|
Leasú ar alt 23 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979.
|
2.—Leasaítear leis seo alt 23 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, trí “£80,000,000” a chur in ionad “£60,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1987) i bhfoalt (4) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
|