I.R. Uimh. 104/1989 -An tOrdú um Údarás na Gaeltachta (An Lá Vótaíochta). 1989
I bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dom le Rialachán 6 de na Rialachán um Thoghcháin Údarás na Gaeltachta, 1979 (I.R. Uimh. 355 de 1979), déanaimse, CATHAL Ó hEOCHAIDH, Aire na Gaeltachta, leis seo an tOrdú seo a leanas: 1. An tOrdú um Údarás na Gaeltachta (An Lá Vótaíochta) 1989, is teideal don Ordú seo. 2. Déanfar an vótaíocht i dtoghchán faoi Chuid IV den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 (Uimh. 5 de 1979), an 15ú lá de Mheitheamh, 1989, agus leanfaidh sí ar feadh na tréimhse dar tús 9 a.m. agus dar críoch 9 p.m. | ||
ARNA THABHAIRT faoi no Shéala Oifigiúil an 11ú lá seo de Bhealtaine, 1989. | ||
CATHAL Ó hEOCHAIDH TD, | ||
Aire na Gaeltachta. | ||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN | ||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é). | ||
Leis an Ordú seo socraítear gur ar an 15 Meitheamh, 1989, a dhéanfar an vótaíocht i dtoghchán faoi Chuid IV den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979. |