I.R. Uimh. 234/1990 -Na Rialacha i dTaobhCoistí Gairm-Oideachais (Liútais do Chomhaltaí), (Leasú), 1990.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 6 (4) den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1947 (Uimh. 1 de 1947), arna leasú le halt 5 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1962 (Uimh. 28 de 1962), déanaimse, MARY O' ROURKE, Aire Oideachais, leis seo, na Rialacha seo a leanas:—

1. Na Rialacha i dtaobh Coistí Gairm-Oideachais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1990, is teideal do na Rialacha seo.

2. Measfar gur tháinig na Rialacha seo i ngníomh an lú lá de Eanair, 1990.

3. Sna Rialacha seo ciallaíonn "Rialacha 1984" na Rialacha i dtaobh Coistí Gairm-Oideachais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1984 (I. R. Uimh. 60 de 1984).

4. Leasaítear leis seo na Rialacha i dtaobh Coistí Gairm-Oideachais (Liúntais do Chomhaltaí), 1963 (I. R. Uimh. 114 de 1963)—

( a ) trí "£13.50" a chur in ionad "£10.45" (a cuireadh isteach le Rialacha 1984) i Riail 3 (a)

( b ) trí "£18.00" a chur in ionad "£14.45" (a cuireadh isteach le rialacha 1984), i riail 3 (b) agus

( c ) trí "£20.00" a chur in ionad "£15.40" (a cuireadh isteach le rialacha 1984), i riail 4.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil an 28 lá seo de

Meán Fómhair, 1990.

MARY O' ROURKE,

Aire Oideachais.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Rialaítear leis na Rialacha seo na liúntais a bheidh le híoc le comhaltaí de choistí gairmoideachais contae agus le comhaltaí d'fhochoistí ceadaithe de chuid na gcoistí contae sin i leith a bhfreastail ar chruinnithe de na coistí contae nó de na fochoistí ceadaithe sin.