirtí ann cheana féin an Stát lena mbaineann, nó más coinbhinsiún é a tugadh chun críche faoi chuimsiú na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 25

Má mheasann Stát Conarthach go dtéann comhaontuithe a tugadh i gcrích agus nach bhforáiltear dóibh i mír 1 d'Airteagal 24 chun dochair don aontacht atá bainte amach leis an gCoinbhinsiún seo, féadfaidh an Stát sin a iarraidh ar Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach comhchomhairliúcháin a shocrú idir na Stáit a shínigh an Coinbhinsiún seo.

Airteagal 26

Féadfaidh aon Stát Conarthach athchóiriú ar an gCoinbhinsiún seo a iarraidh. Sa chás sin, tionólfaidh Uachtarán Chomhairle na gComhphobal Eorpach comhdháil athchóiriúcháin.

Airteagal 27

1. Bainfidh an Coinbhinsiún seo le críocha Eorpacha na Stát Conarthach, lena n-áirítear an Ghraonlainn, agus le críoch uile Phoblacht na Fraince.

2. D'ainneoin mhír 1:

(a) ní bhainfidh an Coinbhinsiún seo le hOileáin Fharó, mura ndéanfaidh Ríocht na Danmhairge dearbhú dá mhalairt;

(b) ní bhainfidh an Coinbhinsiún seo le haon chríoch Eorpach atá lasmuigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil an Ríocht Aontaithe freagrach ina caidreamh eachtrach, mura ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe dearbhú dá mhalairt i leith na críche áirithe sin;

(c) bainfidh an Coinbhinsiún seo le hAintillí na hÍsiltíre, má dhéanann Ríocht na hÍsiltíre dearbhú chuige sin.

3. Féadfar na dearbhuithe sin a dhéanamh am ar bith trí fhógra a thabhairt d'Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

4. Imeachtaí a thionscnófar sa Ríocht Aontaithe ar achomharc ó chúirteanna i gceann de na críocha dá dtagraítear i bhfómhír (b) de mhír 2, measfar gur imeachtaí iad atá ar siúl sna cúirteanna sin.

Airteagal 28

1. Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt chun a shínithe ón 19 Meitheamh 1980 ag na Stáit is páirtithe sa Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.

2. Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasa ag Stáit a shínithe. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin, glactha nó foimheasa le hArd-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 29

1. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm an chéad lá den tríú mí tar éis an seachtú hionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasa a thaisceadh.

2. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, maidir le gach Stát sínitheach a dhaingneoidh, a ghlacfaidh nó a fhormheasfaidh é ar dháta is faide amach, an chéad lá den tríú mí tar éis a ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasa a thaisceadh.

Airteagal 30

1. Fanfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm go ceann deich mbliana ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm de réir mhír 1 d'Airteagal 29, flú maidir le Stáit a dtiocfaidh sé i bhfeidhm níos déanaí ina leith.

2. Déanfar an Coinbhinsiún a athnuachan go tostach gach cúig bliana mura séanfar é.

3. Beidh ar Stát Conarthach ar mian leis séanadh a dhéanamh fógra a thabhairt d' Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach sé mhí ar a laghad sula mbeidh an tréimhse deich mbliana nó cúig bliana, cibé acu é, caite. Féadfar an séanadh a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le críoch ar fairsingíodh an Coinbhinsiún chuici trí dhearbhú faoi mhír 2 d'Airteagal 27.

4. Ní bheidh éifeacht ag an séanadh ach amháin i ndáil leis an Stát a d'fhógair é. Fanfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm amhail idir na Stáit Chonarthacha eile go léir.

Airteagal 31

Tabharfaidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach fógra do na Stáit is páirtithe sa Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i dtaobh na nithe seo a leanas:

(a) na sínithe;

(b) taisceadh gach ionstraime daingniúcháin, glactha nó formheasa;

(c) dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm;

(d) na cumarsáidí de bhun Airteagail 23, 24, 25, 26, 27 agus 30;

(e) na forchoimeádais agus tarraingt siar na bhforchoimeádas dá dtagraítear in Airteagal 22.

Airteagal 32

Is cuid dhílis den Choinbhinsiún seo an Prótacal atá i gceangal leis.

Airteagal 33

Tarraingíodh an Coinbhinsiún seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis agus comhúdarás ag na téacsanna sin; taiscfear é i gcartlann Ardrúnaíocht Chomhairle na gComhphobal Eorpach. Cuirfidh an tArd-Rúnaí cóip dheimhnithe de chuig Rialtas gach ceann de Stáit a shínithe.

PRÓTACAL

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA tar éis comhaontú ar an bhforáil seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gCoinbhinsiún:

D'AINNEOIN fhorálacha an Choinbhinsiúin, féadfaidh an Danmhairg an fhoráil atá leagtha amach i mír 169 den “Søloven” (Reacht ar an Dlí Muirí) maidir leis an dlí is infheidhme i leith ceisteanna a bhaineann le hiompar earraí ar muir a choinneáil agus féadfaidh sí an fhoráil sin a athchóiriú gan cloí leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 23 den Choinbhinsiún.